Tairgim:—
Go ndeontar suim Bhreise ná raghaidh thar £145,000 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1939, chun Bun-Oideachais maraon le hAoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta agus Deontas-i-gCabhair, etc.
That a Supplementary sum not exceeding £145,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1939, for Primary Education, including National School Teachers' Superannuation and a Grant-in-Aid, etc.
Tá an tsuim bhreise de £137,000 maidir le hoidí ag teastáil i gcóir an mhéaduithe de chúig per cent. sa tuarastal agus sna deontaisí eile is iníoctha le hOidí Náisiúnta in aghaidh an aon Mhí dhéag ón ladh Abrán, 1938, go dtí an 28adh Feabhra, 1939. Is i mí Abráin, 1939, agus as airgead na bliana airgeadais 1939-40, a híocfar íocaíocht na Márta, 1939. Cosnóidh íocaíocht an dá mhí dhéag iomlán sa bhliain 1939-40 timpeal £156,000. Sé is bun leis an mbreis de £2,700 atá á iarraidh maidir le seirbhísí iompair ná an bhus-sheirbhís o Chroimghlinn agus o Cham-Muighe do bheith á choimeád ar siúl ar feadh bliana iomláine .i. go dtí an 31adh Márta, 1939, in ionad go dtí an 31adh Mí na Nodlag, 1938, mar a bhí beartuithe ar dtúis; agus fós costas na seirbhíse sin do bheith tar éis dul i méid toisc níos mó leanbh do bheith á n-iompar. Iompruítear 2,500 leanbh nach mór o Chroimghlinn agus thar n-ais gach lá—500 níos mó ná mar a hiompruítí ar dtúis. Bíonn timpeal 40 bus in úsáid gach lá.
Bhíothas ag súil go mbeadh na scoileanna nua i gCroimghlinn agus i gCam-Muighe ullamh timpeal na Nodlag, 1938, ach do réir mar a tuigtear anois ní bheid ullamh roimh an 31adh Márta, 1939.
Beidh muirear breise do £12,000 le n'íoc mar phinsean in aghaidh na tréimhse ón ladh Deire Fómhair, 1938, go dtí an 28adh Feabhra, 1939, toisc 203 ban-oidí atá 60 bliain no ós a chionn d'eirghe as ar an ladh Deire Fómhair, 1938.
Iocfar pinsin na Márta, 1939, i Mí Abráin, 1939, agus déanfar soláthar ina gcóir sa bhliain airgeadais 1939-40.
Cosnóidh na pinsin sin timpeal £28,000 ar fad sa bhliain 1939-40. Táthar ag súil go sábhálfar £5,000 ar bhun-mheastachán 1938-39 le haghaidh pinsean oidí; ní gá, dá bhrí sin, ach an tsuim ghlan de £7,000 do sholáthar leis an Meastachán Breise seo.
Sé meán-mhéid an phinsin a tugadh don 203 ban-oidí d'eirigh as ar an ladh Deire Fómhair, 1938, ná timpeal £137 sa bhliain.