den Aire Oideachais an abróidh sé i leith na bpríomh-Ghaeltachtaí faoi seach (a) cé mhéad daltaí scoile, agus (b) cé mhéad teaghlach, ar híocadh bonus ina leith anuraidh faoi fhomhírceann C a seacht de Vóta a dachad de na meastacháin i gcoir na seirbhísí poiblí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Deontas Cúig bPúnt.
Sé an méad daltaí scoile ar híocadh an Deontas £5 ina leith faoi fho-mhírcheann C a seacht de Vóta a dachad i gcoir na seirbhísí poiblí don bhliain airgeadais 1955-56 ná 13,109.
Bhain an íocaíocht sin, áfach, le níos mó ná scoil-bhliain amháin.
An t-eolas i dtaobh na bpríomhGhaeltachtaí atá á iarraidh ag an Teachta ina leith sin, cuirfear isteach é i dTáibhle a cuirfear sa Tuairisc Oifigiúil in éineacht leis an bhfreagra so.
An t-eolas atá á iarraidh ag an Teachta i dtaobh an líon teaghlach ar íocadh an deontas ina leith, níl an t-eolas san á bhailiú ó 1952-53 i leith.
Cuirfear isteach sa táibhle úd, leis, áfach, an t-eolas san i leith na bliana 1952-53.
Ag seo leanas an táibhle:—
(i) Líon Páistí a thuill an deontas £5 i leith na scoil-bhliana 1954-55.
Contae |
Fíor Ghaeltacht |
Gaeltacht |
Breac-Ghaeltacht |
Iomlán |
Tír Chonaill |
2,524 |
376 |
87 |
2,987 |
Gaillimh |
3,688 |
221 |
190 |
4,099 |
Muigheó |
808 |
110 |
15 |
933 |
Ciarraighe |
608 |
443 |
62 |
1,113 |
Corcaigh |
211 |
104 |
59 |
374 |
Midhe |
50 |
— |
— |
50 |
Portláirge |
107 |
5 |
9 |
121 |
Mór-Iomlán |
9,677 |
(ii) Líon Teaghlach a thuill páistí astu an deontas £5 i leith na scoil-bhliana 1952-53.
Contae |
Fíor Ghaeltacht |
Gaeltacht |
Breac-Ghaeltacht |
Iomlán |
Tír Chonaill |
1,630 |
238 |
58 |
1,926 |
Gaillimh |
1,755 |
118 |
70 |
1,943 |
Muigheó |
436 |
53 |
11 |
500 |
Ciarraighe |
288 |
160 |
15 |
463 |
Corcaigh |
121 |
49 |
31 |
201 |
Midhe |
30 |
— |
— |
30 |
Portláirge |
58 |
6 |
2 |
66 |
Mór-Iomlán |
5,129 |