Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 20 Mar 1956

Vol. 155 No. 6

Written Answers. - Oifigi Aitiúla agus an Gaeilge.

D'fhiafhaí

den Aire Leasa Shóisialaigh ar thug sé ordú nach gceadófar d'oifigeach áitiúil ar bith a mbaineann aon chuid dá dhualgais le aon chuid den Ghaeltacht leanacht sa phost mura dtig leis a chruthú go sásúil go bhfuil sé i ndon a dhualgais a chomhlíonadh i nGaeilge; agus, má rinne, an dtabharfaidh sé teideal oifigiúil an orduithe sin.

Deineadh ordú sa bhliain 1928 dár teideal "Ordú na nOifigí agus na bhFeadhmanaisí Áitiúla (Gaeltacht), 1928" (Uimhir 33 de 1928) agus ordú eile sa bhliain 1944 dár teideal "Rialacháin na nOifigeach Áitiúil (An Ghaedhilge), 1944" (Uimhir 76 de 1944), ag baint leis an cheist seo. Do réir na nórdaithe sin, duine ar bith a ceaptar chun oifig le na mbaineann na hórdaithe, agus gur in aon chuid nó maidir le haon chuid den Ghaeltacht atá dualgais na hoifige sin le cólíonadh agus nach bhfuil, le linn a cheapacháin sin, leor-eolas ar an nGaeilge aige chun dualgais na hoifige sin do chólíonadh sa teangain sin, scuirfidh de bheith i seilbh na hoifige sin ar thrí bliana do bheith caite ó dháta an cheapacháin sin mara mbeidh curtha ina luí aige ar an Aire roimhe sin an t-eolas san do bheith aige ar an teangain sin. Deineadh leasaithe ar na hordaithe sin ó am go h-am chun an tréimhse afá leagtha síos ins na hordaithe do shíniú. Do réir ordaithe a deineadh ar an 31ú Eanáir, 1956 (Ordú na nOifigí Áitiúla (Gaeltacht) (Leasú), 1956, agus Rialacháin na nOifigeach Áitiúil (An Ghaeilge) (Leasú), 1956, cuireadh siar an dáta deireannach chun an tAire do shásamh i dtaobh eolais ar an Ghaeilge i dtaobh oifigí arb é is Aire oiriúnach maidir leo go dtí an 31ú Eanáir, 1957.

D'fhiafraí

den Aire Rialtais Aitiúil ar thug sé ordú nach gceadófar d'oifigeach áitiúil ar bith a mbaineann aon chuid dá dhualgais le aon chuid den Ghaeltacht leanacht sa phost mura dtig leis a chruthú go sásúil go bhfuil sé i ndon a dhualgais a chomhlíonadh i nGaeilge; agus, má rinne, an dtabharfaidh sé teideal oifigiúil an orduithe sin.

Deineadh ordú sa bhliain 1928 dar teideal "Ordú na nOifigí agus na bhFeadhmanaisí Aitiúla (Gaeltacht), 1928," (Uimhir 33 de 1928) agus ordú eile sa bhliain 1944 dar teideal "Rialacháin na nOifigeach Aitiúil (An Ghaedhilge), 1944" (Uimhir 76 de 1944) ag baint leis an cheist seo. Do réir na nórdaithe sin, duine ar bith a ceaptar chun oifig le na mbaineann na hórdaithe, agus gur in aon chuid nó maidir le haon chuid den Ghaeltacht atá dualgais na hoifige sin le cólíonadh, agus nach bhfuil, le linn an cheapacháin sin, leor-eolas ar an nGaeilge aige chun dualgais na hoifige sin do chólíonadh sa teangain sin, scuirfidh de bheith is seilbh na hoifige sin ar thrí bliana do bheith caite ó dháta an cheapacháin sin mara mbeidh curtha ina luí aige ar an Aire roimhe sin an t-eolas san do bheith aige ar an teangain sin. Deineadh leasaithe ar an hordaithe sin ó am go h-am chun an tréimhse atá leagtha síos ins na hórdaithe do shíniú. Do réir ordaithe a deineadh ar an 31ú Eanáir, 1956 (Ordú na hOifigí Aitíúla (Gaeltacht) (Leasú), 1956 agus Rialacháin na nOifigeach Aitiúil (An Ghaeilge) (Leasú), 1956, cuireadh siar an dáta deireannach chun an tAire do shásamh i dtaobh eolais ar an Ghaeilge i dtaobh oifigí arb é is Aire oiriúnach maidir leo go dtí an 31ú Eanáir, 1957.

D'fhiafraí

den Aire Sláinte ar thug sé ordú nach gceadófar d'ofigeach áitiúil ar bith a mbaineann aon chuid dá dhualgais le aon chuid den Ghaeltacht leanacht sa phost mura dtig leis a chruthú go sásúil go bhfuil sé i ndon a dhualgais a chomhlíonadh i nGaeilge; agus, má rinne, an dtabharfadh sé teideal oifigiúil an orduithe sin.

Deineadh ordú sa bhliain 1928 dár teideal "Ordú na nOifigí agus na bhFeadhmanaisí Áitiúla (Gaeltacht), 1928", (Uimhir 33 de 1928) agus ordú eile sa bhliain 1944 dar teideal "Rialacháin na nOifigeach Áitúil (An Ghaedhilge), 1944" (Uimhir 76 de 1944) ag baint leis an cheist seo. Do réir na nórdaithe sin, duine ar bith a ceaptar chun oifig le na mbaineann na hórdaithe, agus gur in aon chuid nó maidir le haon chuid den Ghaeltacht atá dualgais na hoifige sin le cólíonadh, agus nach bhfuil, le linn an cheapacháin sin, leor-eolas ar an nGaeilge aige chun dualgais na hoifige sin do chólíonadh sa teangain sin, scuirfidh de bheith i seilbh na hoifige sin ar thrí bliana do bheith caite ó dháta an cheapacháin sin mara mbeidh curtha ina luí aige ar an Aire roimhe sin an t-eolas san do bheith aige ar an teangain sin. Deineadh leasaithe ar na hórdaithe sin ó am go h-am chun an tréimhse atá leagtha síos ins na hóraithe do shíiniú. Do réir ordaithe a deineadh ar an 31ú Eanair. 1956 (Ordú na nOifigí Áitiúla (Gaeltacht) (Leasú), 1956, agus Rialacháin na nOifigeach Áitiúil (An Ghaelige) (Leasú), 1956, cuireadh siar an dáta deireannach chun an tAire do shásamh i dtaobh eolais ar on Ghaelige i dtaobh oifigí arb é is Aire oiriúnach maidir leo go dtí an 31ú Eanair, 1957.

Barr
Roinn