den Aire Oideachais an bhfuil an Dara Tuarascáil ón gComhairle Oideachais faighte aige fós; má tá, cathain a fuair sé í, agus cathain a fhoilseofar í; agus mara bhfuair sé fós í, cathain is dóigh leis a gheobhaidh sé í.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dara Tuarascáil ón gComhairle Oideachais.
Tá an Dara Tuarascáil ón Chomhairle Oideachais faighte agam; tíolacadh dom í ar an tríú Iá fichead de mhí na Samhna seo caite. Ní féidir liom fós a rá cathain a fhoilseofar í, ach tá mé ag déanamh mo dhíchill chun an foilsiú a bhrostú.
Nach bhfuair an tAire an tuarascáil go dtí an 25ú Mí na Samhna?
Pádraig Ó hIrighile
Ní fhuaras.
Cathain a fhoilseofar í?
Pádraig Ó hIrighile
Bhí orm leagan Gaeilge a fháil ach tá súil agam nach mbeidh a thuille moille ann.
Ní foláir don Aire a thuiscint go bhfuil práinn ag baint leis an gceist seo agus go raibh moill fhada ann cheana. Dá mbéadh a thuille moille ann, bheadh an scéal níos measa. Fuarthas a lán tuairimí agus scrúdaigh roint mhaith daoine iad. Tá cuid mhaith daoine ag feitheamh leis na torthaí. Ní féidir leo aon rud a dhéanamh mar gheall air go dtí go bhfuil an tuarascáil faighte acu agus deis acu í a iniúchadh.
Pádraig Ó hIrighile
Nílim ag súil le tuille moille bheith ann anois.
An féidir leis an Aire aon tuairim a thabhairt faoi chathain a fhoilseofar an tuarascáil—cé acu a fhoilseofar í fé cheann míosa, dhá mhí, trí mhí nó sé míosa?
Pádraig Ó hIrighile
Ní féidir liom.
B'fhéidir go mbeidh a thuille eolais le fáil ón Aire fé cheann coicíse?
Pádraig Ó hIrighile
Tá an tuarascáil i lámha na gclódóirí. Ní thig liom a rá cé'n mhoill bhreise a bheith ann.
An bhfhiafróidh an tAire de na clódóirí cathain a chlófar an tuarascáil?
Pádraig Ó hIrighile
Tá an cheist sin fé scrúdú i láthair na huaire. Cuirfear ceist ortha fé chathain a bheidh sí ullamh acu. Ní féidir liom a rá fós cathain a bheidh sí ullamh ach déanfaidh mé mo dhícheall chun an obair a luathú.