den Aire Oideachais an bhfuil saor-iompar á sholáthar do shé pháiste scoile ó limistéar scoile Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall chuig bunscoil eile.
Written Answers. - Bus Sheirbhís Scoile.
144. D'Fhiafraigh
Tá roinnt pháistí a chónaíonn i gceantar scoile Rann na Feirste go bhfuil saor-iompar acu ar an seirbhís iompair a ghabhann chuig S.N. Anagaire ó limistéar na scoile dúnta ag Mín na Leice. Tá an saor-iompar á sholáthar do na páistí seo de thairbhe iad a bheith ag freastal ar S.N. Anagaire i dtólamh agus go mbíodh saor-iompar chun na scoile sin acu sa tréimhse nach raibh S.N. Rann na Feirste ar oscailt le haghaidh teagasc a gcuid páistí.