Is é an socrú atá ann ná go n-íocann an Stát a leath de na costais a bhíonn ar na Coistí ar ball le haghaidh uis agus ciste. Coláiste Tís Mhuire, i Sráid Chathail Brugha i mBaile Atha Cliath, chosnaigh sé tuairim is £110,000 Scoil Tráchtála agus Tís Chorcaighe, chosnaigh sí tuairim is £70,000; scoil speisialta do chailíní i Luimneach, chosnaigh sí tuairim is £20,000, agus bhí tuairim is £50,000 de chostas ag baint leis an socil atáthar tar éis a thógaint i gCabrach.
Mórán de na scoileanna eile, áfach, níl iontu ach foirgintí trí nó cheither seomra agus, idir na tithe féin agus a dtreallamh, níor chosnaigh siad ach ó £2,500 go £5,000 an scoil. Meánchostas an 112 foirgintí nua a rinneadh lasmuigh de na buirgí agus de na baile-cheantair, is lú é na £5,000 an fhoirgint agus, má féachtar ar an gcaoi ina bhfuil costais faoi láthair, ní deacair a fheiscint gur chríonna an bheart do na Coistí Gairm-Oideachais dul ar aghaidh chomh tapaidh agus b'féidir lena scéimeanna foirgníochta nuair a dhí saoghal fábharach ann.
Cúrsaí Lae: I dtosach na hoibre, moladh do phríomh-Oifigigh feadhmannais triaileacha a bhaint as saghsanna éagsúla cútsaí lám-aimsire nó paírt-aimsire agus, de thoradh na dtriail sin, ceapadh cúrasí a chruthaigh go maith. Ó 25 go 28 d'uaireanna gach seachtain a bhí sna cursaí sin, agus chaitá ó thrain an ama san go dtí na leath le hobair phraiticiúil. Nuair a tháinig Seiseon 1935-36, bhí na saghsanna seo leanas cúrsaí lea dhá noibriú go coitianta:—(a) Cúrsa Coireann Oiliúnach (Buachaillí agus Cailíní); (b) Ceard-Chúrsa Sóisearach (Buachaillí); (c) Cúrsa Sóisearach i DTíos (Cailíní), (d) Cúrsa Sóisearach i dTráchtáil (Buachaillí agus Cailinf); (e) Cúrsa Sóisearach Tuaithe (Buachaillf). Na ceithre cúrsaí tosaigh, nó cuid díobh, bhí siad i bhfeidhm sna ContaceBhuirgí agus sna Baile-Cheantair mhóra. Sna ceantair tuaithe, ní raibh bunaithe ach Cúrsaí Sósearacha i dTíos do Cailíní agus Cúrsaí Sósearacha Tuaithe do bhyachaillí.
Furmhór na scol ina bhfuil na cúrsaí seo i bhfeidhm, is láithreáin áitiúla oideachais iad do pháistí a mbíonn an bhun-scoil fágtha aca agus iad ós cionn 14 bliana d'aois. Ghníthear freastal maith ar scoileanna na mbailecheantar mór. Tá obair fhónta oideasach á dhéanamh ag na scoileanna sin, agus cuireann said tréineáil luachmhar ar fáil don aos óg a bhíos ag súil le fostú ar ball.
Táan nós ag fás sna ceantair seo go deé páistí cheithre mblian déag chun na gairm-Scoile sar a dtosnaíonn siad ag obair sa mbaile nó lasmuigh den bhaile, agus fágann sin go bhfuil cuid de na scoileanna chomh lán, cheana, agus is féidir doibh bheith. Go páirteach, tá an nós sin ag fás toise na tuismitheoirí bheith ag tuiscint, do réir a chéile, cad is fiú an t-oideachas seo; ach, go mór-mhór, tá sé ag fás toisc go bhfuil méadú buan ag teacht ar an lion fostaitheoir a bhíos ag iarraidh oibrithe d'fháil ó na scoileanna gairm-oideachais. Is fíor, áfach, gur deacair freastal iomlán d'fháil i gcuid de na scoileanna tuaithe. Caitear cuid de na páistí a ligean á bhfostú toisc a dtuarastal a bheith ag teastáil go géar ó na teaghlaigh ar díobh iad; agus caitear cuid cile a chur ag obair sa mbaile, í séasúir áirithe, toise ná bíonn cúnamh eile le fáil in obair na bhfeirm. Ach. dá ainneoin sin, is deimhin go mbeadh an freastal i bhfad ní ba bhuaine, dá dtuigeadh na daoine a riachtanaí atá sé a thuilleadh oideachais a thabhairt don aos óg sar a gcuirtear ag saothrú a mbeatha iad sa mbaile, nó as an mbaile. Is áthas liom, áfach, bheith i ndon a rádh go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal le dó nó trí de bhlianta.
Aithníodh, do réir a chéile, ar an obair gurbh iad na Cúrsaí leanúnacha lán-aimsire a b'fhearr toradh, agus, i Meitheamh 1942, chuir an Roinn amach Meamram V 40, ina bhfuil cur-síos ar na cuspóirí agus ar na modhanna oibre is cóil a bheith ag Oideachas leanúnach.
Scoileanna Tuaithe: Sna buirg agus ina lán de na baile-cheantair mhóra, bhí scoileanna tar éis bheith ag obair ar feadh roinnt blian, agus bhí cúrsaí lae acu a bhí cosúil leis na cúrsaí lae atá ann faoi láthair, ach go raidh siad ar scála i bhfad ní ba lú. Chuir Acht 1930 i gcumas na scol sin cuid mhaith fairsingithe agus feabhsuithe a dhéanamh ar na háiseanna a bhí acu cheana, agus thárla, dá bharr sin, gurbh iad na baile-cheantair ba thré a bhí ag éileamh cúnta ar na Coistí Contae sna chéad blianta a bhí an t-Acht i bhfeidhm. San am céanna sin, ní dearnadh ach fíor-bheagán chun áiseanna Gairm-Oideachais a chur ar fáil sna ceantair tuaithe. Tar é is bliain a 1935 is ea tonsnaíodh i gceart ar thithe scoile a dhéanamh agus ar chúrsaí leanúnacha lán-aimsire d'eagrú sna ceantair sin. Ar dtúis, níor cuireadh mórán dalta chun na scol seo, óir ní ró-thapaidh a tháinig léargas chun muintir na tuaithe ar an sochar a d'fhéadfadh a gclann a bhaint as na cúrsaí nua. Do réir a chéile, áfach, bhítheas ag aithneachtáil an tsochair sin ar dheagh-obair na scol, agus d'fhéadfaí a rá, i Seisiún a 1939-40, go raibh an ghairm-Scoil Tuaithe tar éis ionad buan di féin a bhaint amach i gcóras Ghairm-Oideachas na tíre. Tá 98 scoileanna den tsaghas sin ann faoi láthair, agus tá garradhanta lena n-ais ag 90 díobh sin. Caitear níos mó na leath an scol-ama le habhair a bhfuil dlúth-bhaint aca le hobair ar an talamh agus i dtithe na tuaithe.
I dteannta na n-abhar coitianta, tugtar teagase do na buachaillí ar Eolaíocht Tuaithe, ar Obair Adhmaid, ar Líníocht agus ar Mhatamaitic Cheardúil, agus tugtar teagase do na cailíní ar Chócaireacht, ar Obair Shnáthaide, ar Níochán, ar Bhainisteoireacht Tí agus ar Eolaíocht Tís. Sa gcúrsa ar Eolaíocht Tuaithe, féachtar do gach ceann de na prionsabail is mó tábhacht sa bhFeirmeoireacht; sa gcúrsa ar Eolaíocht Tís tugtar aire do gach bun-eolas a theastódh ó chailín chun an tuiscint cheart a bheith aici ar obair mná ina teach féin.
Ó leath-acra go dtí dhá acra an t-achar atá sna scol-gharradhanta, agus baineann na trí cuspóirí seo leo:— (1) Chun triaileacha a bhaint as ithreacha, as leasa, as síolta, as plandaí, as spréidheáil agus as modhanna éagsúla oibre; (2) Chun glasraí agus tortha a chur ar fáil do na cailíní i gcistin na scoile; (3) Chun an garrdha féin a bheith do réir modha agus eagair a spreagfas na daltaí chun an deagh-eagar agus an deagh-chuma a choinneáil ar a n-áiteanna féin sa bhaile.
Ní hionann agus brainsí eile oideachais, is riachtanach a thuiscint, sa chas seo, nach í an scoil atá ina haonad ach an ceantar máguairt ar feadh sé nó seacht de mhílte, agus is riachtanach a thuiscint gur le haghaidh na ndaoine go léir atá an scoil ann agus nach amháin le haghaidh an aosa óig a bhíos tar éis an bhun-scoil a fhágaint.
Go coitianta, bíonn ceithre múinteoirí lán-aimsire ann-múinteoir in Obair Láimhe, múinteoir i dTíos, múinteóir a theagascas Gaeilge maraon le habhair eile, agus múinteóir a bhfuil céim aige in Eolaiocht Talmhaíochta agus a bhíos, de ghnáthe, i gceannas na scoile. Bonní an ceathrar páirteach in obair na lá-Scoile agus, ina theannta sin, bíonn ranganna tráthnóna acu sa scoil féin agus i láithreáin eile so scoil-cheantar. Sa chaoi sin, tugtar riar d'ocht láithreáin faoi seach, agus tugtar Gairm-Oideachas i geóngar daoine fásta atá ina geomhnaí ró-fhada ón lár-scoil chun dul chun na ranganna a bhíos ansin.
Chun treoir thabhairt do mhúinteoirí Eolaíocht Tuaihe, ehuir an Roinn meamram amach i mbliain a 1944. Cuireadh sa Mheamram sin an t-eolas a bhí fachta cheana de thoradh na hoibre agus, ina theannta sin, bhi treoracha agus cláir oibre ann maidir le cúrsaí na céá bliana agus na darabliana, agus maidir leis an gcaoi cheart chun scol-gharrdha a leagan amach.
Na ranganna tráthnóna in Eolaíocht Talmhaíochta a cuireadh ar bun sna blianta seo caite, tá sé cruthaithe acu gur mhaith a b'fhiú iad a thionnscnamh sna Gairm-Scioleanna Tuaithe. Tagann feirmeoirí agus a gcuid oibrithe chun na gcomhthionól seo, agus ghníthear cainnt agus díospóireachta ar phríomh-phronsabail na heolaíochta a bhaineas le feirmeoireacht. Saghas fhónta oideachais do dhaoine fásta é seo, agus féadfaí a úsáid ar shlite a raghadh chun sochair do gach dream de mhuintir na tuaithe.
Ceard-Oideachas: I gcóras an Cheard-Oideachais, freisin, rinneadh áthraithe chomh fónta leis na nithe atá luaite agam. Tar éis 1930, thosnaigh na Coistí Gairm-Oideachais ar shaothar na scol a thabhairt ní ba dhlúithe in oiriúint do riachtanais tionscail a gceantar, agus thosnaíodar ag fairsingiú an teagaisc a tugtar do lucht ceirde agus do lucht oibre speisialta i monarchain. Chuir na Ceard-Scoileanna chun ranganna speisialta a chur ar fáil a thabharfadh tréineáil d'oibrithe a bhí fostaithe, nó a bhféadfaí a bhfostú, san iomad tionscal nua a bunaíodh sa tír seo le blianta gairide anuas. Tháinig a leithéidí sin de ranganna le chéile sna gairm-Scoileanna nó sna monarchain féin. Imeasc na gceard agus na dtionscal a bhfuil na ranganna ag dul chun sochair dóibh tá Déantóireacht aliminium, Déantóireacht Bróg, Déantóireacht Chnaipí, Criadóireacht, Obair Bhiatais, Súdaireacht, Déantoireacht Miotal-Shreang, agus Tionscail na hOlla. De bharr na rang sin, tháinig feabhas ar lámh-thoradh na n-oibrí a bhí oilte cheana féin agus, ina theannta sin, is ioma monarcha a bhí i ndon tosnú go luath ar tháirgeadh toisc a cuid oibrí a bheith tréineáilte roimh ré ag na Coistí Gairm-Oideachais.
Maraon leis na scéimeanna sealadacha sco, cuireadh ar bun scéimeanna eile chun tréineáil bhliantúil a thabhairt d'oibrithe nó do phrintísigh. Formhór na scéim seo, tá said i bhfeidhm sna scoileanna Gairm-Oideachais atá faoi stiúradh ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, agus baineann siad lena leithéidí seo de Chearda-Déantóireacht Bróg, Saoirseacht Brící, Obair Adhmaid agus Siúinéireacht, Cócaireacht Tithe Ósta, Oibriú gléas Cinema, Trealmhaireacht Leictreach, Péinteáil agus Maisiú, Dóireacht, Obair Luaidhe Clódóireacht, Táilliúireacht agus Déantóireacht Uaireadóir. Sceimeanna an-shuimiúla uad an scéim chun tréineáil a thabhairt do phrintísigh i Monarchain Bhiatais, an scéim le haghaidh phrintísigh don Bhord Soláthair Leictreachais agus an scéim a ceapadh le gairid do phrintísigh Chumann na MótarThrádóirí Éireannach. Is den ghrúpa seo, freisin, Meiceánaicithe an AerFhórsa, agus toghtar triocha díobh sin, gach bliain, as na buachaillí a chríochnaigh dhá bhliain de Cheard-Chúrsa Sóisearach sna Scoileanna Gairm-Oideachais. Maidir le printísigh Chóras Iompair Éireann, tá scéim leathan tréineála dhá tabhairt chun foirfeachta ag Roinn na bhFoireann den Chóras agus ag na húdaráis scol i gcomhar le chéile. Nuair a bheas an scéim seo á hoibriú ina hiomláine, béidh suas le 500 printíseach faoi n-a réir i gCathair Bhaile Átha Cliath féin. Táthar tar éis buan-scéimeanna a leagan amach chun tréineáil a thabhairt do phrintísigh le Déantóireacht Troscáin, le Gruaig-Dheisiú, agus le Péinteáil agus Maisiú, i gCathair Bhaile Átha Cliath, agus tána scéimeanna seo faio rialacháin na gCoiste a bunaíodh faoi Acht Printíseachta 1931.
Sna Condae-Bhuirgí agus i gcuid de na baile-cheantair mhóra, ceapadh scéimeanna faoi leith do dhaoine ar mhian leo teastais a fháil ó na hInstitiúidí Foirgníochta, nó Innealtóireachta, nó Runaíochta, nó Fógraíochta, no Cuntasaíochta.
Do réir mar chuaidh an cheardtréineáil i bhfeabhas, d'éirigh sé riachtanach caighdeáin áirithe cháilíochta a cheapadh mar mhaithe leis na fostaitheoirí agus leis na hoibrithe in éineacht; agus, ar an abhar sin, chuir an Roinn ar bun córas nua scrúdúchán i gcóir teastas, i mbliain a 1936. Tá na teastais seo roinnte ina ndá shaghas—teastais cheardaíochta agus teastais tráchtála—agus tá a n-iarrthóirí ag dul go buan i líonmhireacht ó rinneadh an córas nua scrúdúchán a thionnscnamh.
Cuid V. Maidir le cúrsaí.éigeantacha páirt-aimsire den tsaghas a bhfuil trácht orthu i gCuid V d'Acht Gairm-Oideachais 1930, táthar á dtriail i gCathair Choreaighe ó bhliain a 1938, agus i gCathair Luimnigh ó bhliain a 1942. Sa dá chathair sin tá freastal ar chúrsaí leanúnacha d'iachall ar bhuachaillí agus ar chailíní atá idir 14 agus 16 bliana d'aois agus gan iad ag freastal ar aon lá-scoil aitheanta. Tá 180 scoiluair i ngach seiseon de na cúrsaí seo, agus teagasctar iontu na habhair is gnáthach bheith i gcúrsaí leanúnacha, maraón le hobair láimhe do bhuachailli-agus tíos do chailíní. Tá 36 seachtainí sa tseiseon, agus bíonn na daltaí i láthair ar feadh chúig n-uair, láamháin i ngach seachtain. I gCathair amháin i ngach seachtain. I gCathair Chorcaighe, tá 900 dalta ag freastal ná gcúrsa seo, gach bliain ó 1938, agus chuaidh lion na ndalta thar 600 i gCathair Luimnigh.
Ní hí seo an chéad uair dhom cuntas a thabhairt don Dáil i dtaobh na dtriail sin. Ní gá dhom éinní a rá, an uair seo, ach go bhfuil sé cruthaithe gur mhaith a b'fhiú na trialeacha a dhéanamh, agus go bhfuarthas tríothu eolas a bheas an-úsáideach nuair a beifear ag socrú ceist árduithe na scolaoise. Táthar ar intinn na cúrsaí seo a chur i bhfeidhm i mBaile-cheantair eile, agus tuigim go mbeidh Coiste Gairm-Oideachais Phortláirge ullamh chun a leithéid a chur i bhfeidhm sa chathair sin i Mí Eanair seo chugainn. Ba é an Stát a d'íocadh lán-chostas na gcúrsa seo ar dtúis, ach tá siad anois ina bpáirt aitheanta de scéimeanna Gairm-Oideachais na gceantar ina bhfuilid i bhfeidhm.
Comhairle le Leas Óige: I gCathair Bhaile Á Cliath, chuathas i mbun triaileach cile ná fuil neamh-chosúil ar fad lc scéimeanna úd Chorcaighe agus Luimnigh. Ach ní bhaincann aon fhreastal éigeantach leis an scéim seo. I mbliain a 1942, chuir an Coiste Gairm-Oideachais fo-choiste ar oun chun láithreáin tréineála a eagrú do dhaoine óga a bhí gan fostú, agus is ar m'achaine-se a rinne siad sin. Séard is cuspóir do na láithreáin seo, áiseaona oideachais agus caitheamh-aimsire a chur ar fáil, féachaint an laghdódh siad sin droch-iarsmaí an díomhaointis agus an dístiúrtha imease ógánaigh na cathrach. Tuarim is 500 buachaill atá idir 14 agus 16 bliana d'aois, tagann siad chun an dá láithreán.
Ina theannta sin, tá comh-cheangal leis an gComhairle déanta ag 31 cumann buachaillí agus ag seacht gcumann cailíní, agus féadfaí a rá gur tré na cumainn sin a ghníthear an mhórchuid d'obair na comhairle. Mar sin de, baineann obair na Comhairle le breis agus 2,500 buachaill agus le breis agus 600 cailín.
Tréineáil Múinteoir Ó thainig an méadú mór ar aiseanna Gairm-Oideachais de thoradh Achta 1930, ba riachtanach fóirne líonmhara muinteoirí a thréineáil, agus b'é ba mhian leis an Roinn go mbeadh na múinteoirí sin chomh dea-cháilithe agus b'fhéidir. Fuarthas roinnt áirithe ó na hOllscoileanna, ach b'í an roinn féin a thréineáil a bhfórmhór mór, agus rinneadh sin tri ghearr-chúrsaí dian-thréineála nó tri chúrsaí eile a mhair dó nó tri de bhlianta.
Sa tréimhse 1930-45, cuireadh 500 le líon na múinteoirí lán-aimsire—tuairim is 250 do Thíos, tuairim is 100 d'obair adhmaid, tuairim is 100 d'Eolaíocht Tuaithe agus tuairim is 50 d'Obair Mhiotail. Ba riachtanach líon na múinteoirí Tí a bheith mór, toisc go geaitheann ban-mhúinteoirí éirí as an obair nuair a phósas siad. I Seiseon 1932-33, bhí 649 de na múinteoirí lanaimsire fostaithe, agus chuir siad isteach 445, 113 d'uaireanna teagaise. I Seisiún 1944-45, bhi 988 múinteoirí lán-aimsire ann, agus chuir siad sin isteach 728,497 d'uaireanna teagaisc. Ina theannta sin, bhí 766 múinteoirí páirt-aimsire ag obair agus chuir siad isteach 226,360 d'naireanna teagaisc. Gach bliain, bíonn ath-chursaí áirithe ann faoi stiúradh na Roinne, chun go mebeidh caoi ag na múinteoirí bheith ar chomh-chéim le dul-chun-cinn na n-abhar a bhíos á dteagase acu.
Maidir leis an nGaeilge ní gá dom a rá ach gur tosnaíodh go luath ar chúrsaí samhraidh i nGaeilge d'eagrú do ghairm-mhúinteoirí ague, i mbliain a 1932, tionnscnadh an scrúdúchán le haghaidh an Cheard-Teastais Ghaeilge. Faoi na scémeanna Gairm-Oideachais, b'é sin an cháilíocht a caitheadh a bheith ag múinteoirí in abhair eile lasmuigh den Ghaeilge, agus is riachtanach anois é a bheith ag na gairmmhúinteoirí lán-aimsire fó léir, beagnach.
Maidir le teagasc na Gaeilge féin, níor mheas an Roinn go raibh dul-chun-cinn sáthach maithe á dhéanamh faoi na scéimeanna gairm-oideachais, agus tionnscnadh cúrsaí speisialta chun múinteoirí a thréineáil sna modhanna teagaisc is fearr, agus chun a dtréineáil i saghsanna eile oibre a measadh a bheith riachananch chun labhairt na teangan a chur ar aghaidh mar be cheart. Ar fud na tíre faoi láthair, tá na múinteorí seo ag cur sprid nua sna ranganna Gaeílge. Gach bliain, tugtat socláireachta do 600 dalta, nó mar sin, chun a chur ar a gcumas freastal, ar feadh míosa, ar chúrsaí speisialta sa Ghaeltacht.
Airgeadas an Gairm-Oideachais. Is é is priomh-chuspóir don Bhille seo ná oiread breis-chistí a sholáthar do choistí gairm-oideachais agus chuirfeas ár a gcumas comhlíonadh a dhéanamh ar na feidhmeanna atá leagtha amach do gach Coiste in Acht 1930, viz.:-
"(a) córas oiriúnach d'oideachas leanúnach a bhunú a bhuanú do réir an Achta ina gceantar féin, agus soláthar a dhréanamh chun a leithéid sin de chóras a thabhairt i bhforás, diaidh ar ndiaídh;
(b) soláthar, nó soláthar-i-gcabhair, a dhéanamh le haghaidh ceárdoideachas ina gceantar féin do réir an Achta."
Mar sin de, ba mhaith liom anois gearr-achoimre a thabhairt don Dáil ar na forála airgeadais áta in Acht 1930. Do réir an Achta sin, d'fhéadfadh Coistí Gairm-Oideachais suas go dtí 6p. sa £1 de shíntiúis a fháil as na rátaí áitiúla sna ceithre contae-bhuirgí agus sna seacht mBaile-Cheantair atá sceidealta san Acht, agus d'fheadfaí suas go dtí 4p. sa £1 a fháil i geás na gCoiste Contae. Bhí deontais ón Stát iníoctha, freisin, agus socraíodh ar ball gurbh é bheadh iontu sin ná (1) bun-deontas a rialófaí do réir an mhéid Stát-Chúnta a bhí á fháil ag an gCoiste roimh 1930, agus (2) breis-deontas a bhead do réir an méid ráta a fuarthas de bhreis ar minimum áirithe. (3p. an minimum ba ghnáthach bheith sna cathracha agus sna mó r-bhailte, agus sna Contaethe). £1 in aghaidh gach £1 de ráta áitiúil an breis-deontas sna Contaethe agus i gCathair Bhaile Átha Cliath; £4 in aghaidh an £1 atá sna baile-cheantair sceidealth, agus £2 in aghaidh an £1 i nDún Laoghaire. Níorbh fhéidir, áfach, an síntiús áitiúil a mheadú ach do réir 1/4p. gach bliain agus, ar an ábhar san, ní raibh an 4p. de shíntiús áitiúil le fáil ag na Coistí Contae go dtí an bhliain airgeadais dar tosach an 1ú Aibreán, 1940; agus ní raibh an 6p. de shíntiús áitiúil le fáil sna cathracha agus sna mór-bhailte go dtí an bhliain airgeadais dar tosach an 1ú Aibreán, 1942.
Ach ní raibh sé d'fhiachaibh ar na Coistí na breis-rátaí sin a thógaint— agus ní bheidh anois. Ina theannta sin, fhéadfaí gan an breis-ráta a cheadúin aon-chor, dá meastaí ná raibh sé riachtanach; agus bhí cumhacht a choiscithe ar an abhar sin ag an Aire Oideachais, agus an cumhacht cheanna ag fo-choistí áitiúla na meastachán—fo-choistí ar a mbíodh ionadaithe na n-údarás áitiúil. Tuigfear ón méid sin go gcoinnítear stiúir dheimhin ar fhórás an ghairm-oideachas i ngach ceantar. Go fírinneach, ní raibh na maxima sroiste ach I gceithre Chonndae agus i gceithre bhaile-cheanntar ar na dátaí atá luaite agam.
I mbliain a 1930, measadh ná beadh na maxima sroiste agus ná béadh an scéim i bhfeidhm ina hiomláine go ceann 15 bliana nó go ceann fiche blian. Mar sin de, rinneadh soláthar do 6p. de maximum do na Coistí go léir sa gcéad dréacht den Acht, ach ní shroisfeadh na Coistí Contae an maximum sin go dtí an bhliain dar tosach an lú Aibreá, 1947. Nuair a bhí an bille á bhreathnú i gCoiste, i 1930, ghlac an t-Aire Oideachais le leasú a laghdaigh maximum na gContae go dtí 4p. sa £1 agus a laghdaigh an tréimhse shroiste go dtí an lú Aibreán, 1940; ach ba mhian leis go ndéanfaí an cheist a athbhreithniú i ndeireadh na tréimhse sin, agus dúirt sé go raibh "gan amhrais, roinnt nithe eile sa mBille a dteastódh leasú uathu i mbliain a 1940." Dúirt tairgeoir an rúin:
"Gidh go stadfaidh íocaíochta faoi'n Acht i 1940, níl fáth ar bith ná tabharfaí isteach Bille leasúcháin, an uair sin, chun an tsuim a mhéadú agus a bhúanú go dtí 1947."
Is amhlaidh atáim ag trácht ar na nithe sin anois sa chaoi a mbeidh a fhios agaibh cad é an chuspóir a bhí ag údair an Achta agus cad a mheasadar ba chóir a dhéanamh nuair a gheobhfaí a thuilleadh eolais trí oibriú an Achta. I mbliain a 1944, bhí Bille (Leasúcháin) Gairm-Oideachais againn, agus baineadh feidhm as chun 1p. sa £1 de bhreis-ráta a fháil do na Coistí a rabh an maximum sroiste acu agus ar theastaigh níos mó uathu mar gheall ar an méadú caiteachais a thárla ann de bharr na héigeandalá— go háirithe sa mheid a bhain leis an mBónas Costais Maireachtana agus leis an mBónas Eigeandála.
Faoi láthair, tá na maxima sroiste ag 12 de na 27 Coistí Contae agus ag 5 den 11 Coiste Baile-Cheantair; agus, lasmuigh de Chathair Bhaile Átha Cliath, is beag ná fuil deireadh foráis curtha i gcrích ag na Baile-Cheantair, do réir an scála atá anois ann. Ach tá a lán le déanamh sna Contaethe go léir beagnach, sar a bhféadfar a rá go bhfuil áiseanna gairm-oideachais curtha ar fáil do thromlach mhór na ndaoine. Mar adúirt mé cheana, tá tuairim is céad scol-fhoirgint nua le déanamh go fóill. Ní bheidh ina bhformhór sin ach ó 2 go dtí 4 seomraí, agus bhéarfaidh siad gairm-oideachas isteach i gceantair ná raibh a leithéid iontu cheana féin, cé's moite de ghearr-chúrsaí anois agus arís. Deacrachta aimsir an chogaidh, níor leig siad don ghairm-oideachas dul ar aghaidh i mBaile Átha Cliath sa chaoi ina mbeadh sé ar chomh-chéim le mear-fhás na cathrach ó taobh achair agus ó thaobh daonra; agus caithfear, ar a laghad, cúig nó sé cinn nua de scoileanna réigiúnacha a dhéanamh in aghaidh an éilimh atá ar chúrsaí deontacha Gairm-Oideachais ar fud na cathrach. Pé scéal é, tá dianaire á tabhairt do na riachtanais seo ag Coiste Gairm-Oideachais na Cathrach, agus táthar ag ullmhú chun na háiseanna atá ag teastáil a sholáthar comh luath agus bhéas fáil ar abhair foirgneamh agus ar threalamh scol.
Ba mhaith liom feidhm a bhaint as an ócáid seo freisin chun buíochas a thabhairt go poiblí do Choiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath. D'ainneoin a mbíonn de ghnó lena gcuid foirgint agus a mbíonn d'obair ag a gcuid foireann, tugann siad áiseanna agus cúnamh luachmhar don Roinn i gcónaí, maidir le tréineáil múinteoirí le haghaidh an GhairmOideachais. Go dearfa, ba rí-deacair, ar feadh na gcúig mblian déag seo caite, uimhir sáthach mór múinteoirí a thréineáil don Ghairm-Oideachas, mura mbeadh na háiseanna speisialta a fuarthas ón gCoiste sin, maraon le húsáid a bhfoirgint breá scol agus le comhairle na n-eolgach atá ar a gcuid foireann.
San ócáid chéanna seo, is ceart dom, freisin, moladh a thabhairt do na Coistí Gairm-Oideachais, do na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin agus do na Múinteoirí Gairm-Oideachais ar a fheabhas a chuir siad cuspóirí Achta 1930 i gcrich. Obair ghlan-deontach an obair a ghní na Coistí, agus ba deacrachta nua ar fad a lán de na fadhbanna a bhí le réiteach acu féin agus ag a bhfóirne agus, má cuimhnítear air sin, táim cinnte go n-aontófar go bhfuil buíochas an phobail í gcoitinne tuillte acu mar gheall ar an gcaoi ina ndearna siad a gcuid oibre agus a dtug siad an Gairm-Oideachas san éifeacht ina bhfuil sé anois.
Maidir liom féin go pearsanta, táim cinnte gur beag an méid comhlucht poiblí atá níos dúthrachtaí ná na Coistí Gairm-Oideachais nó a thug seirbhís níos fearr don Náisiún, go háirithe i rith na hEigeandála. Ina theannta sin, creidim go deimhin go bhfuil na Scéimeanna anois sa riocht ina bhféadfaid teacht chun bheith ina gcóras sáréifeachtach Gairm-Oideachais; agus, nuair a bheas lán-fheidhm á bhaint astu ag an bpobal, is é mo mheas go mbeidh siad ina bpáirt an-tábhachtach de sheirbhís oideasach a bhéas comh maith, i ngach slí, leis na seirbhísí is cuspóir don reachtúchán atá déanta ag Rialtais eile.
Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi na hAilt sa Bhille. Mar adúirt mé faoi Alt a 2, tá socrú á dhéanamh againn ansin faoi chúrsaí airgid. 6d. sa phunt i gcás Contae Bhuirgí agus Baile-Ceanntair faoi sceideal agus 4d. sa phunt i gcás limistéirí Contae, sin í an íocaíocht bhliantúil a bhí iníocha ag na húdaráis áitiúla faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930. Fritheadh amach sa bhlian 1944 gur theastaigh tuilleadh airgid ó Choistí chun na seirbhísí a bhí ar bun acu a choinneáil ar siúl agus chun socrú a dhéanamh i dtaobh a gcuid scéimeanna a leathnú. Dá bhrí sin, faoin Acht a ritheadh sa bhliain 1944 do hárdaíodh an ráta sin thuas go dtí 7d. sa phunt sna Contae-Bhuirgí agus 5d. sa phunt sna Coistí Contae. An bhreis airgid a fritheadh de thoradh na rátaí sin maraon leis an gcabhair airgid a thug an Stát uaidh, do hídíodh an chuid is mó dhe de bharr an mhéaduithe a tháinig ar an gcostas maireachtana agus ar an mBónas Éigeandála a híocadh le múinteoirí agus le hoifigigh eile de chuid na gCoistí. Tá tuilleadh airgid ag teastáil anois chun bail a chur ar scéimeanna atá beartaithe cheana féin, ach nár mhór moill a chur orthu le linn tréimhse an chogaidh, agus chun socrú a dhéanamh i gcóir na scéimeanna a bhfuil tagairt déanta agam dóibh cheana féin.
Meastar go mbeidh 2d. sa phunt sa bhreis ag teastáil, agus tá beartaithe gan ach 1/2d. sa phunt de mhéadú a leagan in aghaidh na bliana agus go dtosnófar sa bhliain 1947-1948.
Tá beartaithe in Alt a 3 beárna a bhí i seirbhís inphinsin oide de chuid Choisde Chathair Luimnigh a dhúnadh. Idir 1919 agus 1923 a tharla an bheárna sin agus seo mar a tharla: le linn réim an tSasanaigh do shocraigh an Coiste a bhí ann san am—Coiste CeardOideachais Luimnigh—ná beadh aon bhaint acu feasta leis an Department of Agriculture and Technical Instruction ach go bhfeidhmeoidis faoi Dháil Éireann. Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm agus leanadar orthu ag obair go ceann bliana nó mar sin agus níor tosnaíodh arís go dtí 1923. Lean an t-oide atá i gceist ag obair faoin gCoiste le linn dóibh bheith ag feidhmiú faoin Dáil agus fostaíodh aris é nuair a thosnaigh an Coiste arís.
An rud atá beartaithe in Alt a 4 is de dhruim an tsocraithe a rinne Coiste Luimnigh—feidhmiú faoi scáth na Dála sa bhliain 1919—a tharla se. Dhiúltaigh an chuid is mó den fhoirinn leanúint i seirbhis an Choiste tar éis an athraithe seo agus do tugadh uas-phinsin nó uas-aisci dhoibh faoi Alt 8 den Local Government Act, 1919. Rinneadh socrú faoin Acht Cúiteamh Oifigeacha Áitiúla (Tréimhse Cogaidh), 1924, I gcóir na niocaíocht sin as Cisti an Stáit. D'éirigh leis an gCoiste oidi eile a fháil le leanacht den obair faoi scáth na Dála agus ar na hOidí sin bhi Oide Adhmadóireachta a thug suas a cheart chun pinsin a fháil faoi Acht 1919 i ngeall ar gur éirigh sé as an bpost a bhí aige faoi choiste cheard-Oideachais eile (.i. Coiste Chontae Mhuigheo). Nuair a cuireadh deireadh le feidhmiú an Choiste ní raibh post ar bith ag an oifigeach seo ar feadh scathaimh.
Sa bhliain 1921 fuair sé post faoi Choiste Cheard-Oideachais na Mídhe. An bhliain ina dhiaidh sin fuair sé post faoi Bhord na nOibreacha Poiblí agus rinneadh post seasta dhe sa bhliain 1925. Tá sé ar tí dul ar phinsean anois agus ó thárla nach féidir an tseirbhís a thug sa faoi Údarás Áitiúil a chur san áireamh i gcóir pinsin sa Stát-Sheirbhís—seirbhís ná téann thar 20 blian— ceaptar go bhfuil sé tuillte aige go gcuirfí an méid pinsin a bheadh ag dul dó as a sheirbhís faoi Údaráis Áitiúla san áireamh freisin. £68 an tsuim atá leagtha amach san alt agus tá sin bunaithe ar sheirbhis thrí mblian déag. Déanfaí leath na suime seo a íoc thar n-ais leis an íocóir as Chiste an Stáit agus d'íocfadh na húdaráis sin a raibh sé mar oide acu síntiúis freisin.
Séard atá beartaithe in Alt a 5 réiteach a dhéanamh ar amhrais a tharla faoi fhorála Alt 6, 7 agus 8 den Acht Ghairm Oideachais (Leasú), 1944, maidir leis an mbaint atá ag na forála sin le hOifigigh de chuid na Sean-Choistí Chéard-Oideachais a haistríodh chuig na Coisdí Gairm-Oideachais faoi Alt 99 d'Acht 1930.
Baineann Alt a 6 le costais taistil agus táimid chun an scéim cheanna a oibriú. Do rinne Alt 67 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, leasú ar an dlí a bhain le costais taistil a íoe le baill de Chomhairlí Contae. In a theannta sin, tá socrú á dhéanamh go n-íocfar ráta seasta do réir an mhíle agus go bhféadfar liúntas a íoe le baill a chomhnaigh níos mó ná tri mhile ó áit an chruinnithe. Sílim go bhfuil an tAlt sin ann cheana do bhaill na mbárdas áitiúla faoin Roinn Rialtais Áitiúil, agus nilimíd ach ag chur an gairm-oideachas ar an dul céanna ó thaobh costais taistil dhe.