Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 24 May 1961

Vol. 189 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarascáil an Cheird Chomhairle.

19. D'fhiafraigh

den Aire Tionscail agus Tráchtála an bhfuil ordú tugtha aige don Cheard-Chomhairle maidir leis an dáta ar a dtabharfar an Chéad tuaraScáil bhliantúil ar a himeachtaí dó; cad é an tréimhse lena bhainfidh an chéad tuarascáil sin; agus cathain a fhoilseofar í.

Tá órdú tugtha agam don Cheard-Chomhairle tuarascáil a thabairt dom, ar dháta nach déanaí ná 31ú Bealtaine gach bliain, ar a himeachtaí faoin Acht Príntíseachta, 1959, ar feadh na bliana go 31ú Márta roimhe sin. Bainfidh and chéad tuarascáil leis an tréimhse 20 Aibrean, 1960 go 31 Márta, 1961. Cuirfidhg mé faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas comh luath agus is féidir.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire cathain abfhéidir leis an tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachatais?

Pádraig Ó hIrighile

Ní féidir liom a rá.

An dóigh leis an Aire go bhfaighidh sé an tuarascáil roimgh dheireadh na míosa so fé mar a ordaíodh?

Pádraig Ó hIrighile

Níl an t-eolas san agam.

Do thuigeas ón Aire go gcuirfidís an tuarascáil chuig an Aire um dheireadh Bealtaine.

Pádraig Ó hIrighile

Tá ordú tugtha é do bheith ann ar dháta nach déanaí ná 31 Bealtaine gach bliain. Níl aon eolas agam go mbeidh a mhalairt de scéal ann i mbliana. Níl aon eolas faoi sin agam.

Barr
Roinn