den Aire Oideachais cathain a cuireadh an Dara Tuarascáil ón gComhairle Oideachais chuig na clódóirí; agus cathain is dóigh leis a fhoilseofar í.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarascáil ón gComhairle Oideachais.
Ní raibh an téacs iomlán, idir Ghaeilge agus Béarla, ullamh don chlódóir go dtí an 17ú lá de mhí Aibreán. Cuireadh an t-abhar deiridh chun na gclódóirí an lá dár gcionn. Tá mé ag déanamh gach díchill chun an clóbhualadh a bhrostú agus tá súil agam go mbeidh an Tuairisc foilsithe fá cheann trí mhí nó mar sin.
An dtuigim ón Aire nach raibh an tuarascáil réidh chun chur go dtí na clódóirí go dtí an 17ú lá d'Aibreán i mbliana?
Pádraig Ó hIrighile
An téacs iomlán, idir Ghaeilge agus Bhéarla.
Coicís ó shin?
Pádraig Ó hIrighile
Coicís ó shin.
Cathain a cuireadh chuig na clódóirí í?
Pádraig Ó hIrighile
An lá ina dhiaidh sin, an 18ú lá.
Cathain a fhoilseofar í?
Pádraig Ó hIrighile
I gceann trí mhí, nó mar sin.
Bhfuil socraithe ag an Aire Meastachán na Roinne Oideachais a chur siar go dtí go mbeidh an tuarascáil againn?
Pádraig Ó hIrighile
Ní dóigh liom gur féidir liom é sin a dhéanamh. Níl sé sin socraithe.
Má tá an tAire chun an Meastachán a chur faoi dhíospóireacht sula gcuirfear an tuarascáil os ár gcóir, bhfuil socraithe aige tuairisc a thabhairt don Dáil, nuair a bheidh sé ag cur an Mheastacháin romhainn, ar cad atá sa tuarascáil?
Is dóigh liom gur ceist eile í sin.
Deir an tAire nach bhfuil socraithe aige gan an Meastachán a chur os ár gcóir go dtí go mbeidh an tuarascáil os ár gcóir. Bhfuil socraithe aige aon tuairisc a thabhairt dúinn ar cad atá molta ag an gComhairle Oideachais?
Pádraig Ó hIrighile
Ní dóigh liom gur féidir cuid den tuarascáil a chur os cóir na Dála gan an tuarascáil go léir a bheith ullamh. Ní bheidh sé ullamh roimh tráth na Meastachán. Tá súil agam go mbeidh an tuarascáil againn i gceann trí mhí nó mar sin.
Beidh poll mór sa scéal mura bhfuil an t-eolas ag an Aire le tabhairt dúinn ar cad atá sa tuarascáil seo.
Pádraig Ó hIrighile
Níl aon leigheas agam air sin.