Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 May 1971

Vol. 253 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Moltaí Chomhairle na Gaeilge.

17. D'fhiafraí

den Aire Airgeadais cé mhéid moltaí a fuair sé ó Chomhairle na Gaeilge ón lú lá de Mhéan Fómhair, 1970; na moltaí ar ghlac sé leo; na moltaí ar dhiúltaigh sé díobh; agus na moltaí atá curtha siar a lua.

Ó 1 Meán Fómhair, 1970, i leith, fuair mé trí mholadh ón gComhairle:

1. Go ndéanfaí taighde proifisiúnta gan mhoill d'fhonn teacht ar threoracha polasaí maidir le dúnadh nó cónascadh bunscoileanna agus le soláthar iarbhunoideachais sa Ghaeltacht, agus go n-athosclófaí bunscoil Dhún Chaoin go sealadach go dtí go mbeadh torthaí an taighde sin ar fáil.

Tá coiste idir-rannach, faoi choimirce an Aire Oideachais, ag gabháil cheana féin de thaighde faoi riachtanais oideachais na Gaeltachta, ach níl sé i gceist scoil Dhún Chaoin a athoscailt.

2. Go gcuirfí scéim áirithe rialtais áitiúil i bhfeidhm sa Ghaeltacht.

Breithneofar moladh seo na Comhairle in éineacht le moltaí eile a gheofar de thoradh ar an ráiteas sa Pháipéar Bán faoi Rialtas Áitiúil "go gcuirfidh an Rialtas fáilte roimh tuairimí cuiditheacha ar na moltaí a luadh sa Pháipéar Bán agus go gcuirfear san áireamh iad sula ndéanfar breitheanna críochnaitheacha".

3. Go mbúnódh Gaeltarra Éireann agus Comhlacht Forbartha Saorfort na Sionna meitheal oibre chun tuarascáil a ullmhú go luath faoi shraith de pholasaithe forbartha don Ghaeltacht, na nithe atá indéanta láithreach, an eagraíocht is gá, na cumhachtaí breise atá ag teastáil agus an bhreis airgeadais is gá.

Cheadaigh mé an moladh sin, le haontú an Aire Tionscail agus Tráchtála agus an Aire Iompair agus Cumhachta, agus tá an meitheal oibre i mbun gnó cheana féin.

Ní fheadar an chuala mé an Rúnaí Parlaiminte i gceart? Ar ndúirt sé go bhfuair sé trí moltaí? Cheapas ón fhreagra go bhfuair sé 300 moltaí.

An freagra atá sa cheist— fuair mé trí moladh ón gcomhairle, agus do luaigh mé gach ceann acu.

Barr
Roinn