I move:—
That the Defence Forces (Pensions) (Amendment) Scheme, 1960, prepared by the Minister for Defence, with the consent of the Minister for Finance, under sections 2, 3 and 5 of the Defence Forces (Pensions) Act, 1932, and Section 4 of the Defence Forces (Pensions) (Amendment) Act, 1938, and laid before the House on the 30th day of June, 1960, be confirmed.
Deintear na Scéimeanna Óglaigh na hÉireann (Pinsin) fé údarás na nAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1957, agus tá baint acu le pá scoir, pinsin agus aiscí i gcóir nó i leith comhaltaí de na Buan-Óglaigh agus i gcóir comhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm agus den tSeirbhís Seipléineachta. De réir Ailt 4 den Acht de 1932, ní thiocfaidh aon scéim phinsin i bhfeidhm go dtí go ndéanfar í do leagadh fé bhráid gach Tí den Oireachtas agus í do dhaingniú le rún ó gach Teach acu sin.
Den Airteagal is tríocha atá sa Scéim, is mínithe na ceithre chinn thosaigh. Beartaítear i seacht nAirteagal (uimhreachta 5, 7, 9, 11, 13, 15 agus 17) éifeacht foirmeálta a thabhairt de mhéaduithe ar an bpá scoir agus ar phinsin atá de réir na méaduithe do phinsinéirí Stáit, i gcoitinne, a húdaraíodh ag an Aire Airgeadais sa Ráiteas ar an gCáinaisnéis, Aibreán, 1959. Tá méadú de 6% i gceist do dhaoine a hurscaoileadh roimh 1 Meán Fómhair, 1949, agus do bhaintreacha agus leanaí áirithe; agus méadú de 4% do dhaoine a hurscaoileadh idir 1 Meán Fómhair, 1949, agus 1 Samhain, 1952. D'aontuigh Dáil Éireann leis na méaduithe seo sa mheastachán a ritheadh ar an 22ú Iúil, 1959, agus táid á ioc ó Lúnasa, 1959, i leith; £10,000 sa bhliain an garchostas.
Tagrann ocht nAirteagal eile (uimhreacha 6, 8, 10, 12, 14, 16, 18 agus 20) do na méaduithe ar an bpá scoir agus ar phinsin, a déanfar ar 1 Lúnasa, 1960, de réir na méaduithe do phinsinéiri Stáit, i gcoitinne, a luaigh An tAire Airgeadais sa Ráiteas ar an gCáinaisnéis 27ú Aibreán, 1960. Sa chás seo, deonfar méadú de 7½% ins na pinsin atá iníoctha do dhaoine a hurscaoileadh roimh 1 Meán Fómhair, 1949, agus de bhaintreacha agus leanaí áirithe, agus iocfar méadú de 5% ar phinsin daoine a hurscaoileadh idir 1 Meán Fómhair, 1949, agus 1 Samhain, 1955. Beidh costas £10,000 sa bhliain airgeadais reatha agus £17,000 i mbliain iomlán, ar na méaduithe seo.
Forálann seacht gcinn den dá Airteagal déag eile (uimhreacha 21, 22, 23, 24, 25, 28 agus 29) go ndéanfar méaduithe gnáthacha ar an bpá scoir, ar phinsin agus ar aiscí; táid seo riachtanach—de bhun méaduithe ar an bpá sheirbhíse—chun an ceangal atá idir luach saothair agus sochair scoir a choimeád. Baineann Airteagail 21 agus 23 le méadú ar an bpá sheirbhíse a deonadh do roinnt oifigigh pósta i Márta, 1956, agus nár deineadh méaduithe cuí dá bharr ar an bpá scoir agus ar aiscí sna Scéim Leasaitheach 1957 agus 1959. Faoi Airteagail 22 agus 24 méadófar na sochair scoir d'oifigigh de dhroim na méaduithe ar an bpá sheirbhíse atá i bhfeidhm ó 1 Aibreán, 1958 agus 15 Nollaig, 1959.
Ar mhaithe le soiléireachta agus ionus go mbeidh na méaduithe uilig ó 1 Aibreán, 1958, agus 15 Nollaig, 1959, le chéile, táthar ag déanamh athachtú sa Scéim seo ar na forálacha sa Scéim Leasaitheach 1959 le haghaidh méaduithe ar an bpá scoir agus ar aiscí d'oifigigh faoi leith díobhtha seo. Na forálacha méaduithe sa táible in Airteagal 22 agus in Airteagal 25 a bhaineas le céim LefteanaintGhinearál, ní bhaineann siad ach le hoifigeach a scoir ar 1 Eanáir, 1960; de bhrí nach bhfuil LefteanantGhinearál ar bith san Airm agus nach raibh an pá sheirbhíse lena mbaineann na sochair scoir seo, mar sin, á íoc ach amháin don oifigeach a scoir sa chéim sin ar 1 Eanáir, 1960 (An Ceann Foirne atá imithe). Forálann Airteagail 28 agus 29 go méadófar pinsin agus aiscí d'O.N.C. agus fir de réir na méaduithe ar an bpá sheirbhíse a deonadh ón 15ú Nollaig, 1959, amháin bhí foráil sa Scéim Leasaitheach 1959 do na méaduithe a ceaduíodh in Aibreán, 1958, do na céimnigh seo.
Tá leasuithe ar an bPríomh-Scéim beartaithe sna cúig Airteagal eile (uimhreacha 19, 26, 27, 30 agus 31). I gcás oifigigh a fuair pinsean seirbhíse míleata (i leith tréimhse roimh I Deire Fómhair, 1923) foráltar, faoi Airteagal 19, dámhachtain nua pá scoir a dhéanamh—a bheidh bunaithe ar sheirbhís ó 1 Deire Fómhair, 1923, amháin. Fuair oifigigh áirithe, nach raibh i dteideal pinsean seirbhíse míleata nuair a scoir siad le hÓglaigh na hÉireann, pá scoir bunaithe ar sheirbhís roimh Deire Fómhair, 1923; ina dhiaidh san, taréis éirí lena n-achuiní, dámhadh pinsín seirbhíse míleata dóibh i leith tréimhsí gur dámhadh pá scoir ina dtaobh cheana. Tá an tAirteagal seo riachtanach chun dámhachtain nua pá scoir a chur ina n-áit sin nach mbeidh na tréimhsí seirbhíse siúd san áireamh iontú; beidh feidhm ag na méaduithe fén gCáinaisnéis de 1959 leis na dámhachtain nua seo.
Bhi sé ar intinn so Phríomh-Scéim nach mbeadh feidhm ag an t-ardú de 20% sa phá scoir d'oifigigh Chor Liachta an Airm ach amháin i gcás oifigigh Liachta agus oifigigh fiaclóireachta so Chór agus nach mbeadh sochar ar bith ag dul d'oifigeach a bhí ar ceangal leis an gCór le haghaidh gnó de shaghas éigin eile; tá an pointe seo níos soiléire anois i bhfoAirteagal 26 (1). Maidir le mir (2) den Airteagal, tá sé i gceist go mbeidh an sainmhíniú ar oifigeach "seirbhíse speisialta" chun críocha pá scoir ar aon dul, comh fada agus is féidir, leis an sainmhíniú sa Rialachán Óglaigh na hÉireann a bhaineas le pá sheirbhíse den oifigeach chéanna.
Tá srian ar phinsin baintreach sa Phríomh-Scéim faoine gcaithfear an pinsean sin a laghdú de pé mhéid a thuilleann an bhaintreach as airgead poiblí; cuireann Airteagal 27 deire leis an srian seo.
Faoi Airteagal 30, beidh cead ag oifigeach tréimhse ar bith seirbhíse i gCúltaca na nÓglach nó i gCór Tréineála Oifigeach a áireamh mar sheirbhís inphinsean más rud é go raibh sé i dteideal an tréimhse sin a dhealú ón a aois chun go mbeadh sé cáilithe le haghaidh ceapacháin mar oifigeach de na Buan-Óglaigh.
Mar chríoch, tá na forálacha a bhaineas le leanai uchtaithe sa Scéim Leasaitheach 1959 á bhforléanadh ionus, sa chás go bhfuil leanbh uchtaithe ag fáil liúntas as na cistí poiblí toisc seirbhís a thug a thuismitheoirí nádúrtha, go laghdófar de mhéid an liúntais, pinsean pósta a gheibheann an t-athair uchtála de bharr an linbh.
Tá súil agam go mbeidh na forálacha sa Scéim níos soiléire ón athchoimre seo; má fheiceann éinne deacrachtaí ar bith, beidh áthas orm déileáil leo nuair a bhead ag rá an focal scoir.
This Scheme is made pursuant to the Defence Forces (Pensions) Acts 1932 to 1957. It will not come into force until it has been confirmed by a resolution of each House of the Oireachtas.
The first four of the thirty-one Articles in the Scheme are definitory. Seven Articles (Nos. 5, 7, 9, 11, 13, 15 and 17) relate to increase in retired pay and pensions (authorised in the 1959 Budget) amounting to 6% for personnel discharged before 1st September, 1949 (and for certain widows and children) and 4% for personnel discharged between 1st September, 1949, and 1st November, 1952. The increases, which are similar to those for State pensioners, generally, were approved by DáilÉireann in an estimate introduced by the Minister for Finance on 22nd July, 1959, and they are being paid since August, 1959, at a cost of approximately £10,000 a year.
Eight other Articles (Nos. 6, 8, 10, 12, 14, 16, 18 and 20) are designed to give effect to the increases to be made on 1st August, 1960, in retired pay and pensions (in accordance with the 1960 Budget) amounting to 7½% for personnel discharged before 1st September, 1949 (and for certain widows and children) and 5% for personnel discharged between 1st September, 1949, and 1st November, 1955. The increases, which are similar to those for State pensioners, generally, will cost £10,000 in this financial year and £17,000 in a full year.
Seven of the remaining twelve Articles (Nos. 21, 22, 23, 24, 25, 28 and 29) are concerned with normal adjustments of retired pay, pensions and gratuities related to service pay increases. Articles 21 and 23 follow a service pay increase for certain married officers in March 1956 while Articles 22 and 24 provide for adjustments to accord with officers' service pay increases in April, 1958, and December, 1959. The increase provisions in the 1959 Scheme for certain of these officers are being re-enacted here so as to bring all the relevant figures together for convenience of reference. In the table to Article 22 and in Article 25 the references to a Lieutenant General relate only to the officer in that rank who retired on 1st January, 1960, because the service pay to which these adjustments relate was paid only to that officer (the former Chief of staff) and there is no other Lieutenant General serving. The pension and gratuity increases in Articles 28 and 29 are associated only with the Service pay increases granted to NCOs. and Men in December, 1959; the April, 1958, increases for these ranks were granted by the 1959 Scheme.
Finally there are five Articles (Nos. 19, 26, 27, 30 and 31) which introduce amendments to the Schemes. Article 19 is necessary because certain officers, who were not eligible for military service pensions when they retired from the Defence Forces, received retired pay based inter alia on service before October, 1923, and, having later succeeded on appeal, in their military service pension claims, were awarded military service pensions in respect of periods already covered by the retired pay awards. This Article provides for the replacement of the latter awards by new awards based on service since 1st October, 1923, which will therefore exclude the overlapping service periods. The Article also applies the 1959 Budget increases to these new awards (for which the 1960 Budget increases are provided in Article 20).
It was the intention that the provision in the principal Scheme (Article 13) for a 20% increase in retired pay for Army Medical Corps Officers should benefit only medical and dental officers—but not officers attached to the Corps for other duties. Paragraph (1) of Article 26 serves to make this clear while paragraph (2) re-words the definition of a "special service" officer to bring it closer to the definition of such an officer in the Defence Force Regulation relating to service pay.
Article 27 repeals the provision which requires a widow's pension to be reduced by the amount of her earnings from public funds.
Article 30 permits the reckoning, as pensionable service, of any period of an officer's service in the Volunteer Reserve or in an Officers' Training Corps which he was allowed to deduct from his age in order to qualify for appointment to be an officer of the Permanent Defence Force.
Article 31 provides that a married pension, which an adopted child attracts to his adopting father shall be reduced by the amount of any allowance from public funds enjoyed by the child by reason of services rendered by its natural parents.
Should there be any aspects of the scheme which are not clear I shall be happy to furnish any further information required when I am concluding.