Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Feb 1958

Vol. 165 No. 1

Written Answers. - Bás an Teachta Pádraig Ó Beacháin, Rúnaí Parlaiminte: Ráiteas Comhbhróin.

A Cheann Comhairle, ba mhaith liom comhbhrón na Dála a chur in iúl do mhuintir an Teachta Pádraig Ó Beacháin, a fuair bás ó bhíomar anseo cheana. Iarraim cead dom Rúnaí Parlaiminte ráiteas a léamh thar mo cheann.

Ba mhór an suathadh a baineadh as Comhaltaí uile na Dála nuair a chualadar gur sciob an bás leis, seachtain go leith ó shoin, an Teachta Pádraig Ó Beacháin, Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí na bhFlathas dá anam uasal!

Aontófar liom go mba dhuine neamhchoitianta ar fad é an fear seo, Pádraig Ó Beacháin. Ní hionadh gur fhág a bhás gan choinne scamall bróin ar a chairde uile agus go mór mhór ar mhuintir a Dháilceantair.

Ó tháinig sé in aois fir, bhí sé síorpháirteach i ngach aon eagraíocht náisiúnta lena linn. Ba óglach calma éifeachtach é ó 1917 anuas; thuill a stuamacht agus a dhílseacht céim oifigigh ina chath dó, agus chruthaigh sé seasamhach daingean i mbroid an chatha agus sa phríosún, mar ar chaith sé tréimhsí. Ba thaca mór do chúis Sinn Féin ina cheantar féin é, agus bhí suim i gcónaí aige i gceist na Gaeilge.

Ón uair sin go dtí lá a bháis, ní bréag a rá gur chaith sé a shaol ar fad ag saothrú go dian ar son leasa na tíre agus leasa phobal a cheantair féin.

Toghadh ina Theachta Dála é den chéad uair i 1932 do Dháilceantar na Gaillimhe, agus atoghadh é i ngach toghadh ó shoin i leith.

Toghadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i 1934 é, agus thug sé seirbhís, freisin, ar na fo-choistí éagsúla den Chomhairle sin, go mór mhór ar an gCoiste Talmhaíochta agus an gCoiste Sláinte, ar a raibh sé ina chathaoirleach.

Ba fear tíre é; bhí eolas agus tuiscint faoi leith aige ar fhadhbanna agus ar riactanais mhuintir na tuaithe, agus chaith sé a dhúthracht ag saothrú gan stad le feabhas a chur ar a gcúrsaí.

Nuair a ceapadh é mar Rúnaí Parlaiminte don Aire Airgeadais, thug sin deis dó ar éirim a intinne a dhíriú ar scéimeanna agus ar shlithe a chur in éifeacht a chabhródh le saol phobal na tuaithe a fheabhsú, agus ba é togha an fhir é le cúramaí na hoifige sin a chomhlíonadh mar bhí doimhin—eolas agus géar-thuiscint aige ar na cúrsaí sin ar fad.

Tá fear uasal, cneasta, grámhar, imithe uainn. Bhí gean agus meas ag gach duine air, agus is rí-mhór an chailliúint a bhás dá chairde, do mhuintir a Dháilceantair agus don tír.

Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón croí na Dála a chur in iúl dá mhuintir.

D'eirigh na Teachtai.

Barr
Roinn