d'Aire na Gaeltachta an eol dó go bhfuil díomá mór ar dhaoine bparóistí Cheann Trágha agus Bhaile an Fhirtéirigh, i nGaeltacht Chorca Duibhne, mar gheall ar an moill atá á dhéanamh ag Bord Soláthair an Leictreachais i dtaobh an Leictreachas a thabhairt chun na bparóistí sin, agus an ndéanfaidh sé anois, i gcomhar leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, tosaíocht speisialta a thabhairt don cheantar sin.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leictreachas Le hAghaidh Corca Duibhne
D'fhiafruigh Dónall Ó Maoldhomhnaigh
Tá curtha in iúl ag Bord Soláthair an Leictreachais dom go ndearnadar an límistéir a luaitear a bhreithniú, i gcomórtas le límistéirí eile, i gCeantar Thráighlí. Níor roghnaíodh an límistéir go fóill, toisc nach bhfuil na tuairiscí uaidh chomh fábhrach le tuairiscí ó límistéirí eile, atá ag feitheamh le soláthar leictreachais sa Cheantar sin. Déanfaidh an Bord an límistéir a bhreithniú arís, ó am go ham, agus braithfidh sé ar na tuairiscí a gheobhfar ansin, i gcomparáid le tuairiscí ó límistéirí eile i gCeantar Thráighlí, cá luaithe a cuirfear an leictreachas ar fáil dó.
Is mian liom a rá go bhfuil breithniú á dhéanamh ag mo Roinn-se ar an gceist go léir i dtaobh leictreachas a chur ar fáil don Ghaeltacht.