d'Aire na Gaeltachta cén chúis atá leis an moill i dtaobh soláthar leictreachais d'Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leictreachais d'Oileáin Árann.
Is ar Bhord Soláthair an Leictreachais atáthar ag brath chun na socruithe teicniúla a dhéanamh agus tá iarrtha ar an mBord an obair a bhrostú oiread agus is féidir.
Maidir leis an gceist seo, cad a tharla faoi Fhianna Fáil?
Mr. Kitt
An bhfuil a fhios ag an Aire gur tugadh cead do Roinn na Gaeltachta an obair seo a dhéanamh níos mó na dha bhliain ó shin agus an iarrfadh sé ar Bhord Soláthair an Leictreachais gach rud a dhéanamh chun an leictreachas a chur ar fáil dóibh?
(Cur isteach.)
Mar is eol dona Teachtaí fograíodh socruithe speisíalta sa bhliain 1969 chun an leictreachas a sholáthar don a h-oileáin Ghaeltachta. Tá a lán socruithe ann, ach sé an ceann is tábhachtaí ná go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta deontas chun an caitheachas caipitil a ghlanadh agus go ndéanfadh Bord Soláthair an Leictreachais na socruithe teicniúla. Tá iarrtha ar an mBord an obair a bhrostú.
Mr. Kitt
Tá súil agam go bhfuil an Teachta Coogan sásta anois.
(Cur isteach.)