Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Jun 1957

Vol. 163 No. 2

Death of Member. - Expression of Sympathy.

Cúis bróin is buartha do gach comhalta den Dáil a chlos maidin inniú go bhfuair an Teachta Colm Ó Gallchobhair bás gan coinne i gcaitheamh na hoíche aréir i mbláth a óige is a mhaitheasa. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí na bhFlaitheas dá anam.

Fear óg ab ea an Teachta Colm Ó Gallchobhair a thuill gean agus meas gach aoinne dá lucht aitheantais anso sa Dáil agus taobh amuigh. Ba dheacair Teachta níba dhúthrachtaí ná é fháil ag freastal ar riachtanaisí mhuintir a Dháilceantair ó toghadh mar Theachta Dála é don chéad uair sa bhliain 1951 agus arís ag an dTogha mór i mbliana.

Bhí suim fé leith aige i gcúrsaí tithíochta, rud a cruthaigh sé go minic mar Chomhairleoir agus mar Sheanóir ar Bhardas Cathrach Átha Cliath agus mar Leas-Chathaoirleach, tráth, ar an gCoiste Tithíochta den Bhardas.

Bhí baint mhór aige le cúrsaí aiclíochta agus caitheamh aimsire do dhaoine óga, agus bhí cáil air ins na cúrsaí sin sa mbaile agus i gcéin.

Mothóimíd uainn anso sa Dáil a mheanma mheidhreach bhríomhar, a aghaidh ghealgháireach, a chneastacht agus a shéimhe le gach duine, an dúthracht is an fuinneamh a bhí ann ag nochtadh a thuairimí ins na díospóireachtaí.

Dá ghéire a chailliúint don Dáil agus do mhuintir a Dháilcheantair, cuimhnímid le truagh fé leith ar na daoine is mó aireos uathu é, ar a bhaintrigh agus ar a chlainn óig. Iarraim ort, a Cheann Comhairle, a chur in iúl dóibh san, gur danaid ghéar linn a bhás agus go ndéanaimid comhbhrón croí leo sa mhéala mhór a bhain dóibh.

Deputies rose in their places.

Barr
Roinn