Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Mar 1961

Vol. 187 No. 7

Vote 37—Science and Art.

Pádraig Ó hIrighile

Tairgim:—

"Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó má £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Tuarastail agus Costais na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, le haghaidh Seirbhísí Ilghnéithe acha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair.

That a supplementary sum not exceeding £10 be granted to defray the charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1961, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art, for certain Miscellaneous Educational and Cultural Services, and Sundry Grants-in-Aid."

The Supplementary Estimate for Science and Art is merely a token Vote to enable savings for various subheads to be applied to increase grants payable from other subheads. The additional grants have become necessary in order to facilitate the extension of the work of certain organisations concerned with the furtherance of the Irish language. The additional grants may be classed as follows:

(a) £600 for Cumann Drámaíochta na Scol. The present provision in the Vote for this organisation is £850. The need for the additional money arises from the growing number of Irish drama festivals in connection with schools. The work of Cumann Drámaíochta na Scol in this regard is generally acknowledged to be of the greatest possible help in the furtherance of the spoken language.

(b) £5,500 for Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Of this, £4,660 is needed for a number of schemes for the promotion of Irish, of which the principal one is a project for the promotion of the sales of books and periodicals in Irish by the appointment of special organisers for that purpose. It is expected that, through the work of these organisers, together with the existing book-clubs and readers' circles, the market will thus be extended and both writers and publishers encouraged thereby. The remainder of the sum concerned is required to cover administration costs including increased salaries.

(c) In addition to the grants for periodicals in Irish and newspapers publishing current news in Irish for which provision is already included under this subhead (B 7) it is proposed that a grant of £1,100 be provided for the fortnightly periodical Amárach, the organ of “Muintir na Gaeltachta”. It is expected that a total of 24 issues will have qualified for grant by the end of the current financial year.

(d) Coimisiún Béaloideasa Éireann— the Irish Folklore Commission. An addition of £700 is needed for salary increases, with effect as from 1st October last, for the staff who had not received the cost of living increases granted in recent years.

Fé mar a dúirt mé cheana nuair a bhí Meastachán an Taoisigh ós ár gcomhair, nuair a bhíos Meastachán Breise ós comhair na Dála tugann sé caoi dúinn machtnamh ar gnéithe áirithe d'obair na Roinne. Beidh naoi Meastacháin ós ár gcomhair ar Meastacháin na Roinne Oideachais agus ní bheidh caoi againn ansin labhairt go héifeachtúil ar na mion rudaí atá fé bhreith ins na Meastacháin Breise seo. Níor mhiste don Aire míniú níos leithne a thabhairt ar an ócáid seo ar an obair tabhachtach atá ar siúl ag an Roinn Oideachais.

Do theastaigh uaim ceist a chur ar an Aire mar gheall ar Cumann Drámaíochta na Scol. An bhfuil aon áit fé leith go bhfuil an obair a tosnú innte agus gur fiú tagairt a dhéanamh do? Ní foláir nó go bhfuil an obair ag dul chun cinn mar ba ghnáthach ina lán áiteanna ach má tá áit ar bith ann ina bhfuil borradh, ba mhaith liom cabhrú leis.

Maidir le breis airgid a chur ar fáil do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, is ait an caitheamh é le haghaidh daoine a chur timpeall ná tíre ag iarraidh ar dhaoine leabhair agus páipéirí a cheannach. Nach bhféadfadh an Club Leabhar a bhfuil baill aige ar fuaid na tíre an bhollscaireacht sin a dhéanamh? Agus an méid sin airgid dhá chaitheamh ar an obair seo, ba mhór an rud é dá gcuireadh an tAire tuarascáil ar fáil dúinn a léireodh an toradh atá ar an obair. Is dóigh liom gur fiú an t-airgead a chaitheamh má tá an córas ann chun an obair a dhéanamh. Is ait liom go dteastaíonn an méid sin airgid uatha agus líon na mball atá san gClub Leabhar acu.

Is áthas liom go bhfuil sé socraithe ag an Aire airgead a thúirt do Amárach. Ón méid a léigh mé mar gheall ar Amárach i dtosach, ba dheacair liom a thuiscint go dtiocfadh a leithéid de fhás air agus go raibh an saghas préimhe ann atá. Is dóigh liom anois go bhfuil dhá shúil Amárach dírithe ar mhuintir na Gaeltachta agus go bhfuil dhá chluais na muintire a chuireann Amárach amach ag éisteacht le guth na Gaeltachta. Ni dóigh liom go bhfuil aon pháipéar eile a bhfuil baint chomh mór aige le saol agus le hobair na Gaeltachta agus atá ag Amárach.

Tá súil agam, ós rud é go bhfuil an chabhair airgid le fáil anois, go mbeidh a fhios againn fé cheann tamaillín cá bhfuil an Ghaeltacht bheo. Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil an Ghaeltacht, cá bhfuil an áit ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga ag na daoine. Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag Aire na Gaeltachta nó ag aon Aire eile. Le cabhair Amárach b'fhéidir nach fada go mbeidh a fhios againn cá bhfuil an Ghaeltacht. Déanfaidh sé feabhas maidir leis an Ghaeltacht agus beidh sé ina chabhair leis don Roinn Oideachais agus do Roinn na Gaeltachta.

Maidir le béaloideas, molaim go mór an leabhar a cuireadh amach le déanaí cé gur cuireadh amach i mBéarla é. Ach bíodh gur cuireadh amach é i mBéarla molaim é agus molaim údar an leabhair—Mr. Lucas. Go deimhin, tá moladh mór tuillte aige agus ag Coimisiún an Bhéaloideasa. Tá súil agam go spreagfaidh sé duine éigin chun leabhar tábhachtach den tsaghas sin a thúirt amach i nGaeilge mar gheall ar shaol ár ndaoine. Is dóigh liom gur rud an-mhaith ar fad é an leabhar atá curtha amach ag Coimisiún Béaloideas na hÉireann ar chúrsaí aitinne.

Pádraig Ó hIrighile

Cé go mbeidh naoi Vótaí againn beimid go léir ullamh agus beidh deis ag gach éinne againn óráid a dhéanamh. Ach maidir leis an méid atá i gceist fé láthair, creidim go bhfuil gluaisteán ag teastáil ó na daoine atá ag dul thart. Ní de shiúl a gcos a théann siad. Bhí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gluaisteán nó dhó a cheannach.

Jaguar a bhí aige.

Pádraig Ó hIrighile

Cad é?

An é Jaguar a bhí aige?

Pádraig Ó hIrighile

Ní Jaguar atá i gceist. Tá tuarastail na ndaoine a théann timpeall i gceist freisin. Táim sásta leis an obair atá dhá déanamh ag an Chomhdháil. Tá siad ag déanamh a seacht ndíchill. Tá daoine ó gach gluaiseacht Ghaelach eile páirteach in obair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Sin é an fáth go bhfuil an tsuim airgid seo i gceist.

Maidir le Cumann Drámaíochta na Scol, tá leathnú ar a gcuid oibre ar fuaid na tíre. Is tuar dóchais é go bhfuil an borradh sin le feiscint. Is mór an chabhair iad na féiltí a bhíonn ann don bheo theanga.

Ní dóigh liom go bhfuil a thuille eile le rá agam ach tagairt a dhéanamh don leabhar a luaigh an Teachta Ua Maolchatha. Táim buíoch de as ucht an méid adúirt sé. Tá bród orainn go léir as ucht an tsaothair atá dhá dhéanamh ag an bhfear sin le cúpla blian anuas. Táim buíoch den Teachta.

Is maol guala gan bráthair. Cathain a bheidh ceann eile againn—i nGaeilge?

Pádraig Ó hIrighile

Tá ceann amháin ar a laghad le teacht amach fé cheann míosa nó dhó.

I nGaeilge nó i mBéarla?

Pádraig Ó hIrighile

Níl a fhios agam cé aca i nGaeilge nó i mBéarla a bheidh siad ach tá cúpla ceann le teacht amach.

Vote put and agreed to.
Supplementary Estimates reported and agreed to.
Barr
Roinn