asked the Minister for the Gaeltacht why sanction is not forthcoming for the Irish College, Ballinskelligs, County Kerry.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ballinskelligs (Kerry) Irish College.
45.
Is le déanaí a fuarthas pleananna leasaithe don choláiste sin agus tá staidéar á dhéanamh orthu.
Dúradh go ndúirt an tAire go mbeadh an coláiste seo tógtha agus ullamh don samhradh seo chugainn. An féidir leis an Aire geallúint a thúirt anois ina thaobh mar tá géarghá leis an gcoláiste sin?
Ní fhéadfainn geallúint den saghas sin a thúirt mar níl a fhios agam cad a tharlódh i dtaobh na bpleananna. Cuireadh pleananna leasaithe chuig an Roinn i lár na míosa seo caite. Níl a fhios agam cad a thiocfaidh astu. Más féidir an coláiste a chur ag obair an samhradh seo, déanfar amhlaidh ach ní tigh liom é sin a gheallúint.