Táimid go léir ar aon-aigne is dócha ná fuil ceist na teangan ag dul ar aghaidh chomh maith agus ba cheart é bheith. Is fíor a rá, ceapaim, go bhfuil níos mó daoine sa Ghaeltacht gur féidir leo Gaeilge do labhairt ná mar a bhí ann 25 bliain ó shoin; ach ní féidir a rá sílim, go bhfuil an líon cainteóirí Gaeilge ag dul i mhéid. Is olc an scéal é go bhfuil siad ag dul i laighead go fíor-thapaidh. Ón am a cuireadh ár Rialtas féin ar bun, táimíd ag iarraidh an cheist seo a leigheas ach d'ainneoin gach iarracht a deineadh agus atá á dhéanamh againn níor éirigh linn cosc a chur leis an meath a bhí ann. Is furasta an meath sin a chur i leith an Rialtais agus na ndreamanna politiciúla ach nach fíor go ndeirtear i gcónaí riamh go bhfuil an Rialtas ciontach agus gur mar sin a bhéas an scéal go deireadh na scríbe. Admhaíonn daoine macánta go bhfuil fórsaí achrannacha ag brú isteach ar an gceist sin ón am a tháinig an gluaisteán, an radio, agus na páipéirí Gallda isteach sa tír seo. Siad sin na fórsaí láidre atá ag brú isteach ar shaol muintir na tíre seo agus go háirithe muintir na Gaeltachta agus tá dochar á dhéanamh acu don Ghaeilge.
Tá an imirce ag déanamh dochair don teanga freisin. Tá na cathracha móra agus na tíortha thar lear ag mealladh na ndaoine óga ón tír seo agus go háirithe na daoine óga ón nGaeltacht. Tá cúis eile leis sin. Is furasta d'éinne dul ar an mbus nó ar an dtraen agus lón a thabhairt leis agus beidh sé i Sasana nó sa Bhreatain Bhig i leath-lá nó mar sin. Tá tuarastal an-mhór le fáil acu thar lear agus, chomh maith leis an tuarastal mór, tá mórán rudaí eile ins na háiteanna sin chun sásamh a thabhairt dóibh. Ní hí indé ná inniu a chonaic mé den chéad uair fógra san Cork Examiner ag iarraidh stiúrthóiri mná le haghaidh na mbusanna. Bhí an tuarastal do réir £9 nó £9 10s. sa tseachtain. Is furasta a fheicéail gur tuarastal an-mhór í sin do chailiní idir 17 agus 25 bliana d'aois. Tá sé an-deacair orainn cur i gcoinne na nithe sin. Creidim go bhfuil cailíní in Éirinn, fiu amháin ag dochtúirí agus i bpostanna mar sin, nach bhfuil ag fáil tuarastail chomh mór le sin, beagnach £10 sa tseachtain. Caithfidh daoine macánta agus daoine gur mhaith leo an fhírinne a admháil nach í an Rialtas amháin nó na dreamanna politicúla atá ciontach leis an imirce agus an meath atá tagtha ar an teanga Ghaelach.
Tá nuachtán nua anseo agam —Amáireach— agus ceapaim go bhfuil muintir na Gaeltachta taobh thiar de. Sa nuachtán sin tá sé scríte:
"Tá meath na Gaeltachta ag teacht ar dhá bhealach, meath na Gaeilge sa Ghaeltacht agus imtheacht an phobail as an Ghaeltacht."
Ní féidir liom argóint a dhéanamh le muintir na Gaeltachta féin ach nílim den tuairim go bhfuil an teanga féin ag dul in olcas sa nGaeltacht ach amháin go bhfuil na daoine óga ag imeacht ón Gaeltacht. Tá an teanga chomh láidir sna tithe sa nGaeltacht is a bhí sí riamh ach tá laghdú ag teacht ar líon na ndaoine go bhfuil an teanga acu ó dhúchas.
Mar sin féin, bíodh is go bhfuil an Rialtas nó na fórsaí achrannacha sin ciontach leis an meath nó leis an laghdú atá tagtha ar an nGaeilge, tá rud eile ag teastáil uainn, sé sin, spiorad nua d'athbheochaint agus gluaiseacht a chur ar bun a thiocfaidh ó na daoine féin agus go háirithe ó mhuintir na Gaeltachta. Ní thiocfaidh athbheochaint mar sin go furasta i spiorad na ndaoine má cailltear an Ghaeltacht. Do bheadh sé an dheacair spiorad mar sin d'athbheochaint ach mar sin féin dá gceapadh na daoine go léir go raibh an teanga Ghaelach ag dul as an saol ar fad ansin, im thuairim, thiocfadh an athbheochaint agus thiocfadh sí fíu amhain i measc daoine nach bhfuil aon tsuim acu faoi láthair sa nGaeltacht nó sa nGaeilge. Caithfimíd dóchas nua a spreagadh i measc cainteoirí na Gaeilge go léir agus i measc mhuintir na Gaeltachta faoi leith. Nílim den tuairim go gcuirfidh Bille, leis féin, an dóchas sin ionnta. Níl sa mBille ach iarracht ar gheallúint an Rialtais a chomhlíonadh. Ní dóigh liom — go fóill, ar aon chuma — go bhfuil aon obair mhór nó fónta laistiar de.
Dúirt an tAire nuair a bhí sé ag cur an Bhille seo faoin ár mbráid go gcuirfí an Aireacht ar bun ar ball agus go raibh air agus ar an Rialtas féachaint agus brí cheart d'fháil ar cad í an Ghaeltacht agus cad iad limistèirí na Gaeltachta. Táimíd go léir ar aon aigne faoi na deacrachtaí atá sna ceisteanna sin, ar cad is Gaeltacht ann, agus mar sin de. Dúirt an tAire gurb é rud é Gaeltacht ná limistéir ina raibh formhór na ndaoine ann i ndon an Ghaeilge a labhairt, agus limistéirí taobh leis. Is furasta an méid sin go lèir a rá ach is deacair limistéirí oifigiúla a leagadh síos i dtreo is go mbeadh an tAire i ndon an chumhacht a chur i bhfeidhm ionnta. Biodh sin mar atá caithfimid go léir iarracht a dhéanamh chun na limistéirí sin a leagadh síos. Bhí mé ag plé na ceiste conas a d'fhéadfaimís na tórainneacha sin a leagadh síos, ó ann go ham. D'admhuigh gach éinne gur obair an chruaidh í sin. Do cheapfadh éinne go dtabharfaí aire éigin nó scrúdú éigin don cheist sin sar a chuirfí an Bille seo fenár mbráid. Ní cheapaim go ndearnadh sin. Measaim gur ceart go mbeadh an cheist sin socraithe sara mbeadh ar ár gcumas an Bille seo a phlé mar is ceart.
Nuair a tháinig an Rialtas seo i réim bhí acu córas oibre agus tá sé ann fós — Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCúng—agus bhí mé féin mar Rúnaí Parlaiminte i bhfeighil na hoifige sin. Ba í an obair a bhí ar siúl agam comhordú a dhéanamh ar obair na Ranna Stáit eile a bhí dhá dhéanamh ag na Ranna sin sa Ghaeltacht. In ainneoin an méid atá ráite in Alt a 3, fo-alt a (2), measaim gur beag aird a thug an Rialtas ar an oifig atá ann agus a bhí ann go dtí dhá bhliain ó shoin.
Bhí ag obair leis an Oifig, mar adúirt an Teachta Ó Deirg, coiste idir-rannach. Bhí baill ar an gCoiste sin ó gach Roinn Stáit a raibh cúram éigin acu sa Ghaeltacht. Tháinig sé le chéile dhá fhichead uair ar a laghad i rith dhá bhliain go leith. Chuireas ceist chuig an Aire Rialtais Aitiúil dhá bhliain ó shoin ann. Dúirt sé, ó thainig an t-athrú Rialtais dhá bhliain ó shoin nach dtáinig an Coiste le chéile ach 8 n-uaire ar fad. Cheap an tAire go raibh an obair ag dul ar aghaidh go maith ach san am gcéanna is deacair a thuiscint conas is féidir an obair mheasctha a bhí le déanamh sa nGaeltacht a chomhordú gan an Coiste sin agus na h-oifigigh úd a raibh baint acu leis an nGaeltacht i ngach Roinn do theacht le chéile go minic. Is ar an tslí sin, a bhí an comhordú dhá dhéanamh agus bhí ag éirí linn na deacrachtaí a shárú. Ar an gcuma sin freisin, rinneamar rud éigin fónta ar son na Gaeltachta sa nGaeltacht.
Is féidir leis an Aire a rá, agus an Bille seo á bhreithniú aige, nach raibh am aige féin ná ag an Aire Rialtas Aitiuil cúram ceart a thabhairt don cheist.
I bhfo-alt a 5 deir an tAire gur féidir leis seirbhísí áirithe á bhreithniú agus féachaint an féidir iad a thabhairt isteach faoin Aireacht nua ó am go ham. Mheasfadh duine go mbeadh in aigne an Rialtais cad iad na seirbhísí sin gur féidir leis iad a thabhairt isteach agus tagairt a dhéanamh dóibh. Táimid go léir dall faoi na seirbhisí a tógfaí isteach agus cathain a tógfaí isteach iad. B'fhéidir go bhfuil an tAire tofa cheana féin.
Tá áthas ar na córais Gaeilge go léir leis an mBille seo. Ach deir siad go mb'fhéidirr go mbfhearr Bord neamh-spleách a chur ar bun. Rinne mé an cheist sin a phlé mar is íomaí gearán a bhi ag na córais sin faoi Oifig na Gaeltachta. Tháinig an chéad ionsaí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus i Mí Deireadh Fómhar, 1943 chuireadar Meamram chuig an Taoiseach ag moladh an Bord sin a chur ar bun. Rinne an Coiste Idir-Rannach géar-scrúdú ar an Meamram agus níor mhol an Coiste go nglacfí leis an Meamram agus an Bord, ach go mb'fhéidir go nglacfaidís le cuid de mholtaí na Cómhdhála.
Dob é an gearán ba mhó a bhí ag an gComhdháil go raibh na límistéirí a bhí faoi chúram Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCúng ró-mhór ar fad. Bhí sé chomh mór le leath na tíre agus ins an leath sin go raibh 800,000 daoine ina gcónaí agus gur cúram i bhfad ró-mhór é sin do oifig bheag ná do dhuine amháin, agus gur ceart an límistéir sin a laghdú don bhfíor-Ghaeltacht amháin.
B'fhéidir go raibh an ceart acu san argóint sin. Is dóigh liom go mbeadh sé i bhfad níos fusa domsa, mar Rúnaí Parlaiminte, agus don Choiste, cúram na Gaeltachta amháin a bheith orainn, agus gan bacadh leis an mBreac-Ghaeltacht agus na ceantracha cúnga.
Mar adúirt mé i dtosach, bhí sé an-deacair dúinn an límistéir ceart a leagadh amach agus fíor-Ghaeltacht a thabhairt air. San Meamram úd tá tagairt don líon daoine a bhí ina gcónaí sa nGaeltacht idir an bhliain 1926 agus an bhliain 1950. Do réir an cómhairimh daoine—más shin é an focal ceart Gaeilge ar "census"—bhí 128,440 daoine a bhí os cionn trí bliana d'aois. Do réir an Mheamraim is í an figiúir 69,000 ba chruinne i gcóir na bliana sin. Idir an mbliain 1926 agus 1950 laghdaigh an figiúir sin go dtí 38,000, is é sin, an figiúir atá bunaithe ar an líon páistí—7,345—a fuair an deontas £5 sa mbliain 1950. Ma tá an méid sin fíor tá an-mheath ag teacht ar an nGaeltacht, míle duine in aghaidh gach bliana.
Deirtear leis, sa mheamram sin nach bhfuil sa bhfíor-Ghaeltacht anois ach 11 paróistí agus cuid de 13 paróistí eile agus iad suite in Iarthair Gaillimh. Iarthair Dún na nGall agus Iarthair Ciarraí. Fé mar adúirt an Teachta Ó Coileáin, tá cúpla Gaeltacht eile, ceann beag i gContae na Midhe; agus is féidir Gaeltacht a thabhairt ar an Rinn i bPort Láirge; tá ann freisin Béal Átha an Ghaorthaidh agus an ceanntar thart ar Cúl Aodh go bhfuil eolas mhaith ag an Aire air. Mar sin féin tá sé ag dul i laighead agus b'fhéidir gur féidir le bord cúram an cheantair bhig sin a ghlacadh.
Tá deacrachtaí eile ann agus sin iad na deacrachtaí a bhí á scrúdú ag an gCoiste nuair a cuireadh an meamram chuig an Taoiseach. Bhí baill na Comhdhála den tuairim gur ceart teicneóirí dá gcuid féin a chur thart ar fuaid na Gaeltachta. Ar dtús do mhol siad bainisteóir amháin a cheapadh agus an príomh-oifig a bheith suite in Gaillimh agus 14 nó 15 duine a bheith ag obair in áiteanna áirithe ar fuaid na Gaeltachta, daoine go mbeadh eolas teicniciúl acu ar gach rud idir talmhaíocht, innealltóireacht agus foraoíseacht. Do cheap siad go ndéanfadh £25,000 an gnó sin sa chéad bhliain. Measaim féin nach mbeadh dóthain san méid sin chun na tuarastail amháin a íoch.
B'é tuairim an Choiste ós rud é go raibh teicneóirí ag gach Roinn fé láthair agus go raibh taithí acu ar imeachtaí sa Ghaeltacht agus ar an saghas oibre a bhí le déanamh ann agus nárbh fhéidir leis an gComhdháil nó an Bord neamh-spleách sin na teicneóirí gur mhian leo d'fháil a fháil go mba cheart teicneóirí na Roinne a chur ar fáil. In ainneoin sin, deir siad go mb'fhéidir go bhfuil rud éigean i meamram na Comhdhála, agus gur féidir Bord a chur ar bun chun cúrsaí cultúra agus cúrsaí soísialaigh do lámhseáil. Cuir i gcás d'fhéadfaí hallaí siamsa do chur ar bun agus riaradh do dhéanamh maidir le scoláirí óga do thúirt isteach sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh agus an Ghaeilge do mhúineadh dóibh agus cómhordú a dhéanamh leis na coistí go léir, Coiste na bPáistí, Comhaltas Uladh agus mar sin de, agus, fós, gurab fhéidir fostaíocht a chur ar fáil ar fuaid na tíre i monarchain, agus mar sin de, ionus go gcoimeadfaí na daoine ón Gaeltacht in Éirinn agus gan iachall a bheith ortha dul go Sasana chun obair d'fháil.
Is dóigh liom gur fiú don Aire tuarascáil na Comhdála a léamh agus machnamh a dhéanamh air féachaint an bhfuil aon rud san argóint a dheineann siad.
Bhí tairscint comh maith ag Comhaltas Uladh nach raibh cómh mór, is dóigh liom, leis an dtairiscint a bhí ag an gComhdáil. Mhol siad sin údarás éigin a chur ar bun. Cathaoirleach a bheadh i gceannas a mbeadh céim Rúnaí Phairliminte aige agus Leas-Chathaoirleach go mbeadh taithí agus eolas aige ar chúrsaí riaracháin, fear maith gnótha, a dubhairt siad, a cheapfaí ag an Aire Airgeadais, agus ceathrar ball, Muimhneach, Ultach, Connachtach agus duine eile ón Stát-Sheirbhís. Theastaigh uathu an oifig ceannais a bheith suite i nGaillimh agus reachtóir go mbeadh teangmháil pearsanta aige le gach duine sa Ghaeltacht a thiubhradh tuarascáil don udarás ó am go ham ar éileamh gach ceanntair sa Ghaeltacht.
Comh mbaith leis sin, do mhol siad coiste 25 baill a cheapadh chun comhairle agus moltaí a chur fé bhráid an udaráis agus d'fhéadfaí ionadaithe a ceapadh ón gCoiste sin chun comhoibriú a dhéanamh leis an údarás. Is dóigh liom go raibh rud éigean san moladh sin. Is dóigh liom comh mhaith go bhfuil an meamram i seilbh an Aire agus féidir leis macnamh a dhéanamh ar na moltaí atá ann.
Rinneas tagairt cheaná d'oifig na Gaeltachta. Bhí an oifig sin beagáinín beag, admhaím, ach bhíodar in ndon obair mhaith a dhéanamh. Theastuigh uathu an oifig a leathnú anseo i mBaile Átha Cliath agus reachtóirí nó "field officers" do chur ag obair ar fuaid na Gaeltachta i dtreo is go mbeadh fhios go cruinn ag duine cad a bhí ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta agus conas dob fhearr a leigheasfaí aon ní dob fheidir a leigheas.
Bhí ar aigne agam, leis, fíor-iarracht a dhéanamh i ngach ceantar fíor-Ghaeltachta agus gach cabhair a bhí le fáil ón Stát a thabhairt isteach ann, cabhair ag baint le cúrsaí talmhaíochta agus cúrsaí foraíoseachta agus cúrsaí iascaireachta, agus mar sin de, agus ath-thógaint tithe agus gach a bhain le tithíocht agus gach iarracht a dhéanamh chun go bhféadfaimís a rá nach raibh aon rud arb fhéidir a dhéanamh nar deineadh i ngach ceantar fíor-Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, bhí ar aigne againn Bórd fé leith a chur ar bun—ní Bord go mbeadh cúram na Gaeltachta ar fad air, ach Bord arb fhéidir leis tabhairt faoi obair áirithe, cuir i gcás, Bord Min-Fhéir Teoranta. Thosnaigh an Bord sin i gCo. Mhuigheo chun an portach a leasú agus a dhréineáil agus dá n-éireodh leis an mBord san obair sin cuirfí rompu, b'fhéidir, dul isteach sa Ghaeltacht agus tabhairt faoi obair den tsaghas céanna i ngach Gaeltacht agus breis talún a chur ar fáil. Is dóigh liom gurb é sin an rud is mó atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta.
Bhí ar aigne agamsa, leis, neamh-spleáchas a thabhairt do Ghaeltarra Éireann. Ní rinne mé mórán oibre air, ach bhí cúpla comhrá agam leis an Aire Tailte a bhí ann an uair sin, an Teachta Ó Deirg. Ní raibh fhios agam ar cheart é dhéanamh nó nár cheart. Bhí sé fé scrúdú agam agus bhí daoine ann a cheap gur maith an rud é, daoine gur féidir linn brath orthu. Dúirt na daoine sin liom go mbeadh sé ar chumas Ghaeltarra Éireann dul i gcomórtas níos fearr le daoine eile i gcúrsaí trádála, ach amháin neamh-spleáchas a bheith acu. Níl fhios agam an fíor é sin nó nach fíor ach, mar sin féin, bhí pointe san argóint sin le h-aghaidh riaracháin ghinearalta sheirbhísí na Gaeltacht.
Rud eile, rinneamar iarracht ar na Gaeilgeoirí óga sa Ghaeltacht a thréineáil mar theicneoirí. Dúradh liom nuair a thángas isteach san oifig, nár cheart daoine ó Shasana a chur i gceannas ar mhonarchain a bhain le Gaeltarra Éireann, nach raibh á dhéanamh acu san ach an Béarla a thabhairt isteach sa monarchain agus sa Ghaeltacht. Chun an rud sin a leigheas thosnaíomar ar thriúr, i dtosach, Gaeilgeoirí óga a chur go Sasana agus iad a thréineáil ansin mar theicneoirí ionas go mbeadh siad i n-ann ar ball dul mar bhainisteoirí i monarchana Ghaeltarra Éireann ionas go gcuirfí deireadh leis an ngearáin go raibh bainisteoirí nach raibh an Ghaeilge acu ag teacht isteach ó Baile Átha Cliath, Corcaigh, nó Sasana agus ag déanamh dochair don teanga i measc na n-oibritheoirí a bhí ag Gaeltarra Éireann ar fud na Gaeltachta. Sin cúpla rud a bhí fé n-ár mbráid agus atá fós.
Tá súil agam go ndéanfaidh an Bille seo na rudaí atá ar aigne ag an Aire. Ní féidir liom é lochtú mar gheall ar an tsuim agus an spéis atá aige san teanga agus sa Ghaeltacht. Níl aon dabht ná go bhfuil an-tsuim agus an-spéis aige sa Ghaeltacht ach nílim sásta gur deineadh an scrúdú ceart, an scrúdú ba chóir a dhéanamh sar a dtiocfadh an tAire isteach sa Tigh aeo leis an mBille. Nílimid dall ar aidhmeanna an Bhille ach táimíd go léir dall ar conas is féidir na h-aidhmeanna sin a chur i gcrích. Measaim féin gur chóir go mbeadh an t-eolas sin aige um an dtaca seo. Is trua nach bhfuil an t-eolas againn. Níl ann fá láthair, pé scéal é, ach ainm-phláta nua a chur ar dhoras na h-oifige — in ionad "Oifig na Gaeltachta" beidh "Aireacht na Gaeltachta" ar an doras. Tá súil agam go raghaidh an Oifig i méid, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach ar fud na Gaeltachta agus go raghaidh obair na hAireachta nó na hOifige i méid chomh mór agus go ndéanfar tairbhe maith don teanga agus don Ghaeltacht.
Geallaim don Aire agus don Rialtas go dtabharfaimid gach cabhair agus go ndéanfaimid gach a bhfuil ar ár gcumas chun go raghaidh an obair seo ar aghaidh go tapaidh i dtreo is go ndéanfar ar ball rud éigin fónta ar son na teangan agus ar son na Gaeltachta.