Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 6 Nov 1969

Vol. 242 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ballinskelligs (Kerry) Telephone Kiosk.

46.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a grant available for the erection of a telephone kiosk at Ballinskelligs, County Kerry.

Tuigtear go bhfuil ar intinn ag an Roinn Poist agus Telegrafa both thelefóin a chur ar fáil ansin i dtráth cuí.

Chuir muintir Bhaile na Sceilge ceist chuig Roinn na Gaeltachta ach ní bhfuair siad freagra.

Sílim go dtuigeann an Teachta gur ceist í seo don Roinn Poist agus Telegrafa. Ní thugann an Roinn Tionscal agus Tráchtála deontas níl baint ar bith againn le tógáil bhoth thelefóin.

Ag an am gcéanna, aontaíonn an tAire go bhfuil géar-ghá le tógáil bhoth thelefóin i mBaile na Sceilge. Bíonn ar chuairteoirí siúl fada a dhéanamh go dtí an chéad bhile eile chun glaoch telefóin a dhéanamh.

Níl an scéal iomlán agam faoi bhoth thelefóin i mBaile na Sceilge ach tuigim, ón méd eolais atá agam ón Aire Poist agus Telegrafa go bhfuil sé ar intinn ag an Roinn sin both thelefóin a chur ar fáil ansin i dtráth cuí.

Ach cathain?

Níl a fhios agam. Is ceist í sin don Aire Poist agus Telegrafa.

Barr
Roinn