Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 17 Nov 1960

Vol. 184 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Scoláireachtaí do'n Ghaeltacht agus do'n Ghalltacht.

66. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cá huair a bheas eolas cinnte le fáil fá'n scéim úr scoláireachtaí do'n Ghaeltacht agus do'n Ghalltacht a bunaíodh in áit Scrúdúchán Iontrála na gColáistí Ullmúcháin; caidé an roinnt a bheas ar na scoláireachtaí, na hábhair fá choinne an scrúdúcháin agus an teora aoise.

I dtaobh na Scéime chun scoláireachta meánscoile a thabhairt do mhic léinn ón nGaeltacht, tá socair ochtó scoláireacht do bhronnadh sa bhliain 1961 i gcomparáid leis an ocht gcinn déag a bronntaí roimhe seo. Cuirfear eolas iomlán faoin gcomórtas chun na scoileanna go luath. Féadaim a rá i dtaobh comortas na bliana 1961 nach mbeidh aon athrú air ó thaobh ábhair nó caighdeán an scrúdaithe ná ó thaobh teorainneacha aoise de.

I dtaobh na scéime chun scoláireachta breise a chur ar fáil do dhaltaí scoile i gcoitinne ní mór reachtú ar leith chuige. Tá dóchas agam go mbeidh mé in ann bille chuige sin a thabhairt os comhair an Oireachtais go luath.

Cad is coláiste ullmhuchán ann?

Coláiste mar Choláiste Brighde í Falcarragh.

No Coláiste Ide, Daingean i Cúise agus Coláiste Iosagáin, Baile Bhuirne.

Cad is "ullmhuchán" ann?

Translate it into English for your Front Bench. The 1916 Proclamation in the hall is printed in English and there is nothing shameful about it.

The Deputy was not very fond of it.

I did not get as much out of it as the Parliamentary Secretary did.

It was not for the want of trying.

Ochóne, ochóne agus ochóne.

Barr
Roinn