Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Jul 1970

Vol. 248 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarascáil Albanach.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ar léigh sé i dtuarascáil "Highlands and Islands Development Board" na hAlban, a foilsíodh i mí Feabhra i mbliana, gur infheistíodh sé mhilliún punt ann agus go ndearnadh £600,000 de bhrabach anuraidh, agus gur cuireadh 4,000 duine sa bhreis ag obair i bpoist nach raibh ann roimhe sin; agus an bhfuil aon scéim den tsórt seo faoi bhreithniú aige.

Is inmholta an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an mbord sin in Albain ach is dóigh liom go bhfuil eolas míchruinn bainte ag an Teachta as tuarascáil dá chuid. Mar shampla, an £600,000 a luaigh an bord, ní mar bhrabach anuraidh é ach mar aisíocaí a bhfuiltear ag súil leo i mbliana ar iasachtaí ón mbord.

Ó thaobh na Gaeltachta de, is é Gaeltarra Éireann an príomhghléas atá againn chun tionscail a fhorbairt agus is cúis sásaimh dom a rá gur mór an dul ar aghaidh atá déanta ag Gaeltarra leis na cumhachtaí breise a tugadh dóibh chuige sin: na tionscail a bhfuil cúnamh airgid ceadaithe ina leith le blianta beaga anuas meastar go gcuirfidh siad saothrú lánaimsire ar fáil do bhreis agus 1,000 cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Chomh maith leis sin tá a lán scéimeanna ag Roinn na Gaeltachta chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn. B'fhéidir nach miste a lua go bhfuil os cionn £2½ mhilliún á chur ar fáil i mbliana don Roinn agus do Ghaeltarra: is méadú faoi cheathair é sin ar an airgead bliantúil a bhíodh ar fáil dóibh tamall beag de bhlianta ó shin.

Gan aon amhras, tá an Rialtas ag caitheamh níos mó airgead ach nach náireach an scéal é an riocht ina bhfuil an tIarthair—é ag dul i laige ó bhliain go chéile?

Ní aontaím leis an méid sin.

Nach bhfuil aon eagla ar an Rúnaí Parlaiminte go mbeidh máirseáil mhór ón Iarthair de dheascadh an reachta ina bhfuil an tIarthair faoi láthair?

Níl eagla ar bith orm.

Nach bhfuil? Is maith an scéalaí an aimsir.

Barr
Roinn