Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Jul 1969

Vol. 241 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilsiú Saothar Liteartha.

100. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na prionsabail a thug ar an Roinn diúltú d'fhoilsiú bailiúchán véarsaí Chriostóir Uí Fhloinn agus d'fhoilsiú díolaim phróis Mháirtín Uí Chadhain.

Níor dhiúltaigh an Roinn Oideachais bailiúchán véarsaí le Criostóir Ó Floinn a fhoilsiú. Thairg an Roinn an bailiúchán véarsaí leis a fhoilsiú ach leasuithe áirithe a dhéanamh air. Ba leasuithe iad sin a mholfadh aon ghnáth-fhoilsitheoir ó thaobh freastail ar bhun-phrionsabail foilsitheoireachta. Níor dhiúltaigh an Roinn Oideachais ach oiread díolaim phróis le Máirtín Ó Cadhain a fhoilsiú. Chuir an Roinn in iúl, áfach, nár measadh a bheith oiriúnach roinnt scéalta a moladh a chur sa díolaim le Máirtín Ó Cadhain a bhí lena fhoilsiú ag comhlacht foilsitheoireachta agus a bhí le bheith mar léitheoireacht dhualgais le haghaidh cheann de scrúduithe an Stáit. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, i leith na ceiste seo agus i leith na ceiste eile atá togtha aige nach bhféadfadh aon fhoilsitheoir sleachta nó véarsaí d'fhoilsiú go mbeadh clúmhilleadh ag baint leo, a raghadh thar foir ó thaobh gáirsiúlachta de nó a chuirfeadh isteach ar dhlí na tíre nó ar chearta saoranach eile.

Cad é an fáth gur mheasadar nach oiriúnach na giotaí óna haltanna sin?

I gcás na scéalta mar adubhairt mé, bhí gáirsiúlacht ag baint leo agus caithfidh an Teachta seo a thuigbháil——

(Cur isteach.)

Gabh mo leithscéal anois bomaite. Sea, bhí, ach an bhfaca an Teachta Merriman in a iomlán ar chlár na scrúduithe? Caithfidh an Teachta seo a thuigbháil — má chuireann an Roinn Oideachais scéalta nó filíocht ar an gcúrsa do scrúduithe tá siad ag cur d'fhiachaibh ar na páistí na scéalta seo a léamh agus tá cearteanna ag na páistí agus tá cearteanna ag na tuismitheoirí chomh maith leis na cearteanna atá ag na scríbhneoirí agus ar an ábhar sin caithfimidne a bheith cúramach nach gcuirimid rud ar an gclár nár mhian leis na tuismitheoirí ná nár mhian leis na páistíé a léamh. Caithfimid seo a thuigbháil go cruinn anois, go bhfuilimid ag cur d'fhiachaibh ar na páistí na scéalta ar an gclár a léamh, agus mar adubhairt mé cheanna tá cearteanna ag na páistí agus tá cearteanna ag na tuismitheoirí chomh maith le cearteanna na scríbhneoirí.

An gháirsiúlacht amháin a bhí gceist? Nach cúrsaí polaitióchta a bhí i gceist?

An amhlaidh go bhfuil na Teachtaí seo ag iarraidh a chur in a luí orainn go bhfuil sé in am anois gáirsiúlacht a chur ar siúl sna scoil-eanna? Tá sé ceart go leór dona daoine fásta ach aontaímse go hiomlán leis an Aire go gcaithfimid agus na tuismitheoirí ——

Seo Trá na gCeist.

(Cur isteach.)

Nílimuidne ag cur stop le file ar bith a chuid filíochta a fhoilsiú. Tá sé de cheart aige é sin a dhéanamh am ar bith ach ní limuidne chun cuidiú leis i gcás nach bhfuilimid sásta le a n-oiriúntacht.

[Cur isteach.]

Más é seo atá i gceist ag an Teachta tig liom seo a rá — gur amháin ag an Dáil agus ag an Rialtas ó thaobh muintir na hÉireann atá an ceart cogadh a fhógairt. Más é sin an rud atá i gceist ag an Teachta, sin mo fhreagra air.

Barr
Roinn