Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Jun 1971

Vol. 254 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Tionsclaíocht i nGaeltacht Chorcaí.

25. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon scéim beartaithe ag Gaeltarra Éireann maidir le tionscail i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Contae Chorcaí.

Is é an cuspóir atá ag an Rialtas ná lánfhostaíocht a chur ar fáil sna seachtóidí do na cainteoirí dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht. Chun an cuspóir sin a bhaint amach breithneoidh Gaeltarra Éireann an Ghaeltacht ar fad agus déanfaidh siad a ndícheall le tionscal a bhunú i ngach ceantar oiriúnach.

An bhfuil aon tionscal faoi leith i gcóir Bhéal Átha an Ghaorthaidh?

Tá deontas ceadaithe ag Gaeltarra do thionscal ann agus tá cead pleanála faighte ach níor mhaith liom a thuilleadh a rá mar gheall air ag an am seo.

Cén saghas monarchan atá i gceist ag an Rúnaí Parlaiminte?

De réir an méid cainte a rinneadh ar an gceist dheireanach, is féidir liom a rá nach bhfuil aon tairiscint ag Gaeltarra Éireann fós chun tionscal le haghaidh gléasanna frithghiniúnacha a chur ar fáil pé scéal é— má thuigeann an Teachta an tagairt sin.

Barr
Roinn