Tairigim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £127,632 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1940, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a sum not exceeding £127,632 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1940, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.
Tá beart de sheacht vótaí—uimhreacha a 45 go 51—déanta de sna Meastacháin i gcóir Seirbhísí an Oideachais atá agam á chur fé bhráid na Dála anois, ag tnúth le n-a nglacadh. Is é iomlán an tsoláthair i mbliana £4,913,952, agus sin £81,323 de bhreis ar an mbliain anuiridh.
Má glactar na vótaí insan órd ina bhfuilid i leabhar na Meastachán, tabharfar fé ndear go bhfuil £5,381 de bhreis ar chostas riaghalachais agus cigireachta. Do b'éigean dom uimhir na n-oifigeach cléireachais i mBrainnse an Bhun-Oideachais do mhéadú, chun luathú le hobair na hOifige, obair atá imithe i líonmhaireacht agus i gcas-tramacht. I leith na cigireachta, tá beirt chigiri de bhreis curtha le Brainnse an Mheadhon-Oideachais; agus duine le Brainnse an Oideachais Teicniciúla.
Is é iomlán vóta an Bun-Oideachais £3,749,697, agus sin £18,322 de bhreis. B'fhéidir ná beadh ann ach an ceart dom a chur in iúl don Dáil nach dóigh liom go dtaisbeáneann an bhreis bheag so an toradh deireannach ar obair na bliana le n-a bhfuil coinne agam. Tá dá bheartúchán dá iniúchadh agam fé láthair, agus, dar liom, cuirfidh sin d'fhiachaibh orm teacht ós cóir na Dála arís i mbliana le Meastachán Breise. Leis an ndroch-bhail atá ar mhúinteóiríbh scurtha a bhaineas an ceann is tábhachtaighe aca san; fuarathas nár leór an méid a dheineas cheana chun a gcás san do riar. Tá an uimhir leanbhaí ar scoil ag laghdú fós, agus níl aon tsúil, anois, go bhféadfar an oiread múinteóirí agus a bhíodh ann roinnt bheag blian ó shoin do chur ag obair arís. Taisbeánann na huimhreacha is deireannaighe go raibh tuairim 260 fear-oide agus 195 ban-oide gan post seasamhach an chéad lá de Mhí Mhárta 1939; agus go raibh 37 eile de bhan-oidíbh oilte ag obair mar Mháistreásaíbh Conganta Sóisearacha. Agus raghaidh donacht mhór ar an suidheamh so i Mí Iúil seo chugainn, nuair a thiocfas 62 fhear-oide eile agus 138 mban-oide eile amach agus a bheid san ina n-iarrthóiríbh ar fholúntasaíbh insna Bun-scoileannaibh. Na beartúcháin bhreise seo atá luaidhte agam chun na faidhbe do réiteach, tá coinne agam go bhféadfar iad do chur ar fáil sara fada. Ní nach iongnadh níorbh fhéidir costas na mbeartúchán san do chur insna meastacháin seo atá ós bhúr gcóir, agus is deimhin, nách mór, go gcaithfear meastacháin bhreise do thoirbhirt, agus, an uair sin, beidh caoi agam ar a mhíniú don Dáil cad é atá ceaptha chun faidhbe seo na díth-oibre imeasc múinteóirí do réiteach.
Is é an dara borradh a raghaidh i bhfeidhm ar chaiteachas so an Bhun-Oideachais i hbliana, go gcuirfear i ngníomh an chuid sin de Thuarasgabháil Choimisiúin Iniúchta Mhodha na Scol Ceartúcháin agus Saothair le n-a moltar go n-íocfaí as deóntaisíbh Stáit an Bhun-Oideachais costas oideachais literadha; agus gan é íoc as gnáth-dheóntaisíbh i gcóir cothuigthe, etc. Tá áireamh ar shocruithe i geóir múinteóireachta insna scoileannaibh seo á dhéanamh fé láthair, agus, chóm luath is bheidh sé críochnuithe, socróchar ar mhalartú riaghluithe i gcóir na múinteóirí agus a n-íocaíocht ar choingheallachaibh a bheidh cosúil le gnáth-choinghill na mBun-Scol.
Déanfar gnáth-mhúinteóir Náisiúnta de gach múinteóir aca a breathfar a bheith oilte go leór chuige; cuirfear ar shuidheamh pinsiúin iad, agus iocfaidh Brainnse an Bhun-Oideachais a dtuarastal. Ní féidir a chostas san a áireamh go dtí go mbeidh an t-áireamh iomlán againn le haghaidh gach scoile, acht is cosúil gur tuairim £30,000 sa bhliain a bhéas ann. Nuair a bhéas an scéal ullamh le cur i ngníomh beidh me ag iarraidh udaráis ar an nDáil i gcóir an chostais a bhéas riachtanach.
Bíodh go mbeidh costas breise ag gabháil leis na tairiscintí a bhaineas le réiteach fadhb na n-oidí díomhaoine, cúiteóchar an bhreis sin le sábháil a dhéanamh ar na Coláistí Oiliúna agus ar na Coláistí Ullmhúcháin toisc níos lugha mac léighinn a bheith ionnta. £8,000 méid na sábhála sin ar na Coláistí Oiliúna sa bhliain 1939-40 agus £2,527 ar na Coláistí Ullmhúcháin i gcomparáid leis an mbliain 1938-39.
Chífear nach bhfuil aon tagairt i mbliana do dheontaisíbh le haghaidh Scoláir-Oidí. Níl a thuille gnó againn den mhodh sin chun abhair oidí d'fháil agus ní glacfar insna Colaistí Oiliúna feasta ach iarrthóirí ó sna Coláistí Ullmhúcháin agus ón scrúdú comórtais poiblidhe.
Tá fo-mhír nua (A. 4) againn den chéad uair i vóta an Bhun-Oideachais chun deontaisi a thabhairt do Choláisti Gaedhilge ar son cúrsaí Gaedhilge d'oidí Náisiúnta. As vóta an Ghairm-Oideachais a hioctaí na dcontaisí sin go dtí seo, ach ceaptar nach bhfuil an t-éilcamh sin feiliúnach don vóta úd. Is mór an tairbhe ath-chúrsaí Gaedhilge na gColáistí sin do mhúinteoirí a chaitheas cuid dá laethanta saoire samhraidh sa Ghaedhealtacht.
Tá laghdú de £4,313 (ó £10,805 go £6,492) ar chostaisí taistil ar muir agus ar tír. 'Sé is bun leis an deifríocht mór ná an costas neamh-choitchoianta a bhain le scoláirí do thabhairt ó cheanntar Chroimglinn — Cammuighe chun scoileanna cathrach i mbliana, go dtí go mbeidh scoileanna nua tógtha dhóibh sa nua-cheanntar líonmhar sin. Bhí súil againn go mbeadh na scoileanna nua san ullamh um Cháisc. ach is deallrathach anois ná beidh siad ullamh roimh dheire saoire an tsamhraidh.
Meastar go gcosnóchaidh téidheamh is glanadh na mBun-Scoileanna £45,000 an bhliain seo chughainn, sin breis de £15,000. Tá sé ráite agam cheana san Teach seo go bhfuil fonn orm deire chur leis an tsean-nós a bhí i bhfeidhm i bhfurmhór na scoileanna le n-a nglanadh cuid de na daltaí an scoil tar éis obair an lae. Chun deire do chur leis sin do bhogas an tAire Airgeadais chun teora an deontais d'árdú ó £14,400 go £65,000 agus dubhras leis na bainisteóiríbh go n-íocfadh an Stát leath an chostais dá bhfostóchaidís mná oibre nó lucht oibre eile chun an glanadh do dhéanamh ar thuarastal.
De bharr an chleachtadh atá againn anois tá ceist gheinearálta téidheamh agus glanadh na scoileanna á breithniú arís agus tá súil againn go gceapfar scéim chun na scoileanna do théidheamh agus do ghlanadh go sásúil.
Tá item nua annso den chéad — £16,500 le haghaidh deontaisí chun leabhra scoile do sholáthar in aisce do leanbhaí bochta. Bhí an scéal so á phléidhe go minic cheana san Teach seo, agus is áthas liom a rádh go bhfuil tús déanta ar aon chuma chun an t-ualach sin d'éadtromú do na bochtaibh.
Le linn na seacht mblian seo caithte do dháil an Roinn Oideachais £1,234,305, agus do dháil Comhairlí áitiúla £428,917, le haghaidh foirgneamh do Bhun-Scoileanna. Do cuireadh an t-airgead sin ar fáil chun 274 scoil-tithe nua do dhéanamh, chun 153 scoil-tithe d'fhairsingiú, agus chun feabhsú foirgnimh do dhéanamh ar 1,691 scoil-tigh eile. Tá comhghair réasúnta scoil-tithe ins na cathracha agus ins na mór-bhailte, ach amháin i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath, áit ina bhfuil deacracht fá leith mar gheall ar fhás na cathrach agus mar gheall ar réiteach na gceanntar ploduithe. Ar an abhar sin, béidh sé mar phríomh-chúram, feasta, ar an Roinn féachaint chun scoil-tithe nua do chur dá ndéanamh gceanntair tuaithe agus i mór-Chathair Bhaile Átha Cliath.
I gCathair Bhaile Atha Cliath, le linn na sé mblian seo caithte, do rinneadh ocht gcinn de scoil-tithe móra—rud is ionann agus áiteacha do chur ar fáil do 5,254 páiste. Tá ocht gcinn eile do scoil-tithe nua dhá ndéanamh, agus béidh áiteacha ionnta sin, eatortha, do 6,572 páiste. Táthar chun trí scoiltithe móra do dhéanamh i gCroimghlinn Thuaidh, agus trí cinn eile i gceanntair Ellenfield agus Cnoc na Fuiseoige. Béidh áiteacha do 4,500 páiste ionnta sin, agus tá a bpleananna ar aghaidh go maith. Ina theanta sin, tá ionaid curtha ar fáil do shé scoil-tithe nua i gceanntair na Cabraighe agus Domhnach Cearna.
De thoradh léir-bhreathnuithe atá déanta ag an Roinn, is eol dúinn gur riachtanach 605 scoil-tithe nua do dhéanamh i n-ionad scoil-tithe atá ann, i gceanntair tuaithe, fá láthair. Le n-a chois sin, tá feasbhsú mór ag teastáil ó thrí chéad eile de scoil-tithe fá'n dtuaith.
Maidir le deisiú na mBun Scoileanna agus le n-a gcoinneáil i ndeagh-chruth, tá an Roinn ag tabhairt aire go dícheallach don cheist sin, freisin.
Ní móide gur taitheamhaighe aon taobh den oideachas ná an bhreis atá ag dul i gcomhnaí ar líon na leanbhaí ag a bhfuil caoi indiu ar meadhonoideachas d'fháil. Tá breis tar éis teacht gach bliain i ndiaidh a chéile ar uimhir na ndaltaí ins na meadhonscoileannaibh. Le deich mbliana anuas do mhéaduigh na huimhreacha ó 25,375 go 36,647. Gan aimhreas, tá breis caithimh, dá réir sin, le cur i bhfáth insan meastachán seo i dtaobh an méid sin fáis, agus tá £12,055 sa bhreis (i gcomhgar 6%) le haghaidh deóntaisí do na scoileannaibh agus £8,700 (4%) sa bhreis le haghaidh na múinteóirí. Tuairim £6,000 den bhreis i ndeóntas na scoileanna isé an fáth atá leis ná cúiteamh in aghaidh an 10% laghdú a rinneadh sa mbliain 1931.
Sin rud nua atá insan vóta le haghaidh Meadhon-Oideachais—£4,000 a meastar a bheith riachtanach i gcóir an easnaimh i gCiste Pinsin na Meadhon - Mhúinteóirí. Nuair a bunuíodh an Scéim Pinsiún dóibh sin sa mbliain 1929 ní dearnadh socrú ar bith, le bun-tsuim ná eile, i gcóir an méid múinteóurí a ghaibh leis an scéim an unair sin gan aon phréimium a bheith íoctha aca i dtaobh sean-sheirbhíse. Le deich mbliana anuas níor leór an t-ioncum ó scoileanna agus ó mhúinteóirí chun íoctha an bheagán pinsiún a tháinig chun bheith iníoctha, acht, le himeacht aimsire, ní fhéadfadh an Ciste gan tuitim i bhfiacha, agus ní foláir, anois, glaodhach ar airgead vótálta d'fhonn án easnaimh do leigheas, do réir comhachta a bheirtear fan Scéim Aois-Liúntais.
'Sé athrú an chláir scoile an cheist is tábhachtaighe ar chúram na Roinne fá láthair maidir le Meadhon-Oideachas. Is minic adubhairt teachtaí annseo, agus is minic adubhairt aithreacha agus máithreacha agus daoine nach iad a bhfuil suim acu ins an scéal, go bhféchtar leis an iomarca oibre a dhéanamh ins na Meadhon-Scoileanna, go gcuirtear dá bhrí sin an iomarca saothair ar na daltaí, agus gurb é an toradh a bhíos air sin gur minic a bhíos an t-eolas a bhíos ag na daltaí mí-chruinn agus mí-cheart. Scrúduíodh an scéal go cúramach agus fritheadh tuairim Chumann na mBainisteóirí agus Chumann na Múinteoirí i dtaobh an Chláir a fheabhsú. De bharr an scrúduithe seo tá sé ar intinn roint atharú a dhéanamh ar an gClár. Sé brí na n-atharú seo go ngiorróchar na cúrsaí staidéir ins na habhair éagsúla agus go ndéanfar níos cruinne iad. Leagfar amach, cuir i gcás, leabhra áithride i gcomhair scrúduithe i Laidin, i nGréigis, i bhFraincis agus i mBéarla i leabhaidh na gcúrsaí leathna atá leagtha amach fá láthair i gcóir na dteangan sin.
Ar eagla go mbeadh faitchíos ar aon duine de na Teachtaí go gcuirfeadh na hatharuithe atáthar ar intinn a dhéanamh isteach ar an deagh-obair atá á dhéanamh ar son na Gaedhilge ins na scoileanna seo ba mhaith liom a rádh nach bhfuil aon bhunús leis an bhfaitchíos sin. Níltear ar intinn aon atharú a dhéanamh ar chúrsaí staidéir na Gaedhilge ach amháin go ndéanfar níos cruinne agus níos soiléire iad maidir le pointí áithride. Mar adubhras, pé moladh a tiubhrfaí don obair atá á dhéanamh ar son na Gaedhilge ina lán de na Meadhon-Scoileanna ní bheadh an moladh sin iomarcach. Bhéarfaidh an t-atharú atámuid a dhéanamh anois ar an gclár deis do na scoileanna go léir tuilleadh oibre a dhéanamh ar son na Gaedhilge agus sin a dhéanamh níos fearr, agus níor mhiste a rádh gurb é sin an príomhughdar a thug orainn na hatharuithe seo a dhéanamh.
Tá Ceárd-Oideachas agus Oideachas Gairme Beatha ag dul ar aghaidh i leabaidh a chéile. Tá £23,349 nó 7½% d'árdú i mbliana ar na deóntaisi do Choistí Oideachais Ghairme Beatha. Is leis an árdú a rinneadh i gceanntar Chorcaighe ar an aois a fágtar an scoil a bhaineas £7,350 den tsuim sin.
Ní mór an fás a tháinig in áiseanna do ghairm-oideachas insa tseisiún so d'imigh tharainn. Do hoscladh scoileanna nua i gCathair Chorcaighe agus i gCathair na Gaillimhe, agus do rinneadh méadú tábhachtach ar scoileanna Dhún Dealgan. Do hoscladh dosaen nua-scoileanna beaga i gceanntrachaibh tuaithe. Acht tríd is tríd, do tugadh níos mó aire do chomhdhlúthú na hoibre a bhí ar siubhal cheana ná mar tugadh dá leathanú i gceanntrachaibh nua.
15,600 dob uimhir don lán-tinnreamh ar chúrsaí lae, agus bhí 13,700 di sin ina tinnreamh lán-aimsearach: sin 500 de bhreis ar an tseisiún roimbe sin. Tá oiliúint luachmhar le fáil insna cúrsaí sin i gcóir gnótha, agus is áis iad chun beartanna d'fháil do mhórchuid daoine óga, ach ní chun beartanna d'fháil a thigeann an t-aos óg chucha anois acht do bhrí gur dóigh leo gurab é an gnáth-rud é agus gur tairbheach an nidh é oideachas iarbhunaidh a bheith aca. Ar shlightibh is maith an t-atharu é sin, agus is maith an tuar é ar rath na scoileanna.
26,800 an lán-uimhir do dhaltaí a bhí ar chúrsaí ceárd-scoileanna oidhche, tuairim an méid céadna a bhí ionnta an seisiún roimhe sin. Istoidhche a bheirtear furmhór an cheárdoideachais, agus ní fuiris a mhalairt sin do shocrú do dhaoine a bhíos ina ngnáth-obair i rith an lae. Acht tá fás tar éis teacht maidir le ranganna lae do phrintísigh i ndénamh troscáin, in obair leictreach, agus i gceárdanna eile. Gabhann tábhacht le cuid de na nua-scéimeanna do phríntísigh. Bíonn triail ionnta sara dtosnuighthcar ar an bpríntíseacht; bíonn se éigeantach tinnreamh do dhéanamh ag ranganna speisialta sa ló i rith na mblian tosaigh; bíonn céird-triaileacha ann don tsóisear agus don tsinsear fá Sceim na Roinne, agus tá mór-fheabhsanna eile tar éis teacht ar an seannós a bhí ann maidir le príntísigh.
Tá mór-bhreis tar éis teacht ar an méid daoine a chuir isteach ar scrúdúcháin na gCeard-Scoil—ó 8,914 sa mbliain 1936, an bhliain a cuireadh tús ortha, go 10,961 sa mbliain atá fá bhreithniú againn. Tá tuilleadh Clár Scrúdúcháin dá thairgsin le haghaidh bliain a 1939 i saoirseacht, in obair séimhéireachta agus i ndéanamh mótorchabhlacha.
I rith an tseisiúin do cuireadh cómhdhála ar bun d'oidí, d'fhonn go ndéanfaidís tuairimí do phléidhe le chéile ar chláir oibre, ar mhodhanna teagaisc agus ar phointí mór-thábhachtacha eile. Do ceapadh cinnirí le haghaidh gach cómhdhála as cigirí na Roinne, príomh-oidí scoile, agus oidí mór-chlú. Do cheap na cinnirí cláir ghnótha agus thugadar treóir don argóint. Níl aimhreas ná go dtáinig mór-thairbhe as an obair sin, agus tá beartuithe ar chómhdhála a bheith ann le haghaidh aicmí eile oidí.
Do cuireadh ath-chúrsaí ar bun d'oidí i rith saoirse an tsamhraidh. Do bhí an tinnreamh go maith, agus bhí deagh-thoradh ar an obair.
Níl aon atharú ar an méid atá riachtanach i gcóir Eolaidheachta agus Ealadhan (Vóta 49) mar nár thárla aon nidh a chuirfeadh atharú air. Tá £1,500 de laghdú ar an méid atá á chur ar fáil le leabhra litridheachta geinearálta, etc., i nGaedhilg a fhoillsiú. Ní hé go bhfuil aon chumhangú á dhéanamh ar an obair ins an gcás seo, ach thárla sin de bhrí gur cuireadh costas bliana agus ceathrú san áireamh i gcaiteachas na bliana 1937-38 mar go mb'éigin atharuithe cuntasíochta a dhéanamh nuair a rinneadh atharú ar an bhfo-cheann seo agus nuair a rinneadh gnáth-fho-cheann de. Séard a bhí ann roimhe sin deontas-i-gcabhair.
An meastachán le h-aghaidh Scoileanna Ceartucháin, tá sé árduithe ó £3,155 go dtí £4,960. Is é is príomhchúis leis sin an t-atharú a bhéas ar dheóntas an Riaghaltais ón ladh lá den Aibreán seo chugainn, .i. 10/- an duine sa tseachtain, i n-ionad 8/- an duine. Táthar ag súil go méadóchaidh na comhairlí áitiúla a gcion féin de'n chongnamh airgid a bheirtear do na scoileanna seo, agus is áthas liom bheith inann a rádh go bhfuil sin déanta cheana ag Bárdas Bhaile Átha Cliath. Tá an bhreis chonganta sin ag cur leis an moladh do rinne an Coimisiún Fiosrúcháin.
Ón ladh lá den Aibreán seo chugainn béidh 5/- an duine so tseachtain de dheóntas Riaghaltais le fáil ag Scoileanna Saothair ar son páistí fá bhun sé mblian d'aois. Tá an deóntas sin, freisin, ag cur leis an moladh do rinne an Coimisiún Fiosrúcháin.
Táthar tar éis liaigh-chigire do cheapadh le haghaidh Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, ionnas nach baoghal do pháistí na scoileanna sin gan an aire chóir d'fháil i ngach aon chaoi maidir le n-a sláinte.
Do mheas an Coimisiún Fiosrúcháin gur cheart an tuarastal do theacht ón Stát chuig na múinteóirí atá i mbun cúrsaí léighinn i Scoileanna Ceartúcháin agus i Scoileanna Saothair, agus cuirfear an méid sin, freisin, i bhfeidhm. Tá cuid mhaith déanta, cheana, de'n réimh-fhiosrúchán atá riachtanach le n-a aghaidh sin.
Ní féidir cuid de mholta an Choimisiúin do chur i ngníomh gan achtú Oireachtais, agus tá damhna Bille á scrúdú fá láthair sa Roinn Oideachais agus ins na ranna eile a mbaineann an gnó leó.