den Aire Tionscail agus Tráchtála an inseoidh sé má d'fhoilsigh an Cheard-Chomhairle san Irish Oifigiúil aon frógraí faoi mhír 36 den Acht Printíseachta, 1959; agus cad iad dátaí an fhoilsithe.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Cheard-Chomhairle: Fógraí faoin Acht Printíseachta.
20. D'fhiafraigh
Pádraig Ó hIrighile
Tuigtear dom nár fhoilsigh an Chomhairle aon fhógra san Iris Oifigiúil faoi 36 den Acht Printíseachta, 1959.
Ar thug an tAire faoi deara go raibh scéal sna páipéir faoi ordú a tugadh?
Pádraig Ó hIrighile
Ordú?
Pádraig Ó hIrighile
Ceist rialacha atá ann faoi mhír 36 den Act Printíseachta, 1959. Ní raibh san ordú atá i gceist ag an Teachta ach comhairle ar choiníollacha.
Do thuigeas gur rialacháin—resolutions— a bhí sa cheist seo.
Pádraig Ó hIrighile
Ní dóigh liom go raibh ann ach comhairle do thuismitheoirí.
An Féidir liom a thuiscint ón Aire nár cuireadh aon ordú in aon chor san Iris Óifigiúil ón gComhairle ó cuireadh ar bun í?
Pádraig Ó hIrighile
Níor cuireadh.