Tá ráiteas anseo agam. Nil aon rud ann nach bhfuil ar eolas na Dála cheana. Ba cheart go mbeadh sé i dtuairiscí na Dála agus léifidh mo Rúnaí Parlaiminte amach anois é.
Airi agus Rúnaithe Parlaiminte.
A Cheann Comhairle, b'áil liom cead a chur in iúl, mar colas don Dáil:
(1) gur chuireas in iúl don Uachtarán go raibh Dáil Éireann tar éis comhaontú le mé d'ainmniú na dTeachtaí chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus gur cheap sé iad dá reir sin an 20ú lá den mhí seo;
(2) go bhfuilim tar éis Seán Lemass d'ainmniú an lá céanna chun bheith ina Thánaiste;
(3) go bhfuilim tar éis na Ranna Stáit a shannadh an lá céanna do na comhaltaí den Rialtas mar leanas:—
An Roinn Tionscail agus Tráchtála |
Seán Lemass, |
An Roinn Sláinte |
Seán Mac an tSaoi, |
An Roinn Airgeadais |
Séamas Ó Riain, |
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Talmhaíochta |
Proinsias Mac Aogáin, |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Oscar Mac Tréinfhir, |
An Roinn Rialtais Aitiúil agus an Roinn Leasa Shóisialaigh |
Pádraig Mac Gabhann, |
An Roinn Tailte |
Erskine Childers, |
An Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta |
Seán Ó Loingsigh, |
An Roinn Poist agus Telegrafa |
Niall Bléine, |
agus
An Roinn Cosanta |
Caoimhghin Ó Beoláin; |
agus
(4) go bhfuil an Rialtas tar éis na Teachtaí seo a leanas a cheapadh an 21ú lá den mhí seo chun bheith ina Rúnaithe Parlaiminte mar leanas:—
Donnchadh Ó Briain |
Rúnai Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Chosanta, |
Pádraig Ó Beacháin |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais, |
Mícheál Seosamh Ó Cinnéide |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Leasa Shóisialaigh |
agus
Gearóid Mac Pharthaláin |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Tráchtála. |