Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Mar 1962

Vol. 193 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunscoil Nua i gCill Lachtain (Luimneach).

102. D'fhiafraí

den Aire Oideachais conas atá an scéal faoi láthair maidir le bunscoil nua a thógáil i gCill Lachtain, Contae Luimnigh; agus an fada go gcuirfear tús le tógáil na scoile seo.

Ceadaíodh deontas chun scoil nua a thógáil i gCill Lachtain, Contae Luimnigh. Tuigtear go bhfuil Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ag ullmhú na mion-léaraidí fé láthair agus ceaptar go mbeidh ar a gcumas tairiscintí do lorg i gcóir na scoile nua i Mí Aibreáin seo chugainn.

Barr
Roinn