Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Nov 1957

Vol. 164 No. 5

Return to Writ—Dublin North (Central). - Bás Aire Talmhaíochta: Rún Comhbhróin.

Ba mhaith liom comhbhrón na Dála a chur in iúl do bhaintrigh and do chlainn an tSeanadóra Seán Ó Maoláin. Iarraim cead don Runaí Parlaiminte ráiteas beag a léamh thar mo cheann.

Ón uair dheireannach a bhí an Dáil ina suí, tá an Seanadóir Seán Ó Maoláin, an tAire Talmhaíochta, imithe go hobann ar slí na fírinne. Ba chúis méala agus buartha an scéal tubaisteach sin a chlos, ní hamháin do chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid ach do mhuinntir na tíre ar fad. Go dtuga Dia solas síorraí na bhFlaitheas dá anam dílis cróga.

Is beag gné de shaol náisiúnta ár dtíre ná raibh Seán Ó Maoláin páirteach ann le linn a shaoil. Ba dhual muintire dhó cion a chroí a bheith ar thír na hÉireann agus mian a chroí ar a saoirse a bhaint amach agus a chaomhaint. Ní raibh sé in aois fir nuair a thosnaigh sé ag caitheamh a dhúthrachta ar theanga agus lúthchleasa na nGael. Ní hionadh go raibh sé ar dhuine dhíobh san is túisce a chuaidh isteach in Óglaigh na hÉireann agus a rinne a ndícheall chun comhacht míleata na tíre d'fhorbairt in aimsir práinne.

Nuair a bhí sé ina fhear óg, fiú amháin, bhí ainm agus clú Sheáin Uí Mhaoláin i mbéal na ndaoine ina cheantar féin, i Luimneach agus i gCorcaigh Thuaidh. Is beag cinnire imeasc cinnirí míleata na hÉireann ab áirde cáil ná é in aimsir na nDubhChrónach.

Toghadh é ina Theachta Dála, den chéad uair, i mí Bealtaine, míle naoi gcéad fiche a haon. Toghadh arís é sa bhliain míle naoi gcéad triocha a dó, agus bhí sé ina Theachta ón uair sin i leith go dtí tús na bliana seo. Bhí sé ina Rúnaí Parlaiminte ón mbliain míle naoi gcéad triocha a seacht go dtí míle naoi gcéad dachad a trí. Ina dhiaidh sin, chaith sé cúig bliana ina Aire, i gceannas na Roinne Tailte. Ba é an tAire Oideachais é ón mbliain míle naoi gcéad caoga a haon go dtí míle naoi gcéad caoga a ceathair. Is ró-ghearr an tréimhse a chaith sé ina Aire Talmhaíochta, Ó mhí Bealtaine na bliana seo go dtí lá a bháis.

Admhaíonn an saol a fheabhas a chomhlíon Seán Ó Maoláin dualgais na n-oifigí sin. Iad-san a réitigh agus iad-san nár réitigh lena thuairimí í gcúrsaí polaitíochta nó creidimh, bhí meas acu go léir air agus gradam acu dhó. Thuigeadar go léir gurbh é croí an ionracais é. Ba léir dóibh na tréithe intleachta a bhí ann, an mheabhair agus an tuiscint, toradh a mhachnaimh agus a chuid léitheoireachta.

Bhí sé ar dhuine dhíobh-san is mó a thuill buíochas as ucht na saoirse atá againn agus an dul-ar-aghaidh atá déanta sa tír seo le dachad blian anuas. Beidh trácht ar a ainm agus a ghníomhartha an fhaid a bheidh stair na hÉireann á aithris. Fear cróga ardintinneach dob eadh é. Is iad na hardchuspóirí a chuir sé roimhe, agus is chucu a dhírigh sé a anam riamh. Éinne gur chara do Sheán Ó Maoláin é, ní miste dhó bheith mórálach as go dtiocfaidh lá a bháis.

Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón croí na Dála a chur in iúl do bhaintrigh agus do chlainn Sheáin Uí Mhaoláin.

D'éirigh na Teachtaí.

Barr
Roinn