Níl sa mheastachán so, £10, ach comhartha. Isé a theastuíonn ná go bhféadfaí úsáid a bhaint as Leithreasaí-i-gCabhair a bheadh sa bhreis thar mar a cuireadh sa bhun-mheastachán, maraon le sábháltaí fé mhírchinn áirithe den Vóta, chun abhair breise de cheannach do sna Tionnscail Tuaithe agus na costaisí breise a bhainfidh leo, d'íoc.
Tá £27,000 breise ag teastáil i gcóir abhar do sna Tionnscail Chniotála agus Figheadóireachta, agus £5,400 breise do sna Tionnscail Bhréagán, sé sin £32,400. Tá £4,290 eile ag teastáil i gcóir costaisí, agus mar sin tá móréileamh de £36,690 ar fad i leith abhar déantóireachta agus costaisí. Den mhéid sin, slánuítear £17,800 tré Leithreasaí breise i gCabhair agus slánuítear an chuid eile, ach amháin an £10 is gá i gcóir an mheastacháin seo, tré shábháltaí a déanfar ar mhírchinn áirithe den Vóta.
Is féidir a rá gurb é cúis a theastuíonn breis airgid le h-agha abhar do cheannach do sna Tionnscail Tuaithe, ná stór bréige do bheith á chur ar fáil d'obair na dTionnscal, agus praghas na n-abhar do bheith imithe i ndaoire ón uair do hullmhuíodh an bunmheastachán. Fé D.7 tá £640 ag teastáil agus baineann sé sin le costaisí iomchair i leith na dTionnscal Cniotála agus Figheadóireachta.
Fé D.8 tá £1,800 ag teastáil i leith costaisí iomchair a bhaineas leis na Tionnscail Bhréagán agus i leith abhar pacála agus maisíní do sna Tionnscail chéanna. Fé F.3 tá £1,850 ag teastáil agus baineann an chuid is mó den méid sin le habhair phacála agus páipéarachais a húsáidfí ar thaobh na margaíochta do sna Tionnscail. Dá bhárr sin beidh stór breise ar láimh againn do sna rudaí sin.
Nuair a bhí an bun-mheastachán á ullmhú measadh go mbeadh timpeall £105,000 de dhíolacháin againn sa bhliain, ach do réir mar a meastar anois beidh £130,000 nó níos mó againn. Ceaptar, ámhthach, ná beidh an t-airgead sin go léir fachta againn roimh dheireadh ná Márta seo chughainn, agus sin fé ndear dúinn a mheas ná beidh thar £126,500 taguithe isteach. Nuair a bhí an bun-mheastachán á ullmhú ceapadh ná béadh le n-íoc i leith ná oibre agus árachais na n-oibrithe ach £28,000. Isé a meastar anois ná go mbeidh £37,000 le n-íoc sa tslí sin. Beidh breis bheag le n-íoc i leith choimisiúin agus costaisí ilghnéitheacha eile a híoctar ó sna Leithreasaí-i-gCabhair, agus dá bhárr sin meastar gur £80,097 glan a bheas fagtha mar Leithreasaí-i-gCabhair.
Is ionann sin agus méadú de £21,597. Ina choinnibh sin, tá measta againn gur lugha na Leithreasaí-i-gCabhair a bheas le fáil as díolachán na Ceilpe ná mar a céad-mheasadh; meastar anois go mbeidh £3,237 níos lugha le fáil. Sé fé ndear sin ná gan an méid Ceilpe agus Feamna le n-a raibh súil do bheith ar fáil, agus gur féidir go mbeidh cuid den Cheilp gan díol i ndeire na bliana. Tá laghdú freisin ar an méid Leithreasaí-i-gCabhair a bheas le fáil ó dhíolacháin na Cairrgíne, agus laghdú beag eile i leith na méideanna a bhfaighfear in aisíoc ar iasachtaí tionnscail.
Má cuirtear na laghduithe sin i gcoinnibh na breise ar Leithreasaí-i-gCabhair o sna Tionnscail Tuaithe, fagtar go mbeidh £17,800 breise de Leithreasaí-i-gCabhair ann in aghaidh na méideanna breise atá ag teastáil i gcóir ceannachán agus costaisí breise.
Beidh an chuid eile den airgead atá ag teastáil i leith na gceannachán agus costaisí breise sin le fáil ó shábháiltí ar Mhírchinn áirithe den Vóta. Sábhálfar £11,250 ar Mhírcheann D.9 a bhaineas leis an dTionnscail Sníomhacháin a bhí le bunú; do cuireadh moill leis seo toisc gan inneallthóir comhairlíochta bheith ar fáil againn in am don obair. Beidh soláthar í meastachán na bliana seo chughainn i leith bunuithe an Tionnscail Sníomacháin sin. Sábhálfar £1,480 ar Mhírcheann E.3 a bhaineas leis an dTionnscail Cheilpe agus Feamna.
Beidh sábháil £3,360 ar H.3 a bhaineas le Teach-Shóláthair. Tuigfear an deacracht a bhaineas anois le hobair na dTithe do choimeád ar siul. Beidh sábháiltí beaga eile ann de mhéid £2,790 ar fad ar na Fó-mhírchinn B., D.1, D.5. E.4, F.1, F.2, G, agus H.1, agus leis na sábháiltí sin go léir beidh £18,880 ar fáil chun dul i gcoinnibh an mhéid de sna ceannacháin agus costaisí breise nar slánuíodh tre Leithreasaí breise i-gCabhair. Dá bharr sin, fágtar gur £10 atá ag teastaíl anois chun íoc as na ceannacháin breise agus chun soláthar do dhénamh do sna costaisí breise.