Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 Nov 1971

Vol. 256 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann.

43.

Mr. J. Lenehan

asked the Minister for the Gaeltacht the locations in the constituency of West Mayo where Gaeltarra Éireann have established industries in the two-year period ended 30th September, 1971.

Sa tréimhse sin chabhraigh Gaeltarra Éireann le forbairt tionscal i bPoll an Tómais, Béal an Mhuirhead, Cuan Éilí, Gaoth Sáile agus An Corrán.

44.

Mr. J. Lenehan

asked the Minister for the Gaeltacht (a) the total amount of Government subsidy made available to Gaeltarra Éireann for the financial year ended 31st March, 1971, and (b) the total loss incurred by Gaeltarra Éireann for that financial year taking (a) into account.

45.

Mr. J. Lenehan

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state in respect of 1971-72 the total amount of subsidy available to Gaeltarra Éireann from Government sources.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 44 agus 45 le chéile.

Tá an t-eolas cuí ar fáil i scríbhinní a leagadh faoi bhráid na Dála— Meastacháin i gCóir Seirbhísí Poiblí don bhliain airgeadais reatha agus Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Ghaeltarra Éireann don bhliain 1970.

46.

andMr. G. Lynch asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a statement as to the probable future of Gaeltarra Éireann in view of the serious concern being felt among workers employed by it.

47.

andMr. G. Lynch asked the Minister for the Gaeltacht if any policy changes in regard to the working of Gaeltarra Éireann are at present contemplated; and, if so, the nature and extent thereof.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 46 agus 47 le chéile.

Sa Pháipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 1965 d'fhógair an Rialtas go raibh siad tar éis a chinneadh go gcaithfeadh Gaeltarra Éireann bheith ina phríomhghléas chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha de chineál tionsclaíoch a fhorbairt i ngach limistéar Gaeltachta agus dúirt siad gurb é Gaeltarra a chaithfeadh dlús a chur leis an tionsclaíocht sa Ghaeltacht. Is mar sin atá an scéal go fóill. Ó 1965 i leith tá méadú mór déanta ar na cumhachtaí agus ar an airgead do Ghaeltarra chun beartas an Rialtais don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm agus ní beag an dul chun cinn atá déanta.

Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí margaíochta ag cur isteach ar thionscail áirithe faoi láthair ach tá gach dícheall á dhéanamh ag Gaeltarra chun iad a shárú.

48.

asked the Minister for the Gaeltacht (a) the amount and value of tweed sold abroad by Gaeltarra Éireann between 1968 and 1971; (b) the number of salesmen employed by the company in each country; (c) the number of such salesmen who are full-time employees of the company; (d) whether they are paid on a salary or commission basis; and (e) their total earnings for the three years in question.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur luach thart ar £200,000 den bhréidín a díoladh thar lear le trí bliana anuas. Ní bhíonn mioneolas agam faoi riarachán inmheánach Ghaeltarra—lena mbaineann an chuid eile den Cheist.

Barr
Roinn