Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 28 Jan 1971

Vol. 251 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fíor-Ghaeltacht Areas.

75.

asked the Minister for the Gaeltacht the location of Fíor-Ghaeltacht areas in Ireland; and the number of native speakers in each Fíor-Ghaeltacht.

76.

asked the Minister for the Gaeltacht by what method he ascertains the number of native Irish speakers in each Fíor-Ghaeltacht area.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam Ceist 75 agus Ceist 76 a thógaint le chéile.

Ón mbliain 1956 i leith níl feidhm oifigiúil leis an téarma "Fíor-Ghaeltacht". Rud eile, nuair a bhíonn ceist sa Daonáireamh mar gheall ar labhairt na Gaeilge, mar shampla sa bhliain 1961, ní dhéantar idirdhealú idir cainteoirí dúchais agus cainteoirí eile.

Tugtar suíomh na gceantar Gaeltachta in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 agus 1967, ina bhfuil dhá saghas limistéar gan idirdhealú eatarthu—

limistéir ar Ghaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus

limistéir ina n-aice sin ar cinneadh iad a áireamh sa Ghaeltacht.

Ní fhágann sé sin nach mbíonn eolas againn mar gheall ar staid na Gaeilge in aon cheantar áirithe Gaeltachta. Is í an phríomhshlat tomhais atá againn ná líon na ndaltaí scoile a thuilleann an deontas £10 as an nGaeilge a bheith mar ghnáth-theanga theaghlaigh acu agus as í a labhairt go líofa nádúrtha dá réir.

Barr
Roinn