Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 May 1950

Vol. 120 No. 10

Written Answer. - Droichead agus Bóithre Nua.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an bhfuil tairiscint sa Roinn aige chun droichead nua, agus bóithre nua ó gach aon cheann de, a dhéanamh, i leaba an tsean-droichid, ar an mbóthar mór i dToghroinn Abhainn Ghabhala, Contae na Gaillimhe; má tá, an bhfuil sé ceadaithe aige; agus má tá sé ceadaithe aige an dtig leis a rá cé'n uair a tosófar ag déanamh na hoibre.

Micheál Mac Aoidh

Le linn Feabhra so thart cuireadh in iúl don Chomhairle Contae gur ceadaíodh an tairiscint chun an droichead nua seo do thógáil. Seolfar litir chuca go luath maidir leis na bóithre nua ar gach taobh den droichead. Ceist don Chomhairle, ina dhiaidh sin, socrú do dhéanamh chun tús do chur leis an obair.

Barr
Roinn