Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £124,041 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1939, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a sum not exceeding £124,041 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1939, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.
Sé £4,682,309 meastachán iomlán an chaiteachais i gcomhair na bliadhna 1938/39 ar na Seirbhísí Oideachais fé Bhótaí 45 go 50 agus an dá bhóta sin a chur san áireamh, .i. Oifig an Aire, Bun-Oideachas, Meadhon-Oideachas, Céard-Oideachas, Eoluidheacht agus Ealadhain, Sgoltacha Ceartúcháin agus Sgoltacha Saothair. Is ionann sin agus £193,661 de bhreis, nó beagán le cois 4 per cent. ar an bhfigiúr i gcomhair na bliadhna 1931/32.
Is ar bhótaí an Mheadhon-Oideachais agus an Chéard-Oideachais is mó a tháinic méadú.
Má cuirtear na figiuirí i gcomhair na bliadhna 1938/39 i gcomparáid leis na figiuírí i gcomhair na bliadhna roimhesin sé iomlán na sé bhótaí i gcomhair oideachais don bhliadhain 1938/39 £4,682,309, agus sé an t-iomlán don bhliadhain roimhe sin £4,635,508; sin árdú do réir a haon fá'n gcéad.
Tá £7,873 de árdú tagtha ar an bhóta i gcomhair Oifig an Aire Oideachais. Sé an t-árdú a tháinic ar bhonus an chostais bheatha is ughdar le tuairim £6,800 de sin.
Tá £15,539 níos lugha riachtanach i mbliadhna ná mar bhí anuraidh i gcomhair Bun-Oideachais. Sé an laghdú a tháinic ar an uimhir dáltai agus an sábháilt a bhí ar thuarastail Múinteoirí dá chionn is ughdar leis sin. Sábháileadh £4,430 de bharr an laghdú a tháinic ar an uimhir mac léighinn ins na Coláistí Ullmhúcháin. Ta an meastachán i gcomhair pensiúin múinteoirí £9,900 níos lugha i mbliadhna ná mar bhí anuraidh mar go ndearnadh meastachán ro-árd i gcomhair na bliadhna 1937/38. Tá an caiteachas ar phensiúin ag dul i méid 'chuile bhliadhain, ach tháinic laghdú neamh-ghnáthach le gairid ar an uimhir atá ag dul amach ar phensiún.
Ar an taobh eile den sgéal meastar go gcosnóchaidh na riaghlacha nua atá ann, agus fá na dtugtar deontaisí le sgoltaca a théidheadh agus a ghlanadh, £30,000 san mbliadhan 1938/39. £14,400 a chosainn san sa mbliadhain 1937/38.
Tá £12,085 d'árdú le tabhairt fá deara i gcás an Mheadhon-Oidheachais.
Tá £36,003 níos mó ag teastail i gcomhair Céard-Oideachais i mbliadhna ná mar bhí sa mbliadhan 1837/38. Siad na deontaisí do sgoltacha Gairme Beatha (£285,547 in aghaidh £252,678) is ughdar le na fhurmhór sin. Tá £645 de mhéadú tar éis teacht ar na síntiúisí i gcomhair pensiúin agus deolchairí agus tá £1,135 de mhéadú tagtha ar dheontaisí i gcomhair aisíoc iasachta le Céard-Sgoltaca agus Sgoltacha Gairm-Oideachais nua a thógáil. Rachaidh an caiteachas i gcomhair an dá nidh sin i méid sa ngáth-shlighe go ceann roinnt bhliadhan.
I gcomparáid leis an gcéad mheastachán glan don bhliadhain 1937/38 beidh £6,534 de bhreis ag teastáil i mbliadhna i gcomhair bhóta na hEoluidheachta agus na hEaladhna, ach má hairmhightear an Meastachán Breise de £9,500 a bhí ann le gairid i ngeall ar chostaisí nach raibh súil leo agus a bhain le foillseacháin Ghaedhilge, beidh an figiúr i gcomhair na bliadhna seo £2,966 níos lugha ná figiur na bliadhna anuraidh. £15,000 an meastachán atá déanta i gcomhair na bliadhna 1938/39 le leabhra Gaedhilge a sholáthar. £22,500 an costas a bhí ann i gcomhair na bhliadhna 1937/38 (agus an Meastachán Breise a áireamh).
Beidh costas breise £3,001 ann de bharr ceapachán sa mbreis a rinneadh san Árd-Mhusaeum, sa Leabharlainn Náisiúnta, agus i gColáiste Náisiúnta na nEaladhan agus de bharr an ardú (£1,138) a tháinic ar bhonus an Chostais Bheatha. Tá £1,000 sa mbreis de dheontas le tabhairt i mbliadhna do Choimisiún Bhéal-Oideasa Éireann. Tá sábháilt bheag de £155 le tabhairt fá deara sa Bhóta i gcomhair Sgoltacha Ceartúcháin agus Saothair. Tagann athrú ar an gcaiteachas ina chomhair sin do réir an uimhir malrach a cuirtear fá chúram na sgol sin. Tá an uimhir atá ins na Sgoltacha Ceartúcháin ag méadú beagán (150 in aghaidh 115) agus tá an uimhr 'sna Sgoltacha Saothair agus in áiteacha coinneála beagán níos lugha.
Scéim na bPainéal: Is iomdha athrú tábhachtach a rinneadh ar na seirbhísí oideachais le bliadhanta gairide ach, gan aimhreas ar bith, sé an ceann is tábhachtaighe de na hathruighthe sin an ceann a chuir deire leis an neamh-sheasmhacht a bhain leis an bposta atá ag oidí bunsgoile. Is sa mbliadhain 1937 a tháinic an t-athrú tábhachtach sin i bhfeidhm. Is mar seo a cinneadh ar an athrú a dhéanamh: Tar éis do Chumann Cliar-Bhainisteoirí Caitliceacha na hÉireann comhairle a ghlacadh le hÁrd-Chomhairle Chumann Oidí Bhun-Sgoile na hÉireann cheapadar molta áirithe le n-ar aontuigh Easbuig na hÉireann maraon le hionadaidhthe oideachais na bProtastún. Chuireadar na molta sin os comhair Aire an Oideachais. Bhí de thoradh air sin go ndearnadh athrú bunudhasach ar na riaghlacha oifigeamhla ón gcéad lá d'Eanair 1937, ionnus nach mbeadh baoghal feasta go mbrisfí as a bposta oidí conganta agus fó-mhaighistreásaí conganta nó go laghdóchthaí tuarastal príomh-oidí de bharr laghdú a theacht ar an meadhon-tinnreamh i n-a gcuid sgol.
Ní stoptar feasta tuarastal oidí conganta ná fo-mhaighistreásaí conganta nuair a thuiteas an meadhon-tinnreamh fá'n uimhir atá riachtanach le na bhfágáil ins an bposta. On gcéad lá de Dheire Foghmhair, 1937, tá painéil deoighse agus painéil aitheanta eile bunuighthe i n-a bhfuil ainmneacha oidí a mbaineann an cás leo. Fágtar na hoidí sin i n-a bposta agus íoctar a dtuarastal leo nó go mbíonn malairt postaí feileamhnacha le tairiscint dóibh i sgoltacha eile. Rinne an socrú sin athrú bun barr ar choingheallacha seirbhíse na n-oidí. Rinne sé seasta i n-a bpostaí iad ionnus nach gádh feasta d'oidí conganta agus d'fhó-mhaighis-treásaí conganta atá ar fostú i sgoltacha i n-a bhfuil an meadhon-tinnreamh ag tuitim imnidhe a bheith orra go gcaillfe siad a bpostaí.
Foirgnimh Sgoile: I rith na bliadhna airgeadais 1936-7 ceaduigheadh £227,900 a thabhairt ina dheontaisí le bun-sgoltacha a thógáil agus a fheabhsú. Tugadh na deontaisí sin le 48 sgoil nua a thógáil ina mbeadh slighe do 8,820 dalta, le 14 sgoil díobh sin a bhí ann cheana a fhairsingiú ionnus go mbeadh spás ionnta do 1,139 dalta sa mbreis agus le feabhas a chur ar 315 sgoil eile ó thaobh a ndéanaimh, an trosgáin, etc.
As meastachán caiteachais de £1,203,990 do ceaduigheadh i rith na gcúig mbliadhan dár críoch 31adh Márta, 1937, £883,150 a thabhairt le 196 sgoil nua a thógáil, le 131 de na sgoltacha a bhí ann cheana a fhairsingiú agus le feabhas a chur ar 1,276 sgoil.
Taisbeánann na figiúirí sin an dul chun cinn atá déanta agus atáthar a dhéanamh le feabhas a chur ar na sgoltacha i gcoitchinne. Cé is moite do Condae-bhuirg Atha Cliath, áit ina bhfuil deacrachtaí fá leith de bharr a bhfuil an Bárdas agus dreamanna eile ag tógáil de thighthe nuadha, atá sgoltacha measardha sásmhail anois ins na bailte móra agus ins na cathracha tríd is tríd. Is iontuigthe, ámhthach, ó thuairiscí na nDochtúr Oifigeamhail Condae agus ó thuairiscí Cigirí na Roinne nach bhfuil an sgéal chomh sásamhail sin i gcuid de na ceanntair tuaithe. Is iomdha áit sa tír ina bhfuil sgoltacha lochtacha fós agus tá múinteoireacht dá dhéanamh i sgoltacha nach bhfuil déanamh feileamhnach ortha agus atá lochtach ó thaobh folláinteachta. Ins na cásanna sin táthar dá chur i dtuisgint do na bainisteoirí an gádh atá le sgoltacha nuadha a chur ar fagháil nó le feabhas a chur ar na cinn atá ann. Tógfa sé tamall, ámhthach, an riaráiste a ghlanadh, gan trácht chor ar bith ar sgoltacha nuadha a chur ar fagháil in áit na gceann a théigheas as úsáid in aghaidh na bliadhna. Is maith is eol don Roinn an deifir atá leis an sgéal, ach tá constaicí ann atá ag coinneáil cúl ar an obair. Ceann de na constaicí sin, agus ní hé an ceann is lugha é, a dheacra is a bhíos sé go minic ar bhainisteoirí láthracha feileamhnacha a fhagháil i gcomhair sgol. Is minic a bhíos sé deacair ortha, freisin, an cuidiú airgid áiteamhail atá riachtanach le cur le deontais an Stáit a sholáthar.
Le bliadhanta gairide tógadh 22 sgoil nua i gCathair agus i gCondae Atha Cliath agus do hath-chóirigheadh agus do méaduigheadh go mór 12 sgoil de na cinn a bhí ann cheana. Tá sé cinn de sgoltacha nua dhá dtógáil fá láthair agus táthar ag déanamh ullmhúcháin le 35 sgoil a chur ar fagháil ar imeall na cathrach in áiteacha a bhfuil go leór tighthe dhá dtógáil nó a bhfuil sé ar intinn iad a thógáil. Orra seo beidh 12 sgoil a dtillfe ó 800-1,000 dalta i ngach ceann.
Tá leagan-amach níos fearr ar na sgoltacha nuadha ná mar a bhíodh ar na sean-chinn. Ní foláir láthracha níos mó i n-a gcomhair agus beidh níos mó ionnta do na daltaí. Beidh deis aerighthe níos fearr ag gabháil leo agus is mar sin freisin don tsolus agus don deis glantacháin. Maidir leis na cinn mhóra beidh halla ag gabháil leo in ar féidir aiclidheacht chuirp agus drámaidheacht a chleachtadh. Beidh deis ionnta freisin le léigheachta a chur ar fagháil agus le feidhm a bhaint as na slighte eile atá ann le cuidiú le cúrsaí oideachais. Na sgoltacha a tógadh do réir an leagan-amach nua tá moladh dá fhagháil acu i ngach áird.
An chaoi a dtoghtar oidí bun-sgoile: Maidir leis an méid oidí atá ag teagase ins na bun-sgoltacha tá laghdú seasta ag teacht ón mbliadhain 1933-34 ar an meadhon-uimhir daltaí atá ar rollaí na mbun-sgol. Tháinic 25,000 de thuitim ar an meadhon-uimhir i rith na dtrí mbliadhan dár críoch 30adh Meitheamh, 1937. Is mór an curisteach atá déanta ag an tuitim sin ar an méid oidí a bhíos ag teastáil in aghaidh na bliadhna i gcaoi is go ndeachaidh an méid múinteóirí—idir fhir is mná—go bhfuil ceal oibre ortha i líonmhaire.
Táthar ag leanacht de na hiarrachta a rinneadh cheana leis an droch-stáid sin a mhaolú ach bhí an sgéal chomh dona sin go mb'éigin iarracht níos láidre fós a dhéanamh le líon na n-oidí nuadha a laghdú. Uime sin rinneadh tuilleadh laghduighthe ins an mbliadhain 1937 ar an líon fear a-tógtaí isteach ins na coláistí oileamhna agus laghduigheadh an líon ban chomh maith. I n-a theannta sin táthar tar éis a fhógairt, i gcás fear agus ban, nach dtionólfar ins an mbliadhan 1938 an comórtas oscailte a bhíodh ann le dul isteach ins na coláistí oileamhna. Ní tionólfar i mbliadhna ach an oiread an sgrúdú a bhíodh ann do dhaoine ar theastuigh uatha a bheith i n-a bhfo-mháighistreásaí conganta ná ní glacfar aon chéimidhe ollsgoile isteach ins na coláistí oileamhna. Leanfar den socrú sin nó go bhfógartar a mhalairt. Do réir mar fógruigheadh ins an mbliadhain 1935 beidh deire le scéim na ndalta-oide nuair a glacfar isteach ins na coláistí oileamhna, i Meadhon Fhóghmair, 1938, an uimhir bheag de bhuachaillí agus de chailíní go bhfuil a gcúrsa ullmhúcháin dhá chríochnú acu fá lathair. Fágann sin, cé is moite de'n dream deiridh sin atáthar tar éis a luadhadh, nach nglacfar isteach ins na coláistí oileamhna ins an mbliadhain 1938, go dtí go mbeidh athrú ar an sgéal, ach daltaí as na Coláistí Ullmhúcháin go bhfuil tús curtha aca cheana féin le n-a gcúrsa oileamhna agus baill de chuallachta Chreidimh agus daoine atá ag obair fá láthair mar oidí conganta sealadacha neamh-oilte.
Na Coláistí Ullmhúcháin—Scoláirí ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht. —Tá scéimeanna speisialta i bhfeidhm ó 1931 i leith chun comhthrom a thabhairt do dhaoine óga ós na ceanntair Ghaedhealacha ar dhul isteach ins na Coláistí Ullmhúcháin. Tá na scéimeanna sin léirighthe i Riaghlacháin na gColáistí Ullmhúcháin a foillsightear i n-aghaidh na bliadhna. Sul ar cuireadh na scéimeanna san i bhfeidhm ní bhíodh ach suas le 100 duine, idir bhuachaillí agus cailíní, ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht ag dul fé'n Scrudúchán Iontrála, ach de thoradh na scéimeanna san tá breis mhór dalta ar an líon san. Bhí 444 (165 buachaillí agus 279 cailíní) ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht fé'n Scrúdúchán Iontrála i 1937.
An Obair ins na Scoltaca. —Rinneadh trácht anuraidh ar an méadú atá ar an uimhir pháistí sna hárd-ranga ó céad-fheidhmigheadh an t-Acht Freastail Scoile. Ag dul i méid atá sé go fóill. Agus má cuimhnightear air gur mó go mór an uimhir pháistí atá indiu i meadhon-scoltacha agus i ngairm-scoltacha agus fós go bhfuil lán-uimhir na ndaltaí sna bun-scoltacha laghduighthe go mór, caithfear a rádh gur mór an chéim chun tosaigh atá déanta agus a rádh go bhfuil 62% de dhaltaí i ranga VI-VIII thar mar a bhí aon bhliadhain déag ó shoin.
Na h-Oidí: Is feidir a rádh go bhfuil furmhór na n-oidí dúthrachtach dílis i mbun a ngnaithe mar bhíodar riamh. Cóimhlíonaid a ndualgas dá dtír agus dá ndaltaí do réir a n-acfuinne, agus ghníd mórán ar son na bpáistí nach bhfuil innsint scéil air. Cúis maoidhimh an toradh a bhíos le saothar na n-oidí an-éifeachtach agus ní shroichid an réim sin gan díograis agus clisteacht teagaisc thar an meadhon do theasbáint.
Múineadh na Gaedhilge: Nuair a cuimhnighthear ar an mbail a bhí ar an nGaedhilg sna scoltacha chúig bliadhna déag ó shoin, caithfear a radh gur mór an dul chun tosaigh atá déanta le linn na tréimhse sin. Nuair a cuireadh na cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí ar bun san mbliadhain 1922 ba dhcacair múinteoirí a raibh a ndóthain Gaedhilge aca d'fhagháil leis na cúrsaí a theagasc. Agus anois níl ach 16% de na h-oidí gan teastas éigin aca, agus 55.9% díobh a bhfuil an t-árd-teastas nó an teastas dá-theangach aca; sin níos mó ná a leath díobh atá áirimhthe mar mhúinteoirí atá i n-inmhe an clár iomlán Gaedhealach a mhúineadh.
Cé gur féidir maoidheamh as an méid atá déanta, níor cheart a cheilt, ámh, go bhfuil a lán le déanamh fós sul a mbí an Ghaedhilg as contabhairt. Sé an chontabhairt is mó atá indiú ann do'n Ghaedhilg a laghad suime as a chuireas an choitcheanntacht san gcúis. Dá gcuireadh pobal Éireann an oiread spéise san teangain is a chuireas lucht scoile, agus dá mbeadh caoi ag na páistí taobh amuigh de'n scoil, agus san saoghal amuigh ar fhágáil na scoile dhóibh, chun an teanga do labhairt go hiondual féadfaí a rádh go raibh an chontabhairt thart.
Múineadh tré Ghaedhilg: Tá tuilleadh á mhúineadh tré Ghaedhilg ó bliadhain go chéile do réir mar thagas oidí atá lán-oilte ar an nGaedhilg isteach ins na scoltacha agus do réir mar thagas feabhas ar chumas na bpáistí i labhairt na teanga. Mar adubhradh go minic cheana níl sé ar intinn na Roinne iachall a chur ar oidí teagasc tré Ghaedhilg a thabhairt muna bhfuil a ndóthain Gaedhilge chuige sin ag na múinteoirí agus ag na daltaí.
Deontas £2: Maidir le stáid na Gaedhilge mar ghnáth-theanga labhartha sa nGaedhealtacht agus sa mBreac-Ghaedhealtacht, tá scéim ann chun deontas £2 do dhíol le tuismightheóirí (agus caomhnóirí) sa nGaedhealtacht agus sa mBreac-Ghaedhealtacht, ar son gach páiste leo idir sé bliadhna agus ceithre bliadhna déag d'aois atá ag freastal bun-scoile sa nGaedhealtacht no sa mBreac-Ghaedhealtacht, agus gur dearbh do'n Roinn an Ghaedhilg bheith mar theanga theinnteáin an pháiste agus í bheith go pras líomhtha dá réir aige. Ní foláir, 'na theannta san, tinnreamh féilteamhail agus dul ar aghaidh sásamhail a bheith déanta ag an bpáiste ar scoil i gcaitheamh na scoil-bhliadhna chun an deontas do thuilleamh.
I n-aghaidh na scoil-bhliadhna dar tús i Iúl agus dar críoch 30 Meitheamh íoctar an deontas, agus b'í an scoil-bhliadhain 1936/37 an ceathramhadh scoil-bhliadhain gur íocadh an deontas 'na leith.
Tá neartuighthe go mór ar an nGaedhilg mar ghnáth-urlabhra ins na ceanntracha Gaedhealacha. Sul ar cuireadh an córas so ar bun, 151 scoileanna a bhí cláruighthe mar scoileanna sa bhFíor-Ghaedhealtacht; tá méaduighthe go 170 ar an uimhir scoileanne san atá cláruighthe anois mar scoileanna sa bhFíor-Ghaedhealtacht. Ní mór a rádh nach gcláruighthear scoil mar scoil sa bhFíor-Ghaedhealtacht go dtí gur dearbh do'n Roinn gur ceanntar 'na labhartar an Ghaedhilg mar ghnáth-theanga teaghlaigh go coitceannta ceanntar na scoile sin, agus gurb í an Ghaedhilg amháin, nó go háirithe gur fearr Gaedhilg ná Béarla, a bhíonn ag na páistí óga ag dul ar scoil dóibh an chéad lá.
Sgrúdú Teastas na Bun-Sgoile: Maidir le Sgrúdú Teastas na Bun-Sgoile, cé nárbh' fhéidir, ach an oiread leis na bliadhanta 1935 agus 1936, ball-raidheacht an Chomh-Choiste láir a bheith chomh cothrom agus bhíodh sé na bliadhanta roimhe sin, is léir mar sin féin ón tuairisc a chuir sé ar fagháil go raibh an chaoi a ndearnadh an sgrúdú sásamhail thríd is thríd agus gur mar sin freisin do na freagraí a tugadh. Chuaidh an uimhir a ghnóthuigh an teastas i méid ó 74.4% sa mbliadhain 1936 go dtí 76.1% sa mbliadhain 1937.
Cé go ndeachaidh an uimhir daltaí a chuaidh fá sgrudú i méid de bheagán tá an tinnreamh mí-shásamhail fós féin, agus dá chionn sin tá an Roinn thar eis cnámharlach sgéime nua a chur ós comhair Chumainn Bainisteoirí agus Múinteóirí le n-a mbreith a fhagháil air le súil go mbeadh cuidiú níos fearr le fagháil agus go nglacfadh na sgoltacha i gcoitchinne páirt níos dlúithe ins an scéim ná mar ghnídís roimhe seo. Sé an príomh-rud atá ar intinn ins na molta nuadha nach mbeadh an cúram ar aon dream amháin ach go mbeadh coistí ceanntair de Bhainisteoirí agus de Mhúinteoirí ar a mbeadh Cigire na Roinne ina chathaoirleach. Siad na coistí seo a dhéanfas gach ullmhúchán roimh-ré i gcomhair an sgrúduighthe agus siad a cheapfas feithmheoirí agus sgrúdthóirí as Painéil a ceadóchar chuige sin. Sí an Roinn a leagfas na páipéirí sgrúduighthe mar ghnídís roimhe sin, agus cuirfear toradh an sgrúduighthe i gcoitchinne fá bhreith Comh-Choiste láir a ceapfar do réir mar atá leagtha síos ins an scéim ar glacadh leis sa mbliadhain 1929.
Meadhón-Oideachas: Tháinic fás seasta ins an líon meadhon-sgoil agus ins an líon daltaí i rith na ndeich mbliadhan a chuaidh thart. 329 meadhón-sgoil aitheanta a bhí ag obair ins an mbliadhan sgoile 1936-37, sin péire níos mó ná mar bhí ann an bhliadhan roimhe sin. Bhí 35,890 daltaí ag freastal na sgol sin agus bhí 779 de bhreis ag an uimhir sin ar an uimhir a bhí ann ins an mbliadhan sgoile 1935-36. I mí Feabhra, 1938, chuir an Roinn cearcalán chuig Bainisteoirí na sgol ag fógairt go mbronnfaí breis sgoláireachtaí ar thoradh sgrúduighthe Meadhón-Teistiméarachta na bliadna 1938.
Tá an líon sgol ina ndéantar múinteoireacht thré Ghaedhilg ag dul i líonmhaire i gcomhnuidhe. Ins an mbliadhain sgoile 1936-37 bhí 87 sgoil ann arbh í an Ghaedhilg an ghnáth-theanga múinteoireachta ionnta. Ní raibh an sgéal amhlaidh ach i 77 sgoil an bhliadhain roimhe sin. Ar an gcuma gcéadna, rinneadh sa mbliadhain sgoile 1936-37 cuid den teagasc thré Ghaedhilg i 114 sgoil, sin trí sgoil de bhreis ar an uimhir a raibh an sgéal amhlaidh ionnta an bhliadhan roimhe sin. Na h-adhbhair léighinn: An Ghaedhilg. Furmhór mór na ndaltaí nuadh a thagas isteach ins na meadhón-sgoltacha gach bliadhain is ó Bhun-sgoltacha na Roinne a thagaid. Bíonn cuimse mhaith Ghaedhilge aca sin agus do réir chunntas na gCigirí is ag dul i bhfeabhas atá an Ghaedhilg ó bhliadhain go bliadhain i gcás na ndaltaí a thagas ó na Bun-sgoileanna Náisiúnta. Tá roinnt de na daltaí nuadha agus is ó sgoileanna príobháideacha a thagaid—ó sgoileanna príobháideacha a ghabhas le meadhón-sgoileanna áithride agus ó sgoileanna príobháideacha eile. Is beag ceann de na sgoileanna príobháideacha sin nach bhfuil an Ghaedhilg dá múineadh innte, agus thríd is thríd is beag dalta nuadh a thagas isteach ins na meadhón-sgoileanna anois, cé is moite dhe na daltaí a tóigeadh thar lear, gan a bheag nó a mhór den Ghaedhilg do bheith aige.
Teagasg tré Ghaedhilig: Léirigheann na figiuirí seo leanas an chaoi a bhfuil an teagasg tré Ghaedhilg ag méadú ó bhliadhain go bliadhain—
1935-36— |
|
Sgoltacha i Roinn A |
77 |
Sgoltacha i Roinn B1 |
44 |
Sgoltacha i Roinn B2 |
67 |
1936-37— |
|
Sgoltacha i Roinn A |
87 |
Sgoltacha i Roinn B1 |
47 |
Sgoltacha i Roinn B2 |
67 |
Seo mar atá na hiarrataisí i gcomhair na bliadhna 1937-38:—
Iarrataisí ar Roinn A |
101 |
Iarrataisí ar Roinn B1 |
44 |
Iarrataisí ar Roinn B2 |
64 |
Cúig bliadhna ó shoin (1933-34) ní raibh ach 60 A-sgoileanna ann agus sé bliadhna ó shoin ní raibh ach 47 A-sgoileanna ann.
Buaidh-Sgiatha na Gaedhilge: Bhí an comórtas i gcóir na Sgiath seo chomh dian an babhta seo is bhí riamh roimhe. Is léir go gcuireann na sgoileanna an-tsuim sa chomórtas agus gur mhór acu an Sgiath do bhuadh-chaint. Bronnadh Sgiath na gCailíní ar Choláiste Muire, Clochar na Toirbheirte, Móinteach Mílic, agus Sgiath na mBuachaillí ar Sgoil na mBráthar, Daingean Uí Chúise.
Na Teangthacha eile: Níl aon sgoil sa tír nach múintear an dá theangaidh, Gaedhilg agus Béarla, innte. Taobh amuigh díobh sin 'siad na teangthacha a múintear ins na sgoltacha de ghnáth ná Laidean, Gréigis, Frainncis agus Gearmáinis.
Mar leis na teangthacha eile sin, seo cóimhmheas idir an méid sgoileanna ina múintí iad deich mbliadhna ó shoin (1927-28) agus an méid sfioileanna ina bhfuilid dá múineadh fá láthair: cuirfear na figiúirí sco san Tuairisg Oifigiúil.