Tairgim:
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £135,212 chun slánuithe na suime is ga chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1945, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a sum not exceeding £135,212 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1945, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.
Na seirbhísí atá dhá riarú ag an Roinn Oideachais, tá siad faoi ocht Vótaí ins na Meastacháin. £5,406,241 an tsuim iomlán atá dhá hiarraidh ins na hocht Vótaí seo. Don bhliain seo chuaidh thart (1943-44), do hiarradh £5,208,358 (agus trí Meastacháin bhreise san áireamh sin). Is ionann sin agus £197,883, nó 3.8 per cent. de mhéadú. Ag seo leanas na difríochta is mó atá idir Vótaí an dá bhlian:—
Tá £6,524 de mhéadú ghlan ins an tsuim atá dhá hiarraidh fé Vóta 45— Oifig an Aire Oideachais. Tá £3,270 de sin ag teastáil mar gheall ar an mBónus Éigeandála atá deonuithe ó bhí an ladh d'Eanar, 1944, ann. Ina theannta sin, tá £1,700 den mhéadú ag teastáil toisc gur haistríodh ón Vóta le haghaidh Tailte an soláthar bhaineas le mo thuarastalsa mar Aire.
Tá soláthar dhá dhéanamh le haghaidh foirne ar a bhfuil 493 dhaoine, agus ortha sin tá 121 de Chigirí nó de Thimthirí. Is ionann sin agus 6 daoine de bhreis ar fhuirinn 1943/44. Ach tá 23 daoine den fhuirinn ar iasacht ag Ranna eile.
£4,063,039 an tsuim atá ag teastáil le haghaidh Vóta 46—Bun-Oideachais— rud is ionann agus £101,254 de mhéadú nua. Toisc gur hathruíodh ráta an Bhónuis Éigeandála ó 7/- go 10/- le haghaidh fear agus ó 5/- go 8/- le haghaidh ban, agus toisc gur hárduíodh an "tsíleáil" ó £399 go £500, béidh £104,000 de bhreis ag teastáil i geóir an Bhónuis seo. Teastóidh £439,000 le haghaidh Pinsean Oidí—rud is ionann agus £18,000 de mhéadú. Ins na Coláistí Ullmhúcháin, i seisiún a 1944/45, méadófar líon na ndalta ó 331 go 432, agus cosnóidh na Coláistí seo £3,929 sa mbreis. Meastar, freisin, go mbeidh £2,500 de mhéadú ag teastáil ins na Stát-deóntais chun scoileanna do théidheamh agus go ghlanadh, toisc an bhreis-chostais bhaineas le habhar teineadh.
Maidir le Vóta 47—Meán-Oideachas— do méaduíodh an Bónus Éigeandála do Mheán-Oidí mar do rinneadh i gcás Oidí na mBun-Scol, agus meastar go gcosnóidh an méadú sin £21,400. In ionad tuarastail na Meán-Oidí d'íoc go ráithiúil, mar ghníthear faoi láthair, tá socruithe go n-íocfar go míosúil iad ón ladh d'Abrán, 1944. Isé an socrú sin is fáth le £20,000 den £49,000 de mhéadú i bhFo-Mhír B. Teastóidh an t-airgead sin chun tuarastail míosa d'íoc i ndeireadh Mhárta, 1945, in ionad a bhfágáil gan íoc, mar ba ghnáth, go dtí an aithbhliain airgeadais.
Tá líon daltaí na Meán-Scol ag síor-mhéadú agus ní féidir do chostas na brainse seo oideachais gan bheith ag méadú dá réir sin.
Gidh go bhfuil laghdú ar an soláthar le haghaidh Scoláireacht (Fo-Mhír D), ní hionann é agus aon athrú do bheith ar pholasaí choiteann na Roinne ina dtaobh seo. 'Séard is príomh-abhar leis go bhfuil deireadh anois le breisuimhir scoláireacht do bronnadh i 1939, an uair ba lugha líon na ndalta ins na Coláistí Ullmhúcháin agus do socruíodh ar scoláireachtaí breise do thairgsint do dhaltaí as an bhFíor-Ghaeltacht ionnas go dtiocfadh siad sin chun na gColáistí Ullmhúcháin.
Tabharfar faoi deara go bhfuil socruithe againn athbhunú do dhéanamh ar na Cúrsaí Speisialta Samhraidh i nGaedhilg do Mheán-Oidí—Cúrsaí a bhí leighte ar lár ó 1939.
£362,997 atáthar d'iarraidh do Vóta 48—Ceárd-Oideachas. Tá £23,257 do mhéadú ghlan ansin, agus tá £22,237 den mhéadú ag teastáil mar gheall ar dheontaisí méaduithe do na Coistí Gairm-Oideachais.
Táthar chun £7,960 de dheontas speisialta do thabhairt do Chóiste Chathrach Bhaile Átha Cliath d'obair Chomhairle le Leas Oige ins an bhliain seo chugainn.
Tá socruithe ar Chúrsa Tréineála do bhunú d'Oidí Obair Adhmaid agus Foirgníochta. Mairfidh an Cúrsa ó Dheireadh Fómhair, 1944, go Mheitheamh, 1946. Meastar gur £1,958 an costas bheas leis seo go dtí 31adh Márta, 1945, agus gur £7,076 an costas iomlán.
Bunófar Gearr-Chursaí Samhraidh, freisin, i mBiadh-Eolaíocht, in Eolaíocht Tuaithe agus i Matamaiticí Ceárdúla.
An £54,816 atá measta do Vóta 49— Eolaíocht agus Ealadhain—tá sé £6,264 níos mó ná airgead vóta na bliana atá caithte. An Breis-Bhónus Éigeandála is fáth le £963 den mhéadú.
Chun leabhra do cheannach don Leabharlainn Náisiúnta tá £2,000 dhá sholáthar. £2,100 an tsuim do hiarradh anuraidh. Ba cheart dom a mhíniú gur £2,600 an gnáth-dheontas bliantúil a hiarrtaí roimh aimsir na hÉigeandála. Mar gheall ar bheith coigilteach, do laghduíodh sin go dtí £1,600 ach do méaduíodh sin go dtí £2,100 do bhliain a 1943-44. Tá sé curtha in iúl dúinn ag an Stiúrthóir gur ró-ghann £1,600 de dheontas bliantúil le haghaidh riachtanais na Leabharlainne agus tá socruithe ar a mhéadú go £2,000.
I bhFo-Mhír A. 7. tá soláthar nach raibh ann ariamh go dtí seo—soláthar chun neithe do cheannach do Mhúséum na nArmas. Tá an Múséum seo in Oifig na nGeinealach faoi láthair, agus ba é an Ulster King of Arms do bhunuigh é. Táthar ag brath cur leis an gcnuasach spéisiúil armas, etc. do réir mar bheas caoithe oiriúnacha ann lena aghaidh sin.
An £1,345 atá dhá sholáthar chun Mion-scannáin do dhéanamh de thuarascbhála Oifig na nGeinealach, do thárla ins an meastachán seo é ar an abhar nár críochnuíodh an obair in am lena híocaíocht do bhaint as Vóta 1943/44. Do réir mar mhínigh mé don Dáil nuair a tháinig an ní seo os a cóir don chéad uair, do socruíodh le Rialtas na Breataine go nglacfadh siad-san le cóipeanna mion-scannán de na tuarascbhála luachmhara seo in ionad na dtuarascbhál bunaidh ionnas go gcoimeádfaimis féin na tuarascbhála bunaidh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Ins an soláthar i bhFo-Mhír B. 1. le haghaidh costais Foillseachán i nGaedhilg, tá méadú ó £8,005 go £11,000 mar gheall ar leatnnú atá beartuithe a dhéanamh ar obair an Ghúim. Dá thoradh sin, táthar ag súil go luathófar foillsiú a lán leabhar don ghnáthphobal, agus ina theannta sin, tá soláthar dhá dhéanamh don chéad uair chun Téacs-leabhra Iolscol do chur dá n-ullmhú agus dá bhfoillsiú. Maraon leis sin, fágfar faoi'n nGúm obair na Stair Áitiúil—obair a mbíodh fo-mhír speisialta dhí féin aici go dtí seo.
An Deontas-i-gCabhair do Chódháil Náisiúnta na Gaedhilge, ní raibh sé sin, ach oiread, ins an Meastachán go dtí seo, cés moite de bheith i Meastachán breise trénar tugadh £500 don Chódháil mar gheall ar obair 1943-44. Is an-tábhachtach, dar leis an Rialtas, an obair atá beartuithe ag an gCódháil, agus táthar ag súil le toradh fónta do bheith uirthi maidir le haithbheochaint na teangan.
Vóta 50—Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair: Is truagh liom é bheith d'fhiachaibh orm £8,606 de mhéadú ar Vóta na bliana seo thart d'iarraidh—rud fhágas £131,450 de votá iomlán le soláthar. Gidh gurb olc an scéal é, tá coirtheacht ag méadú léi i measc an aosa óig. Bhí 260 ar coinneáil ins na Scoileanna Ceartúcháin anuraidh, agus tá 290 ar coinneáil ionta i mbliana. Tá na scoileanna seo cho líonta agus is féidir dóibh bheith agus táthar ghá bhfairsingiú faoi láthair.
An t-ionad coinneála do bhuachaillí bhíos ag fanacht le triail, is i gCnoc Chríonáin do bhí sé le blianta fada; ach tá ionad is fairsinge agus is oiriúnaí ná sin dá úsáid anois i nGlas Naoidhean.
Vóta 51—An Gailerí Náisiúnta: Taobh amuigh de £93 de sholáthar breise mar gheall ar rátaí nua an Bhónus Éigeandála, níl aon athrú ar riachtanais an Ghailerí Náisiúnta.
Vóta 70—Institiúid Árd-Léighinn Bhaile Átha Cliath: £18,290 an tsuim atá ag teastáil le haghaidh na hInstitiúide ins an mbliain atá chugainn—rud is ionann agus £1,040 de mhéadú ghlan. An costas mar gheall ar Fhoillseacháin, is é sin an ítim is mó dá bhfuil luaidhte i gclár an chaiteachais. Meastar go mbeidh £3,250 ag teastáil lena aghaidh sin, agus is maith an comhartha é go bhfuil toradh fónta ag teacht ar obair na hInstitiúide.
Maidir le Bun-Oideachas, taisbeánann na figiúracha freastail gur 457,660 líon iomlán na ndalta bhí ar na rollaí i 1942/43—rud is ionann, do réir chosúlachta, agus 910 níos mó ná bhí ar na rollaí i 1941/42. Ach, faoi scéim speisialta, idir an dá linn, do glácadh leis na Scoileanna Ceartúcháin mar Scoileanna Náisiúnta, agus tá 4,300 dalta ar rollaí na Scol (Ceartúcháin) Náisiúnta. Má baintear iad sin den líon iomlán atá luaidhte agam, beidh 3,390 de laghdú ar an líon iomlán, agus is léir uaidh sin go bhfuil uimhir pháistí scoile na tíre seo ag laghdú fós.
Ins na deich mbliana seo caithte, ní raibh an freastal faoi 82 per cent. ná ós cionn 84 per cent. den uimhir do bhí ar na rollaí; agus, i gcás na ndalta a mbaineann an tAcht Freastail Scoile leo (páistí idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois), bhí meán-fhreastal na tréimhse sin os cionn 83 per cent. Meán-fhreastal 1943, bhí sé rud beag ní ba lugha ná meán-fhreastal 1942—83.7 per cent. in ionad 84 per cent.
I gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath, Chorcaighe agus Phortláirge, áiteanna ina bhfuil Coistí Freastail Scoile ag feidhmiú, bíonn an freastal i gcomhnaí níos fearr ná mar bhíonn sé ins an chuid eile den tír. Chuaidh sé cho hárd le 86 per cent. agus le 87.5 per cent. ins na háiteanna sin.
Ins an mbliain dar dheireadh an 30adh de Mheitheamh, 1943, bhí 87.5 per cent. de mheán-fhreastal i gCathair Bhaile Átha Cliath ag na páistí idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois; i gCathair Chorcaighe bhí 87.2 per cent.; i gCathair Phortláirge bhí 86.1 per cent. agus i gContae Chorcaighe bhí 86 per cent.
Maidir le páistí den aois chéanna i gceanntair eile, bhí 85 per cent. de mheán-fhreastal i gContae Chiarraighe, i gContae Bhaile Átha Cliath agus i gContae na hIar-Mhidhe. Acht i gcontaethe eile—Cill Mantain. Muigheo, an Mhidhe, Longphort, Dún na nGall, Muineachán, Liathdruim, Cill Dara agus Sligeach—bhí an meán-fhreastal faoi 82 per cent. Ó 18 per cent. go 21 per cent. de na daltaí a mbaineann an tAcht Freastail leo, bhí siad as láthair na scoile, gach lá, ins na contaethe sin.
Cuid an-mhór de dhaoine óga na tíre seo, ní fhághann siad oideachas foirmiúil ná tréineáil threoruithtar éis dóibh an Bhun-Scoil d'fhágáil, agus is léir uaidh sin gur rí-thábhachtach an t-oideachas agus an tréineáil a fáightear ins na Scoileanna Náisiúnta. Ní hé amháin gur riachtanach do dbaltaí na Scol sin eolas d'fháil ar na h-abhair léighinn a leagtar amach dóibh ins na Cláir fhoirmiúla. Is córiachtanach dóibh teagasc maith d'fháil ins na prionsabail a threoruíos daoine i mbealach na deagh-bheatha agus na deagh-chathardhachta. Ach ní féidir d'oide a dhualgas do chólíonadh ins an méid sin, mura bhfuil eolas maith aige ar na daltaí. Ní mór dó bheith in eolas na caoi bhíos ar na daltaí ins an mbaile—maith nó olc an chaoi í; ní mór dó aithne faoi leith do chur ar gach duine aca; ní mór dó a aithneachtáil gur féidir difríochta an-mhóra do bheith eatortha ó thaobh nádúra agus ábaltachta—agus ní mór dó an t-eolas sin go léir d'úsáid sa gcaoi ina rachaidh a theagase agus a thréineáil í gcion ar gach dalta dá mbíonn faoi n-a chúram. Is fusa go mór friotháileamh don dalta chliste ná friotháileamh don dalta atá gann i gclisteacht. Aithnítear an deaghoide ar an treoir thuigsionach a thugann sé do dhaltaí nach acfuinn dóibh foghluim thapaidh do dhéanamh. An t-oide a bhfuil fios a ealadhan aige, molann sé i gcomhnaí an saothar fírinneach, tugann sé misneach do na daltaí, cothuíonn sé muinín asta féin ionta agus cuireann sé i dtuigse go soiléir dóibh gurb é cuspóir ceart gach duine a dhícheall do dhéanamh, bíodh an dícheall sin sár-éifeachtach nó ná bíodh.
An eisiompláir is féidir le hoide do thabhairt dá dhaltaí tréna phearsantacht agus a iompar féin, tá sí ar na modhtha teagaisc is cumhachtaí dá bhfuil le fáil. Má thugann sé dá aire an scoil agus ionad na scoile do choinneáil glan slachtmhar i gcomhnaí, múinfe sé do na daltaí an áird chéanna do bheith aca ar an nglaine agus ar an slacht. Le linn bheith measúil air féin agus módhúil múinte le daoine eile, meallfa sé na daltaí chun na subháilcí céanna do chleachtadh. Tré bhriathar béil, féadann sé mórán do dhéanamh chun a chur ina luighe ar na daltaí gurb ionmholta agus gur luachmhar na neithe iad an chóir, an chneastacht agus an fhírinneacht; ach is éifeachtaí ná briathar ar bith béil deagheisiompláir an oide féin.
Is fíor go gcuireann a lán neithe isteach ar cibé treoir i mbéasaí a tugtar do pháistí ins na Bun-Scoileanna. Páistí na linne seo, is follas nach bhfuil siad faoi stiúir cho héifeachtach ag a dtuismitheoirí agus bhíodh páistí san am do chuaidh thart. Taobh amuigh, tá droch-thionchuir go leor nach mbíodh a leithéidí ann, ar chor ar bith. Ina theannta sin, fágann na daltaí an scoil sul a mbíonn a gcarachtair múnluithe go foirbhthe; agus, ar an abhar sin, is deacair dóibh gan géilleadh do na droch-thionchuir bhíos ina dtimpeall go flúirseach. Ach, dá ainneoin sin go léir, is áthas liom a thuigsint as tuarascbhála na gCigirí gurab eol d'fhurmhór na n-oidí a thábhachtaí agus tá an tréineáil úd atá luaidhte agam. Aithním ar na tuarascbhála go gcuireann na hoidí rómpa féin mar chuspóir an tréineáil sin do thabhairt uatha, agus go n-éiríonn leo go réasúnta maith. Oifigigh a bhfuil cleachtadh fada leathan aca, deireann siad go deimhin liom go bhfuil furmhór na n-oidí níos fearr ná mar bhí na hoidí bhí ann tuairim tríocha bliain ó shoin. Deireann siad go bhfuil oidí na linne seo níos feasaí maidir le modhtha teagaisc agus smachta—go bhfuil siad níos measúla ortha féin agus gur fearr an eisiompláir a thugann siad uatha tré na n-iomchur pearsanta. Deirtear, freisin, liom go bhfuil páistí na linne seo níos míne de ghnáth ina mbéasaí, gur réidhe ghlacas siad teagasc agus gur fearúla a spiorad.
Ach is truagh liom é bheith le rá nach n-oireann an deagh-scéal sin do gach cás. Go fóill féin, tá oidí ann nach léir dóibh cad is fiú an deagheisiompláir—oidí a mheasas go gcólíonann siad a ndualgas nuair a thugann siad uatha oiread de theagasc fhoirmiúil agus shábháileas iad ar bhriseadh rialach. Is beag iarracht a thugann a leitheidí sin ar a modhtha teagaisc do chur in oiriúint do gach dalta go pearsanta. Ní bhíonn foighid aca le daltaí atá maol-aigeantach, agus 'séard is droch-thoradh dá n-obair gur minic a thugann siad ar na daltaí fuath do thabhairt dá n-oide agus don scoil agus dá mbaineann léi.
Nuair a bhí mé ag cur Meastacháin na bliana seo thart os cóir na Dála, dubhairt mé go raibh ullmhúchán déanta chun scéim nua le haghaidh bronnadh Teistiméireacht Bun-Scol do chur i bhfeidhm i 1943. Ba é an rud do bhi beartuithe ins an scéim sin go gcuirfí faoi scrúdú i 1943 gach dalta dá mbeadh ins an Seisiú Rang ins na Bun-Scoileanna agus ag a mbeadh 100 freastal ar a laghad déanta. I mbliana, agus ins na blianta seo chugainn, 'seard atá socruithe go gcuirfear faoi scrúdú gach dalta dá bhfuil ar an rolla ins an Seisiú Rang, nó i Rang is áirde ná sin—cé's moite de dhaltaí do chuaidh faoi'n scrúdú cheana nó daltaí nach mbeidh an uimhir riachtanach freastal déanta aca.
An ladh de Mheitheamh, 1943, do bhí an chéad scrúdú ann faoi'n scéim seo. Tháinig 44,272 dalta chun an scrúduithe, agus d'éirigh an scrúdú le 31,535—rud is ionann agus 71% den iomlán do tháinig i láthair. Ar dhaltaí an Seisiú Ranga amháin do bhí an scrúdú sin éigeantach, ach is cúis áthais a bheith le rá gur cuireadh i láthair 13,500 dalta as an Seachtú Rang agus an Ochtú Rang.
Ba rí-dheacair scrúduchán d'eagrú dá leithéid sin de mhór-líon dalta, mura mbeadh có-chongnamh áitiúil le fáil ina chóir, agus is áthas liom bheith i ndon a rá gur cuireadh an có-chongnamh sin ar fáil ach i bhfíor-chorráit. Bhí beagnach 2,700 ionad scrúduithe ann, agus, ó thárla ag trácht ar an obair sin mé, ba mhaith liom focal nó dhó do rá le gach éinne dár chuidigh léi. Tairgim buidheachas do Bhainisteoirí na mBun-Scol ar fud na tíre, óir ba mhór a gcongnamh-san leis an scéim do chur in éifeacht. Tairgim buidheachas do na hUird Chreidimh, óir chuidigh siad go fial le heagrú na n-ionad scrúduithe agus le hobair a bhí có-thábhachtach léi—marcáil na bhfreagra do thug na daltaí uatha. Tairgim buidheachas, mar an gcéanna, do na hOidí agus do na daoine eile do rinne an obair do stiúradh.
Na teistiméireachta gnóthuítoar ins an Scrúdú sin na mBun-Scol, ba chóir go mba tairbheach iad do dhaltaí ar mhian leo dul i mbun cúrsa de mheán-oideachas nó de ghairm-oideachas, agus ba chóir go gcuideodh siad le daltaí do bheadh ag iarraidh postaí i gceárda no i dtionnscail a mbeadh caighdeán áirithe oideachais ag teastáil ina gcóir. Lena chois sin, tá an teistiméireacht ina cuspóir dheimhin ag an oide dalta scoile, agus ina congnamh ag an oide dá bhrí sin. Ina theannta sin go léir, tugann an teistiméireacht caoi do thuismitheoirí ar oideachas a gcloinne do mheas.
Tá mé cinnte go dtuigtear go coiteann an tairbhe bhaineas leis an Scrúdú seo. Ní hole an cruthú air sin, dar liom, 13,500 dalta as an Seachtú agus as an Ochtú Rang do theacht chun an scrúduithe, gidh nach raibh sin d'fhiachaibh ortha ar chor ar bith. Anois, ó thárla ar bhun nua é, tá mé ag súil nach fada go bhfaghthar có-chongnamh eagruithe ó na hoidí go léir. Is iondual deacrachtaí do bheith ag baint le scéim cho mór seo, agus ba réidhe do cuirfí in éifeacht í dá dtugadh na hoidí an có-chongnamh eagruithe sin uatha.
Mar a dubhairt mé cheana, do bheinn toilteanach, uair ar bith, ar dhul i gcomhairle faoi shlithe ar bith ina bhféadfaí có-chongnamh eagruithe na n-oidí d'fháil agus gan athrú do dhéanamh ar bhun-phrionsabail na scéime.
I mbliain a 1942-43, do ceaduíodh £246,278 de dheontais chun tithe nua scoile do dhéanamh agus chun feabhas no fairsingiú do dhéanamh ar thithe scoile do bhí ann cheana. Is mar seo do roinneadh airgead na ndeontas sin:—
Chun 25 de thithe nua scoile do dhéanamh, chun 4 de thithe scoile bhí ann d'fhairsingiú agus chun cur le deontais bhí tugtha cheana féin. |
£224,602 |
Chun feabhsuithe agus troscáin do 175 de thithe scoile bhí ann cheana |
£21,676 |
IOMLÁN |
£246,278 |
I mbliain a 1943/44, do ceaduíodl! £221,971 de dheontais, agus do roinneadh! an t-airgead sin mar leanas:—
Chun 39 de thithe nua scoile do dhéanamh, chun 4 de thithe scoile bhí ann d'fhairsingiú agus chun cur le deontais bhí tugtha cheana féin. |
£179,939 |
Chun feabsuithe, troscain, 7rl. do 286 de thithe scoile bhí ann cheana. |
£42,032 |
IOMLÁN |
£221,971 |
Ins an dá bhliain déag ó 1932-3 go 1943-4 (agus na blianta sin san áireamh) do ceaduíodh deontais, ar shuim iomlán dóibh £2,435,919, chun tithe scoile do dhéanamh nó d'fheabhsú. Do measadh go mbeadh £3,106,067 de chostas ag baint leis an obair ar ceaduíodh na deontais seo lena haghaidh—suim atá £670,148 níos mó ná na deontais do ceaduíodh. Do cuireadh ar fáil go háitiúil an £670,148 sin de dhifríocht idir an dá shuim. Na deontais do ceaduíodh ins an tréimhse sin an dá bhliain déag, 'séard a tugadh iad chun 439 de thithe nua scoile do dhéanamh, chun 170 de thithe scoile bhí ann cheana d'fhairsingiú agus chun 2,747 de thithe scoile d'fheabhsú.
Idir an ladh d'Abrán, 1932, agus an 31adh de Mhárta, 1943, do críochnuíodh 389 de thithe nua scoile agus do rinneadh mór-fheabhsú ar 680 eile. Ina theannta sin, do cuireadh i gcrích cuid mhór ar fad de mhion-scéimeanna feabhsuithe le linn na tréimhse céanna.
Mar a dubhairt mé sa Dáil le linn na Meastacháin do thabhairt isteach anuraidh, agus mar do luaidh mé sa Seanad i Mí na Nodlag, 1942, tá sé ar aigne againn clár áirithe d'obair iarchogaidh do chur i bhfeidhm maidir le déanamh agus fairsingiú agus feabhsú tithe scoile. Ó 10 mbliana go 15 bliana do thógfadh an clár oibre sin dínn, agus, do réir an eolais atá againn faoi láthair, beidh sé riachtanach
(a) 1,000 ar a laghad de thithe nua scoile do dhéanamh in ionad sean-tithe (500 de na sean-tithe seo, tá siad i ndroch-chaoi ar fad, ach féadfar bail réasúnta do chur ar na 500 eile, ionnas go ndéanfa siad cúis go ceann gearr-thamaill de bhlianta, nuair a beifear i ndon tithe nua do chur ina n-áit);
(b) fairsingiú nó feabhsú do dhéanamh ar 1,500 de thithe scoile.
Do réir mar atá luacha faoi lathair, cosnóidh an clár oibre seo idir £5,000,000 agus £6,000,000.
Ní féidir dul ar aghaidh lena leithéid sin de mhór-chlár oibre in aimsir ina bhfuil abhair foirgníochta cho gann agus tá siad le linn na hÉigeandála atá anois ann. Ach tá gach dícheall dhá dhéanamh chun riar do chásanna atá an-chruadhógach—go háirithe in aon chás ina bhfuil contúirt mí-shláinteachais i gceist. Mar atá luaidhte cheana féin agam, do ceaduíodh £246,278 de dheontais i mbliain a 1942-43 agus do ceaduíodh £221,971 de dheontais i mbliain a 1943-44—rud is ionann agus clár réasúnta mór d'obair foirgníochta san aimsir atá ann faoi láthair.
Is minic, cheana féin, do luaidh mé go bhfuil áiteanna ann ina gcuirtear fíor-bheagán suime i mbail na dtithe scoile nó na fo-thithe bhaineas leo. An deisiú beag do déanfaí cho luath agus chífí a riachtanas, is minic do sheachódh sé an deisiú costasach a mbíonn gá leis nuair a leigtear tithe in ainriocht do réir a chéile. Ní miste a rá go tréan go mba chóir bail do chur ar thithe scoile cho luath agus bheadh sin ag teastáil uatha. Sa sórt saoil atá anois ann—agus a bheas ann go ceann tamaill mhaith—is beag do b'fhéidir do dhéanamh maidir le foirgnimh nua do chur ar fáil no le trom-dheisiú ar bith do dhéanamh ar shean-fhoirgnimh.
Caithfe mé tagairt do dhéanamh do rud trom-chúiseach do rinneadh 'féacháil an laghdófaí an ceal oibre ata ar a lán Oidí Náisiúnta le tamall. Coláiste Naomh Pádraig, Druim Chonnrach (an t-aon Choláiste amháin atá ann chun tréineáil do thabhairt d'fhir Chatoiliceacha), do dúnadh é go ceann tréimhse nach fuide ná dhá bhliain.
Ní hionann sin agus go ndeachaidh an ceal oibre i méid le déanaí. Bachóra a rá gur thárla sé do bharr plean atá dhá chur i bhfeidhm ar feadh tamaill de bhlianta. Tar éis scrúdú do dhéanamh, roinnt bhlian ó shoin, ar an soláthar agus ar an riachtanas, ba léir nár ghá, go gceann tamaill eile de bhlianta, cur leis an líon oidí do bhí ar fáil cheana. Mar sin de, do stadadh go sealadach de thabhairt abhair oide isteach ins na Coláistí Ullmhúcháin, óir is tríotha sin a thagas furmhór na n-abhar oide chun na gColáiste Tréineála.
I mblianta a 1939 agus 1940, níor leigeadh buachaillí ná cailíní isteach ins na Coláistí Ullmhúcháin; i mbliain a 1941, do leigeadh isteach cailíní, ach do coinníodh dúnta coláistí na mbuachaillí. Maidir leis an scrúdú oscailte iomaíochta (an tslí eile ina dtagann abhair oide chun tréineála), níor cuireadh buachaillí ná cailíní faoi scrúdú i 1938, i 1939 ná i 1940, agus do coinníodh dúnta an scrúdú in aghaidh buachaillí i 1941 agus ina dhiaidh sin. Ós ní gur cúrsa cheithre mblian a cuirtear isteach ins na Coláistí Ullmhúcháin, do thárla, de bhárr na gcosc úd, nach raibh daltaí nua ar bith i gColáiste Naomh Pádraig i 1943, agus nach mbeidh go dtí 1946.
Tá buachaillí dhá leigint isteach ins na Coláistí Ullmhúcháin arís ó bhí 1942 ann, óir meastar go mbeidh a thuilleadh fear-oide ag teastáil faoi'n am a gcríochnóidh na buachaillí sin a gcúrsa dhá bhlian sa Choláiste Tréineála tar éis dóibh bheith sa Choláiste Ullmhúcháin ar feadh ceithre mblian. Mar sin de, déanfar Coláiste Naomh Pádraig d'ath-oscailt i Meán Fomhair, 1946, an seal is moille.
Tar éis comhairle do ghlacadh le lucht stiúrtha an Choláiste agus leis an Aire Airgeadais, tá sé socruithe agam go gcoinneófar an fhuireann agus na foirgnimh faoi réir, ionnas go n-athtosnófar ar thréineáil oidí faoi cheann tréimhse an dá bhlian—nó níos luaithe, má bhíonn gá leis. Acht caithfe mé a rá nach dóigh liom a leithéid de ghá do bheith ann. Ceisteanna airgeadais agus ceisteanna eile bhaineas leis an tréimhse idir-dhá-linn, níl siad réitithe go hiomlán fós; ach tá socruithe cheana féin nach ndéanfaidh an dúnadh sealadach aon laghdú ar chearta ná ar chaoithe na ndaoine atá ar an bhfuirinn lán-aimsire d'ollúin an Choláiste faoi láthair.
Meán-Oideachas: Mar adubhras cheana tá na Meán-scoltacha ag dul i líonmhaire do réir a chéile in aghaidh na bliana. Tá na daltaí ag dul i líonmhaire dá réir. Ins an mbliain scoile 1929-30 bhí 27,645 daltaí i Meán-Scoltacha na tíre; 40,040 dalta atá ionta i mbliana, agus is cinnte go mbeadh níos mó ná sin féin ionta marach an bhail atá ar an saol agus na deacrachtaí atá ag baint le cúrsaí taistil.
Rinne mé tagairt anuraidh do na hathruithe a bhí ar tí a ndéanta ar an gcaighdeán le haghaidh Onóracha fháil i scrúduithe na dTeastas. Go dtí anuraidh níor ghá do iarrthóir ach Onóracha a fháil i ndá ábhar agus gheobhadh sé pas le Onóracha sa scrúdú ar fad ins an Árd-Teistiméaracht. Anuraidh níorbh fhuláir do iarrthóir Onóracha fháil i dtrí hábhair ionnus go bhfuigheadh sé pas le Onóracha sa scrúdú ar fad. Tá an coinníoll céana ann i mbliana, agus i n-a theanta sin, tá an caighdeán i gcomhair Onóracha in ábhar ar bith árduithe ó 50 per cent. go dtí 60 per cent. Maidir leis an Meán-Teistiméaracht, bheadh Onóracha le fáil roimhe seo sa scrúdú ar fad ach Onóracha fháil i dtri hábhair nó 50 per cent. fháil i gceithre hábhair. Maidir leis na hOnóracha a bhíodh le fáil ag an té a gheobhadh 50 per cent. i gceithre hábhair tá athrú déanta air sin i mbliana. Sa gcás sin ní bheidh Onóracha sa scrúdú ar fad le fáil feasta ach ag an té a gheobhas Onóracha (60 per cent.) i ndá ábhar agus 50 per cent. i ndá ábhar eile.
Tá Tuaith-eolaíocht ina ábhar ar Chlár na Meán-Scol den chéad uair i mbliana. Mar a mhíníos anuraidh, is i gcóir scoltacha a bhfuil feilmeacha dhá gcuid féin acu nó a mbeadh talamh le fáil go héascaidh chuige sin acu ins an gcomharsanacht, is dóibh-sean is mó a cuireadh an t-ábhar sin ar an gclár. Eolas -teoiriciúil agus obair saotharlainne is eadh cuid den chúrsa, ach tá gnáth-obair na feilme agus garradóireacht ina gcuid de, freisin. Tá an cúrsa leagtha amach i gcaoi is gur le gnáth-obair na feilme a caithfear roint mhaith den am a bheas ceaptha don ábhar. Le súil go dtarraingeodh na scoltacha an Tuaith-eolaíocht chuca mar ábhar léighinn, agus le cuidiú a thabhairt dóibh leis na húirlisí riachtanacha a chur ar fáil, tá socruithe na gnáth-dheontais a bhíodh iníoctha ar ranganna Eolaíochta Turgnamhaighe a árdú do réir 50 per cent. Tá sé cinn déag de scoltacha tar éis an t-ábhar a ghlacadh chuca i mbliana, agus tá 'chuile chosúlacht ann go dtiocfaidh an t-am a mbeidh an t-ábhar ar a gclár oideachais ag 'chuile scoil atá cóirithe chuige.
Tá socruithe cúrsa Samhraidh don Ghaedhilg a chur ar bun i mbliana i gcóir Oidí Meán-scoile. Is i gcóir na hócáide sin an t-árdú beag atá tagtha ar an gcaiteachas a bheas ann fá Mhírcheann F de Vóta 47. Gidh go bhfuil bail mhaith ar an nGaedhilg i bhfurmhór na Meán-scoltacha, tá an caighdeán íseal go maith fós i roint bheag acu, agus tá uimhir bheag de na hoidí nach bhfuil an teanga ar a gcomhairle féin acu, fós. Bhéarfaidh cúrsa Samhraidh cleachtadh dóibh sin ar labhairt na teangan. Séard atá ceaptha an cúrsa sin a leagan amach i gcaoi is go bhfuighe siad léargus ar na cuspóirí atá rómpa agus teagasc fá'n gcaoi is fearr leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Múinteoirí a bhfuil eolas maith acu ar an teangaidh cheana, táthar ag súil go mbainfe siad sin féin tairbhe as an gcúrsa sin.
Gairm-Oideachais: Gidh nach seisiún gan deacrachtaí a bhí i seisiún na bliana 1942-3 cho fada is bhaineas le Gairm-oideachas, bhí 63,443 duine cláruithe ar rollaí na scoltacha sin. 63,975 ainm a bhí ar na rollaí ionta an seisiún roimhe sin. Na deacrachtaí a bhain le cúrsai taistil agus an t-éileamh a bhí ar na gasúir sa bportach agus ar an bhfeilm—sin é ab údar leis an laghdú a tháinig ar an tinnreamh ins na Scoltacha Gairm-oideachais fá'n tuaith. Is beag athrú a tháinig ar an tinnreamh i scoltacha na gContae-bhuirg ná i scoltacha na gCathrach. Sé toradh an scéil go léir gur thuit an tinnreamh a bhí ghá dhéanamh ar chúrsaí lán-aimsire lae ó 14,184, an uimhir a bhí ann i 1941-42, go dtí 13,212 i 1942-43. Tháinig ardú beag ar an tinnreamh i ranganna tráthnóna na Scoltacha Gairm-oideachais. Na ranganna a chuir na hoidí Gaedhilge a hoileadh le gairid ar bun a b'údar le cuid den mhéadú seo, agus an t-éileamh a bhí fá n tuaith ar ranganna innealtóireachta acu seo a bhí ag soláthar muilte gaoithe fá chóir solais ab údar leis an gcuid eile dhe.
Tá an obair ins na Scoltacha Gairm-oideachais fá'n tuaith ag dul ar aghaidh go maith ar bhealach a fheileas do shaol na tuaithe. Is beag ceanntar nach bhfuil scéim ann i gcóir duaiseanna ar obair garradóireachta a déantar sa mbaile, agus a bhíos bunuithe ar an teagasc praiticiúil a tugtar i ngarraí na scoile. Déanann tuairisc na gcigirí tagairt, ní hamháin don mhéadú seasta atá ag teacht ar an uimhir atá ag cur isteach ar an gcomórtas, ach ina theanta sin, don deágh-thoradh atá ar an obair a déantar ins na garranta sa mbaile. Rud is tábhachtaí ná sin arís, do réir tuairisc na gcigirí, seadh an chaoi a bhfuil an obair seo sna garranta sa mbaile ag dul i bhfeidhm ar na daoine fásta. Is iomdha sin scoil tuaithe a bhfuil buidheanta díospóireachta agus caidrimh do dhaoine fásta bunuithe inti fá stiúradh an oide le Tuaith-Eolaíocht. Bunuíodh tuairm agus céad buidhean acu sin i rith an tseisiúin seo. Cineál fá leith do ranganna tráthnóna seadh an "buidhean díos póireachta" nó an "ciorcal staidéir". Gidh nach ndéantar faillí ins an teagasc fhuirmiúil ins na raganna sin, sén díospóireacht imeasc baill an ranga an rud is mó a cleachtar. Sén chéad chuspóir atá ag na gnóthaí sin staldéar a dhéanamh ar na prionsabail eolaíochta ar a bhfuil an dúil bheo agus obair na talmhan bunuithe.
Ag an gCódháil bhliantúil a bhí ag Cumann na nOidí Gairm-oideachais sa mbliain 1942, mholadar có-oibriú níos fearr ná mar a bhí a bheith idir Coistí Gairm-Oideachais agus Coistí Talmhaíochta ar fud na tíre. Dá thoradh sin, tháinig ionadaithe ón gCumann réamhráite, ionadaithe ó Roinn an Oideachais agus ionadaithe ó Roinn na Talmhaíochta le chéile sa mbliain 1942, agus socruíodh ag an gcruinniú sin go gcuirfeadh an dá Roinn cearcallán le chéile le cur chuig na coistí go léir, ag míniú dóibh an ghéar-ghá a bhí le có-oibriú an-dlúth a bheith idir an dá chineál coiste fá neithe a bhain le hoideachas talmhaíochta agus fá ábhair gaolmhar dó. Cuireadh an cearcallán amach i Mí na Nodlag, 1943. Míníodh go cruinn ann na neithe ba mhó a raibh gá le cóoibriú maidir leo, agus luadhadh go speisialta roint neithe fá thalmhaíocht —neithe a bhéas ar an gelár i geóir buidheanta díospóireachta na rang tráthnóna.
Mhínigh mé anuraidh an chaoi ar ghlac na hoidí Tuaith-Eolaíochta ortha féin síol arbhair a thástáil do na feilméaraí, rud a rinneadar ar iarratas an Aire Talmhaíochta. I rith an tséasúir seo scrúduíodh ar an gcuma sin, i 94 de na scoltacha Gairm-oideachais, breis agus 10,000 sompla de shíolta agus tugadh toradh na tástála do na húinéaraí. Is mór an chosaint an tastáil sin ar chaillteanas, tré loiceadh iomlán nó pháirt-loiceadh an tsíl.
Gan trácht ar an tairbhe a fhághas an feilméara go díreach as an scéim seo, cuidíonn sé leis an teagasc agus an oiliúint a tugtar ins na Scoltacha Gairm-Oideachais a cheangal le saol na ndaoine agus lena gcuid oibre. Ina theanta sin tarraingeann sé súil na dtuismitheoirí ar obair na scoltacha sin, agus tugann sé le fios dóibh na buntáistí atá le fáil ag a gclainn de bharr freastal ar na scoltacha. Is féidir a rá gurb é an ceangal a thárla idir an baile agus na scoltacha, de thoradh scéim tastáia an tsíl, is mó ab údar le leathnú rang na mbuidhean díospóireacht tráthnóna do dhaoine fásta agus leis an bhfás a tháinig fá thinnreamh na rang sin. Is maith liom é bheith le rá agam go raibh sé ar chumas na Roinne seo agamsa socrú a dhéanamh arís i gcóir deagh-oibre sin thástáil an tsíl i rith an tséasúir seo.
Tá deágh-thoradh ag teacht anois ar an obair a rinneadh ag na cúrsaí Samhraidh a bhí i gCorcaigh sna blianta 1942 agus 1943. Is ar an leas ab fhéidir a bhaint as cumhacht aeir agus uisce i gcóir solais fán tuaith a tugadh na cúrsaí. Is iomdha sin rang fa'n ábhar céanna a bunuíodh ins na sráid-bhailte tuaithe agus is minic nach raibh slí ann don uimhir a bhí ag iarraidh freastal ortha.
Is údar áthais ar chuile bhealach é nach bhfuil aon lá dá n-eirgheann grian nach bhfuil níos mó meas ag tíocht ar Scoil Mhuire le Tigheas atá fá stiúradh Choiste Ghairm-Oideachais Chathrach Átha Cliath. Is léir ón móruimhir, ní hamháin atá ar rollaí na, gcúrsaí lán-aimsire lae ach ar chúrsaí teichniúla an tráthnóna, go dtuigeann na daoine go maith an áis atá ghá fháil acu.
Tháinig daoine as ceanntair eile le freastal ar an gcúrsa i mBainisteoireacht Tighe, agus tá scoláireachtaí luachmhara ghá mbronnadh anois ag a lán Coistí Gairm-Oideachais lena chur ar chumas mic léighinn mhaithe freastal ar an gcúrsa bliana seo i mBaile Átha Cliath. Tá ag eirghe cho maith céanna leis an gcúrsa i mBainisteoireacht Institiúite—tá postaí i dtithe aoidheachta agus i mbialanna ar fud na tíre fáighte cheana féin ag furmhór na ndaoine a rinne freastal ar na cúrsaí sin an seisiún seo a chuaidh thart.
De thoradh socruithe a rinneadh le Có-Chumann na Loingseoireachta, Teoranta, cuireadh dian-chúrsa gearr ar bun sa scoil fá chóir cócairí luinge, agus tá postaí anois ar longa de chuid Chomhlucht Loingseoireachta Éireann, Teoranta, ag an triúr mac léighinn a rinne freastal ar an gcúrsa agus ar eirigh leo sa scrúdú a leagadh amach ina chóir. Cuireadh scrúduithe praiticiúla fá choir teastaisí do chócairí luinge ar naonúr eile agus d'eirigh le hochtar acu sna scrúduithe.
Chuir an Roinn seo agamsa le cabhair Choiste Ghairm-Oideachais Chathrach Átha Cliath gearr-chúrsa speisialta i mbia-eolaíocht ar bun sa gColáiste le Tigheas i rith Samhradh na bliana, 1943. D'fhonn deis a thabhairt do na múinteoirí nárbh fhéidir caoi a thabhairt dóibh freastal ar chúrsa na bliana anuraidh, atá sé ar intinn an cúrsa sin a chur ar bun arís i mí Iúil, 1944.
Táthar tar éis deagh-chríoch a chur ar chúrsa oiliúna na céad-bhuidhne de chaide-phrintíseacha sa Scoil MuirOiliúna Sóisir a theigheas le Ceárd-Scoil na Gaillimhe agus d'éirigh go han-mhaith ins na scrúduithe leis an seachtar mac léighinn a chuaidh fá scrúdú. D'éirigh le seisear acu meánmharc nach raibh i bhfad as 80 per cent. fháil ins an scrúdú go hiomlán. Tuigtear dom go mbeidh post le fáil go gairid ar shoithigh de chuid. Chomhlucht Loingseoireachta Éireann, Teoranta, ag beirt nó triúr de na buachaillí sin. Cuireadh tús i Mí Meáin Fhómhair anuraidh ar chúrsa oiliúna den chineál céanna do bhuidhean eile.
Scéim eile dár chuir Comhlucht Loingseoireachta Éireann, Teoranta, tús léi i gCeárd-Scoil de Crafórt i gCorcaigh i Mí Eanair, 1944, séard is aidhm dí daoine feiliúnacha a oiliúint le dhul mar innealtóirí i Seirbhis MuirThráchtála Éireann. De thoradh scrúduithe comórtais, bronnadh 3 scoláireachtai arbh fhiú £50 an ceann iad i dteannta táillí teagaisc. Beidh ar na printíseacha cúrsa áithrid a leanacht ar feadh thrí mblian ins an gCeárd-Scoil, agus beifar ag súil go sroichfe siad caighdeán có-ionann le Cuid A de Theastas Dhara Grád na nInnealtóirí Mara. Áirmheofar mar chuid de thréimhse printíseachta cheithre mblian dhá bhliain de na trí bliana a chaithfeas siad ag freastal na Ceárd-Scoile. Ní féidir an Teastas Iomlán fháil gan scrúdú a sheasamh arís tar éis don iarrthóir tréimhse áirithe bheith caithe aige ar muir.
D'fhonn ceist na Gaedhilge sna Scoltacha Gairm-Oideachais fheabhsú, rinne an Roinn beart áirithe le gairid. I mí Lúnasa 1943, cuireadh clár speisialta ar fáil do Choistí Gairm-Oideachais lena chur in úsáid i ranganna céad-bhliana na Scoltacha Leanúna. Ar mhodh múinte na haimsire seo a bunuíodh an clár úd, agus leagadh amach é d'fhonn cuidiú a thabhairt do na daltaí labhairt na Gaedhilge a chleachtadh go nádúrdha i ngnáthghníomhartha a saoil. Ionnus go múinfí an Ghaedhilg mar is ceart, tá socruithe ina theanta sin ag an Roinn gan aoinne a cheapadh feasta ina mhúinteoir lán-aimsire Gaedhilge ach daoine a fuair oiliúint speisialta fá'n Roinn i gcóir na hoibre. Cuireadh comhairle, freisin, ar na Coistí Gairm-Oideachais fán obair ba cheart a chur ina gcuid scéimeanna ar mhaithe leis an nGaedhilg, agus cuireadh i dtuigsint dóibh an scód a leigfí le hoidí—bídís lán-aimsireach nó páirt-aimsireach—a ghlacfadh páirt in obair cosúil le feiseanna, le céilithe, le drámaíocht, leis an gCaisceadal nó le cluichí.
Bhí cúrsa Samhraidh ar a ndearnadh tinnreamh maith ar siúl sa mbliain 1943, le hoiliúint a thabhairt d'oidí Gaedhilge i Modha Múinte na teangan agus i gcúrsaí Gaedhealacha eile, go háithrid cúrsaí a bhaineas leis an aos óg a stiúradh. Tá sé ar intinn a mhacasamhail eile de chúrsa a chur ar siúil an Samhradh seo chugainn.
Is áthas liom tuairisc a bheith le tabhairt agam fána fheabhas a d'éirigh leis an teasbántas de pheictiúirí na bPríomh-Ealadhantóirí Eireannacha a tugadh i Scoltacha Gairm-Oideachais na tíre. De thoradh an chó-oíbrithe a fritheadh ó Phríomh-Ealadhantóirí agus ó Bhailitheoirí na hÉireann, tá an Roinn taréis 61 peictiúr a léiríos ealadhain Gaedheal fháil ar iasacht. Sa gCeárd-Scoil i bPortlairge, i Mí Mheán Fhomhair, 1943, an chéad áit ar teasbánadh an bailiúchán seo, agus sul a raibh deireadh na bliana ann teasbánadh, freisin, iad i dhá scoil déag eile de chuid an Ghairm-Oideachais i gCondae an Chláir, i gCiarraighe, i Luimneach, agus i dTiobrad Arann. Níl aón áit dar teasbánadh iad nach ndeachaidh a lán daoine ag féachaint ortha agus nár cuireadh suim mhór ionta. Tá sé ar intinn leanacht den teasbánadh seo nó go dtaisbeántar na peictiúiri i ngach Scoil Gairm-Oideachais ónar fritheadh iarratais ortha.
Tá na scoltacha Gairm-Oideachais ina n-ionaid leathnuithe, freisin, i gcóir na léachtaí bliantúla a chuireas Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar bun.
Leanadh i gCathair Chorcaighe de na cúrsaí éigeantacha a bunuíodh fá Chuid V de Acht Ghairm-Oideachais na bliana 1930, agus d'éirigh go maith leo. In ainneoin ar thárla de ghalraí, rinneadh meán-tinnreamh do réir 80 per cent. ar na cúrsaí sin.
Tá dul chun cinn maith seasta déanta ag an gComhairle le Leas Óige a bunuíodh i Mí na Márta, 1942, fa Choiste Gairm-Oideachais Chathrach Átha Cliath, le iarracht a dhéanamh ar léigheas fháil ar cheist díomhaontais an aosa óig i bPríomh-Chathair na hÉireann. Tá obair mhaith ghá dhéanamh ins an dá ionad don aos óg atá fá stiúradh na Comhairle, i mBrugh Phádraig atá ar an taobh theas den chathair agus i mBrugh Mhuire atá ar an taobh thuaidh. Tá os cionn 300 buachaill ag freastal ar Bhrugh Phádraig agus os cionn 250 ag freastal ar Bhrugh Mhuire. Tá an-tóir ar na ranganna praicticiúla ins na ceirdeanna ealadhanta, ar na ranganna in obair ádhmaid, in obair leathair agus in obair mhiotail. I dteanta an dá bhrugh sin, tá 23 chlub eile a ghníos obair den chineál céanna tar éis a gceangal leis an gComhairle, agus baineann siad leas as múinteoirí oilte agus as teagascóirí aclaíochta na Comhairle.
Ar an oiliúint phraicticiúil a tugtar atá oiliúint ar Ealadhain agus ar Cheárdaíocht (ar a bhfuil ábhair atá bunuithe ar obair ádhmaid), ar Línechlódóireacht, ar Mhúnlaíocht, ar Cheirdeanna éadtrom-mhiotail, ar Chaoladóireacht, ar Obair Leathair Ealadhanta, ar Tharraingeoireacht agus ar Cheapóireacht, ar Dhathadóireacht, ar Obair Feilte agus ar Dhéanamh Bréagán. Ar ghnéithe éagsúla d'oiliúint agus d'eagrú an aosa óig a tugtar na léachtaí agus na cainteanna.
Ó bunuíodh é, tá tuairm agus 17 mbliana ó shoin ann, tá Brainse na bhFoillseachán, nó "an Gúm" mar ghoireas an pobal go coitianta dhe, tar éis 804 leabhar Gaedhilge a chur ar fáil. Leabhra Gaedhilge ó bhonn 352 acu sin, aistriúcháin 332 acu, billeogaí nó leabhra ceoil 112 acu agus téarmaí teicniúla atá in ocht gcinn acu. Téacs-Leabhra i gcóir na Meán-Scoltacha 102 leabhar den mhéid iomlán a foillsíodh, agus is beag cineál den litríocht i gcoitinne nach bhfuil ins an gcuid eile. Tá leabhra ina mease, cuir i gcás, ar bheathfhaisnéisí, ar Thaisteal, ar Bhéaloideas, ar Fhilíocht, ar Stair agus, ina dteanta sin, aistí, leabhra don Aos Óg, leabhra tagartha, eagráin de scéalta agus de dhréachta curtha i nGaedhilg na haimsire seo, leabhra Crábhaidh, leabhra fá Eolas ar an Dúlraidh, etc. Ins na leabhra ar fad dár fhoillsigh an Gúm tá tuairm is 140,000 leathanach d'abhar i nGaedhilg nár foillsíodh ariamh cheana. 540,000 a díoladh ar fad de leabhra an Ghúim.
I láthair na huaire tá 123 leabhar i lámha na gclódóirí ag an nGúm. Táthar ag súil go bhfoillseofar 60 díobh sin taobh istigh de bhliain. Ina theanta sin tá 154 leabhar ar láimh nár cuireadh chuig na clódóirí fós. Táthar ag súil go scaoilfear tuairm is 50 acu sin ohuig na clódóirí taobh istigh de bhliain.
Ar na leabhra a fhoillsíos an Gúm tá leabhra litríochta i gcoitinne, idir bun-leabhra agus aistriucháin, i gcóir an ghnáth-léitheora. Ina theanta sin ullmhuítear agus foillsítear téacs-leabhra a meastar a bheith oiriúnach do na Meán-Scoltacha (Mír-cheann E de Vóta 47). Tá tugtha síos fá'n Mír-cheann sin, den chéad-uair, i Meastacháin na bliana 1944-45 suim i gcóir foillseacháin téacs-leabhar i nGaedhilg don Iolscoil. Ionnus go dtiubhradh scríbhneoirí fá leabhra a scríobh a d'fheilfeadh don Iolscoil tá sé ar intinn rátaí íocaíochta a bhéas roint mhaith níos aoirde ná an ráta a híoctar ar litríocht i gcoitinne a thairgsint. Is i gcóir téacs-leabhra seasta a bhéadh ag teastáil 'chuile bhliain ó mhic léighinn Iolscoile agus nach mbainfí den chlár i ngeall ar an ngnáth-athrú a déantar ar chlár léighinn na hIolscoile, is ortha sin amháin a tairgfear na rátaí árdíocaíochta.
Thairg an Roinn, le gairid, ráta maith íocaíochta do dhaoine a scríobhfadh Startha Áitiúla. Táthar tar éis roint stair acu sin a ghlacadh isteach i gcóir a scrúduithe, agus táthar ag súil go gcuirfear roint startha ar fáil ar ball, fá cheantair éagsúla den tír.