An Bille Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973: An Dara Ceim. Place-names (Irish Forms) Bill, 1973: Second Stage.

Tairgim: "Go leifear an Bille an Dara hUair anois."

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Is é cuspóir an Bhille a shocrú go mbeidh feasta ag foirmeacha Gaeilge logainmneacha na hÉireann an seasamh céanna sa dlí atá anois ag na foirmeacha Béarla atá in úsáid go h-oifigiúil.

Dá n-úsáidfí anois logainm Gaeilge i reacht nó in aon cháipéis dlí, ní bheadh aon chinnteacht ann caidé an réim thíre a bheadh i gceist, mar d'fhéadfadh go mbeadh leaganacha eile Gaeilge in úsáid don réim chéanna nó an t-ainm céanna do réimeanna eile. Ní cosúil gur ghá d'aon chúirt na logainmneacha Gaeilge a aithint.

Mar réiteach ar an deacracht sin, bhéarfaidh an Bille seo cumhacht don Aire Airgeadais, tar éis dó comhairle a fháil ón Choimisiún Logainmneacha, ordú nó orduithe a dhéanamh ag sonrú foirmeacha Gaeilge na logainm lena n-úsáid chun críocha dlí.

Ceapadh an Coimisiún Logainmneacha trí bharántas an Aire Airgeadais dár dháta 24 Deireadh Fómhair, 1946, chun logainmneacha na hÉireann a scrúdú agus chun liostaí de na logainmneacha sin ina bhfoirm Ghaeilge a ullmhú le foilsiú agus le húsáid go hoifigiúil. Sa bhliain 1955 socraíodh gur i gcumas comhairlitheach, faoi Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, a d'oibreodh an coimisiún feasta, agus sa bhliain 1957 ceapadh foireann taighde logainmneacha sa tSuirbhéireacht Ordanáis. Ón am sin i leith, tugann an coimisiún comhairle faoi logainmneacha Gaeilge na tíre, an chomhairle sin bunaithe ar an taighde a rinne an fhoireann logainmneacha. Tá comhairle tugtha cheana féin ag an gcoimisiún faoi ainmneacha Gaeilge na bpostbhailte ar fad —clúdaíonn na postbhailte gach cathair, baile mór agus sráidbhaile sa tír.

Tugann alt 2 cumhacht don Aire ordú logainmneacha a dhéanamh ag sonrú na bhfoirmeacha dlíthiúla Gaeilge de logainmneacha. Beidh cumhacht aige ordú den sórt sin a leasú nó a chúlghairm, ach ní mheastar go mbeidh gá leis an gcumhacht sin ach go fíorannamh. Leagfar gach ordú faoi bhráid Tithe an Oireachtais agus beidh cumhacht acu sin iad a chur ar neamhní taobh istigh de thréimhse áirithe.

Tugann alt 3 seasamh i ndoiciméid dlíthiúla do na foirmeacha Gaeilge a bheas ordaithe ag an Aire.

Ní dhéanann an Bille aon athrú ar sheasamh ná ar úsáid na logainmneacha Béarla. I gcás logainmneacha Gaeilge a bhfuil feidhm dlí acu faoi achtachán eile, ní bhainfeadh an Bille seo an fheidhm sin díobh.

Mar focal scoir, ba mhaith liom anois chomgháirdeas a dhéanamh le foireann an Choimisiúin Logainmneacha as ucht an oiread sin oibre atá déanta acu i rith na blianta. Táimse an-bhuíoch dóibh go léir thar cheann an saothair inmholta a rinneadar agus an dea-chomhairle a thugadar dom agus do gach Aire Airgeadais sna cúrsaí a bhaineann leis an mBille seo. Beidh an chomhairle sin agus, ar ndóigh, na tuairimí eagsúla a nochtadh ins an Teach seo in a cúnamh mór dom chun cuspóir agus spiorad an Bhille seo a chur ar aghaidh.

Molaim an Bille seo don Teach. Tá súil agam gur coitianta a úsáidfear foirmeacha Gaeilge logainmneacha dá bharr.

Fáiltím roimh an mBille seo. Ní h-ionadh sin, dar ndóigh, ós rud é gur sinne a shocraigh an Bille seo agus a thug an t-ordú chun an Bille seo a ullmhú. Is sonntasach an rud é gur Bille eile é seo a tugadh isteach ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm nár ullmhaíodar féin. Is beag Bille a thugadar isteach go dtí seo a d'ullmhaigh siad féin.

Tá sin á chloisteáil againn le tamall maith anuas.

Ritheadh dhá cheann cheana féin.

Mar is eol don Rúnaí Parlaiminte, bhí ar ceannaire an phairtí seo a léiriú don Dáil le déanaí gur thárla rud nár thárla riamh cheana. I rith an tréimhse fhada a bhí an Dáil ar athló i rith an tSamhraidh níor ullmhaigh an Rialtas Bille ar bith. Is eagal liom go raibh na hAirí róghnóthach ag caint agus ag plé leis na nuachtáin chun a gcuid oibre a dhéanamh. Ar aon nós, tá an Bille seo ós á gcómhair.

Beidh sibh cráite le Billí sul a mbeimid críochnaithe.

Cuirimid fáilte roimh an mBille. Níl mórán le rá agam ó thárla go raibh baint agam féin lena ullmhú.

Ar an gcéad dul síos, de réir mar a thuigimse an scéal go dtí seo bhí feidhm dlí le roinnt logainmneacha Gaeilge. Is dócha go raibh ainm oifigiúil Gaeilge ag Dún Laoghaire agus feidhm dlí aige. Ach tá an-chuid áiteacha a bhfuil logainmneacha oifigiúla leagtha síos dóibh nach bhfuil feidhm dlí acu. Sin í an chúis is mó atá leis an mBille seo a thabhairt ós comhair na Dála.

Ach tá rud beag amháin atá ag déanamh buartha dhom. Níl a fhios agam an féidir leis an Aire é a leigheas ach ceapaim go mba chóir é a lua. I gcás logainm Gaeilge a bheith socraithe ag an gCoimisiún agus é á úsáid i ndoiciméad nó i gcáipéis dlíthiúil atá déanta nó sínithe roimhe seo, de réir forálacha an Bhille seo ní bheidh feidhm dlí acu de bhrí gur deineadh an ionstraim nó gur síníodh an cháipéis roimh an dáta feidhme a luaitear sa Bhille. Tuigim fáth an scéil. Tá ar an Aire, is dócha tabhairt faoin ndeacracht ar an gcuma sin, ach seo an rud atá ag déanamh tinnis domsa. Maidir le cáipéisí Gaeilge a ulimhaíodh na blianta ó shin ina n-úsáidtear an fhoirm Ghaeilge de ainmneacha áiteacha éagsúla de réir mar a thuigimse an scéal ar a laghad tá amhras ann an bhfuil feidm dlí leis na cáipéisí sin.

An bhféadfadh an tAire foráil a chur isteach san mBille i gcás cáipéisí ina n-úsáidtear logainmneacha Gaeilge atá ar aon dul díreach leis na logainmneacha atá socraithe ag an gCoimisiún go mbeadh feidhm dlí leis na hainmneacha sin ins na cáipéisí cé gur síníodh na cáipéisí cheana féin.

Tá baol ann, cé go bhfuil an Bille seo os comhair na Dála, nach mbeidh feidhm dlí leis na cáipéisí úd. Tá a fhios agam nach bhfuil sin cinnte ach tá amhras ann agus tagraíonn an tAire don amhras seo. Os rud é go bhfuil an Bille seo os comhair na Dála ar bhealach cuireann sé sin leis an amhras atá ann i gcás na gcáipéisí sin. Muna mbeadh an Bille seo an d'fhéadfaí, b'fhéidir, argóint a dhéanamh go bhfuil feidhm dlí leis na focail seo ach sa mhéid go bhfuil an Bille ann agus go bhfuilimid ag rá gur gá Bille a thúirt os comhair na Dála chun feidhm dlí a thabhairt do na h-ainmneacha seo is féidir argóint an-láidir a dhéanamh anois nach bhfuil feidhm dlí leis na logainmneacha Gaeilge úd sna cáipéisí dlithiúla atá déanta amach cheana féin.

Tuigim an dearcadh a bhaineann leis seo ach do mholfainn don Aire smaoineamh air agus féachaint an bhfuil bealach ar bith ann chun an Bille a leasú chun feidhm dlí a thabhairt do na cáipéisí sin siúd is go bhfuil na logainmneacha Gaeilge á n-úsáid iontu ar aon dul leis na logainmneacha a leagfar síos in ordú faoi alt a 2 san mBille seo. Tá doiciméidí eile ann go bhféadfaí, b'fhéidir, an argóint chéanna a dhéanamh futhu ach tuigim gur féidir teacht timpeall ar na deacrachtaí ina gcás sin ach i gcás na gcáipéisí teidil ní féidir, is dóigh liom, agus ní leigheasfaidh an Bille seo an scéal. Mholfainn do nAire smaoitiú ar an gceist seo féachaint an bhfuil réiteach na faidhbe aige.

Faoi mar adúirt an Teachta Colley ar ball, bhí géar-ghá leis an mBille seo agus is ró-mhithid dúinn Bille dá shórt a bheith againn chun go mbeadh feidhm dlí le pé foirm oifigiúil a cheapfadh an Coimisiún Logainmneacha i gcóir áite ar bith sa tír.

Níl i gceist agamsa ach béim a leagan ar chomh dona a bhí an scéal go nuige seo. Dúirt an Teachta Colley cúpla nóimeat ó shin gurab é a phairtí féin a chum an Bille seo agus a shocraigh an Bille seo a thabhairt isteach. Ach d'fhág sé ar lár ar fad a admháil gurab iad siúd na daoine céanna a d'fhulaing ar feadh tamaill an-fhada raiméis a bheith á scaipeadh ar fud na tíre a bhí in ainm a bheith mar logainm ar áit éigin sa chathair nó faoin dtuaith; agus cé nach bhfuil mé ag iarraidh moladh dá laghad bhaint den phairtí ar leis é mar gheall ar shocrú ar an mBille seo a thabhairt isteach, ba cheart an méid seo a rá in éineacht leis-go bhfuilimid cráite le leathchéad bliain anuas i gcás na gcomharthaí bhóthair a cuireadh suas ar fud na tíre, go mór-mhór ó aimsir an Chogaidh anuas. Táimid cráite le droch-Ghaeilge, le Gaeilge lochtach toisc gan na logainmneacha a bheith socraithe go cruinn ag údarás nó coimisiún éigin, toisc gan feidhm dlí a bheith acu agus toisc go mba chuma leis an Rialtas a bhí ann pé ráiméis nó seafóid a bhí á chur suas ar fud na tíre ag déanamh ceap-mhagadh dínn. Sin é an locht atá á fháil agamsa, ní ar an mBille féin, ach ar stair an Bhille.

Níor mhaith liom mórán eile a rá seachas an méid seo: tá súil agam tar éis an Bhille seo a bheith rite ag an dá Theach go dtabharfaidh gach údarás Stáit, agus na h-údaráis áitiúla go h-áirithe, go dtabharfaidh siad siúd aire do cibé logainm oifigiúil a shocrófar amach anseo ag an gCoimisiún Logainmneacha agus go gcuirfidh siad beagán stró orthu féin aire a thabhairt do cibé comhartha sráide a bheidh faoina gcúram i dtreo go mbeidh an Ghaeilge atá ann ceart agus go mbeidh caighdeán éigin le feiceáil ann. Is náireach an rud é an Ghaeilge a bheith in ainm a bheith á h-aithbheochaint againn sa Teach seo le leathchéad bliain anuas, ach ní gá dhuit ach súil a chaitheamh timpeall sa Teach seo agus feicfidh tú raiméis. Amuigh anseo os cionn dhoras Bheár na gComhaltaí tá focal nach bhfaca mé riamh cheana, "comhaltaí". Ní focal Gaeilge é sin ach is féidir an focal seo a fheiceáil taobh istigh de Theach Laighean. Taobh amuigh de mórán chuile dhoras sa Teach seo tá raiméis le feiceáil, agus is sinne na daoine atá in ainm bheith i gceannas ar fheachtas na h-aithbheochana. Nach náireach an rud muide do bheith ag cur ina luí ar dhaltaí scoile agus eile go mba chóir dóibh Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt nuair is soiléir gur cuma linn ar fad an sort Gaeilge atá á úsáid ag na h-údaráis áitiúla nó fiú amháin ag Rannaí Stáit.

Má bhíonn tú ar an mbóthar ó Chill Chainnigh go Port Láirge tiocfaidh tú ar sráid-bhaile ar a dtugtar "Ballyhale" i mBéarla. Cúpla míle roimh an sráide-bhaile seo a bhaint amach dhuit feicfidh tú comhartha bhóthair agus fógraíonn an comhartha bhóthair sin duit go bhfuil tú i ngiorracht dhá mhíle do "Bhaile hAol". Díreach ar theacht isteach sa sráid-bhaile duit feicfidh tú comhartha an-mhór eile, suite díreach ar imeall an tsráid-bhaile, agus fógraíonn an comhartha sin duit gur "Baile Héil" atá ann. Cúpla míle níos faide anonn ar an mbóthar go Port Láirge feicfidh tú comhartha eile a chuireann in iúl duit go bhfuil tú tar éis "Baile hOal" a fhágáil id dhiaidh. Is náireach an rud é sin, agus tá dlúth-bhaint idir an cheist sin agus ceist iomlán na logainmneacha. Dá mbeinn im dhalta scoile sa sráid-bhaile beag seo i gCill Chainnigh ag éisteacht chuile lá leis an múinteor nó le boicíní móra ó Bhaile Átha Cliath nó le hAirí, nó le Taoiseach agus iad ag iarraidh chur ina luí orm nach raibh ach leathÉireannach ionam mura mbeadh an Ghaeilge agam, agus mé ag féachaint ar thrí foirmeacha éagsúla "Gaeilge" ar mo bhaile dúchais—nach dtiocfainn láithreach ar an smaoineamh gur chuma leis na boicíní móra an Ghaeilge beo nó marbh, gur chuma leis na húdaráis áitiúla, gur chuma leis an Roinn Rialtais Áitiúil agus leis an saol fásta an Ghaeilge beo nó marbh, agus nach raibh ach cur-igcéill á chur i bhfeidhm ormsa. Sin sampla beag amháin. Tá na céadta agus na mílte sampla eile le feiceáil ar fud na tíre seo ach níor mhaith liom moill a chur ar an Teach.

Ní dóigh liom go bhfuil na cáipéisí dlíthiúla faoi ar labhair an Teachta Colley chomh líonmhar sa tír gur mór an deacracht dúinn iad, ach tá na comharthaí bhóthair an-líonmhar sa tír. Is féidir le duine lá iomlán a chaitheamh gan focal Gaeilge a fheiceáil seachas na comharthaí sin, agus ba cheart dóibh bheith cruinn, beacht agus caighdeánta, agus mura mbíonn siad cruinn, beacht agus caighdeánta agus ar aon dul lena chéile is náireach an rud dúinn a bheith ag chur in iúl don phobal go bhfuilimíd i ndáiríre faoin Ghaeilge a athbheochan.

Ní chreidfeá an raiméis atá le feiceáil anseo i mBaile Átha Cliath ar na sráideanna agus ins na bóithre sa bhfóchathair atá á chur suas ag Bárdas Bhaile Átha Cliath le deireannas. Agus ní creidfeá an raiméis atá ar chuid mhaith de busanna CIE agus atá á úsáid ag údaráis uile an Stáit. Níl locht ar bith agam ar dhuine ar bith toisc gan an Ghaeilge a bheith go foirfe aige. Rugadh agus tógadh ár mbunáite le Béarla agus ba mhór an stró dúinn an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní fhághaim locht ar bith ar dhuine a dheineann botún Ghaeilge ach tá locht le fáil ar údarás gur chuma leo cén raiméis a chuireann siad suas.

Cá bhfaghann siad na hainmneacha sin?

Ní féidir leis na trí foirmeacha de "Ballyhale" a bheith ceart.

Aontaíom leis an Rúnaí Parlaiminte ach cá bhfaghtar na leaganacha aite seo?

Ní bheidh mórán achrainn eadrainn mar gheall ar ainm na príomh-chathrach seo. Tá dhá fhoirm ann de réir mar is fada nó gairid iad. Tá "Baile Átha Cliath" agus "Áth Cliath" ann, ach má thriallann tú thart ar imeall na cathrach feicfaidh tú beagnach chuile áit comharthaí millteacha móra curtha suas ag Comhairle Chontae Átha Cliath nó Bárdas Átha Cliath—níl mé cinnte cé acu atá cionntach—"Átha Cliath" sa tuiseal ginideach. Níor mhaith liom mé fhéin a thaispeáint mar máistir scoile san Teach ach níl leithscéal ar bith don rud sin.

Ba mhaith liom an Coimisiún Logainmneacha a mholadh go hárd as uch na hoibre atá déanta aca le blianta anuas, ach ba mhaith liom freisin a mholadh don Aire go gcuirfeadh sé i n-iúl do chuil údarás stáit sa tír seo go mbeidh foirmeacha caighdeánta oifigiúla bíodh siad olc nó maith, ach caighdeánta, le fáil feasta ón Choimisiún Logainmneacha agus go mba chóir dóibh cloí go cruinn agus go beacht leis an bhfoirm sin agus gan foirm eile a úsáid. Muna ndeinimíd sin—agus sin an fá go molaim don Aire a anál a chur faoina húdaráis eagsúla—is ceap magaidh muid os comhair na ndaltaí scoile go bhfuilimíd ag iarraidh an Ghaeilge a theagasc dóibh.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Is trua nár tugadh isteach é 40 nó 50 bliain ó shin, gan trácht ar am níos déanaí. Tuigim an imní agus an mothúchán a léiríonn an Rúnaí Parlaiminte, an Teachta Kelly, ar an gceist seo. Aontaím leis go mór i dtaobh na gcásanna seo a luaigh sé agus tá súil agam go rachaidh a chuid cainte i bhfeidhm ar a cháirde sa Rialtas.

I hope I may be allowed speak in English on this.

Tá fáilte rómhat.

I would agree that there should be some form of standardisation of place names in Irish. There has been a lot of nonsense about these names and I have seen it even in Dublin city, but I would also hope that we might ensure that the names are in English as well as in Irish. I would strongly oppose the dictatorial attitude of local authorities in compelling residents to have the names of the estates and the roads in the estates in Irish only. People have voiced their objections to this and their objections have been overruled. There is too much hypocrisy about this language. Those of us who go out preaching that we must have Irish are the last people to speak it. Those people who speak it here in the House, you will never see them putting their names in Irish on a ballot paper, which is an astonishing thing; all the rest of the time you will see their names in Irish. This is sheer hypocrisy.

Due to the fact that there has been this compulsory Irish over the years, I have developed an apathy, almost a detestation, of the language, which is a terrible thing to say. I spoke Irish fluently, but the whole hypocrisy associated with it has turned me completely off it so much so that I would resent in my area seeing the name of my road in Irish only, and I would hope there would be no attempt to force this on the people against their will.

We had the situation many years ago when Irish was spoken—and it is many years since Irish was our official language—when the English names were a corruption of the Irish names. Now we must admit to ourselves that the Irish equivalent of the English name is merely a corruption of the English name. The reason for the different versions of the English name is that people are interpreting differently the meaning of the English word. It reminds me of the time when I was doing chemistry and physics through the medium of Irish. There were no equivalent Irish words for the English words in physics and chemistry, and as a result we sufferred a tremendous disadvantage in the intermediate and leaving certificate examinations. It was a crying shame that we were asked to pursue the study of these subjects through the medium of Irish.

Did the Deputy pass?

I did but certainly not with——

With honours?

Yes, against almost insuperable obstacles. It was absolutely ludicrous that schools should impose the like of this on us through the medium of Irish. I am saying this because I think there is much hypocrisy associated with the language. I say to people who are advocating the use of Irish so much that they should put their names in Irish on the ballot paper. This would be a good test. This does not happen.

I do not want to digress. The Ceann Comhairle may feel worried about this. I would agree about standardisation and some uniformity but I would also suggest that we should be logical and realistic. In my own area there was a district known as Inse Caoir. "Caoir" was a berry, if I remember correctly. This has been completely corrupted now to Inchicore. There has been corruption of the Irish word. There is no semblance of sanity about our interpretation of the words.

I would respectfully suggest that we should get back again to studying the meaning of the words. A proper interpretation should be put on them.

Silim go mbeadh sé an-dheacair ainm amháin a ghlachadh mar tá go leor áiteanna ar fud na tire ar a bhfuil cúpla ainm Gaeilge. D'fhéadfainn a lán céann acu a luaigh. Bheadh sé deacair na daoine go léir a fháil ar aon aigne cé acu de na h-ainmneacha Gaeilge a bheadh in úsáid. Ní maith liom "purism" ar fad i dteanga ar bith. Is iad an dream a dhein an damáiste is mó, sílim, d'athbheochan na Gaeilge le 40 bliain anuas ná na "purists" a chrochfadh duine dá ndéanfadh sé dearmad gharmaidhaigh nó dearmad liteartha, nó dá mbeadh an litríu micheart aige. Ba cheart deireadh a chur le "purism". Mar sin féin, is maith an rud caighdéanú a dhéanamh ar logainmneacha i dteanga ar bith.

Rinneadh iarracht caighdéanú a dhéanamh i leith na "dialects" sa tír seo roint bhliain ó shin. D'éirigh cuíosach maith leis an iarracht sin ach ní féidir caighdeánú ceart a dhéanamh ar theanga agus dá bhrí sin ar logainmneacha. I nGaeltachtaí ní ceart ach ainm amháin a bheith in úsáid ar na comharthaí bóthair, na bailte agus mar sin de. Ní ceart ach an leagan Gaeilge a bheith in úsáid ar na logainmneacha sa Ghaeltacht.

Bhí díospóireacht faoin Uaimh bliain nó mar sin ó shin faoi cé acu ainm a úsáidfí i gcás an bhaile sin agus sílim gur vótáil muintir na h-áite agus gur buadh ar an leagan Gaeilge amháin a úsáid. Tá a lán deacrachtaí den saghas sin agus beidh a lán deacrachtaí foirm caighdéanta a fháil maidir le bailte a shásóidh gach duine.

Táim buíoch des na Teachtaí as ucht na díospóireachta a bhí againn ar an mBille seo cé nár bhain an díospóireacht go léir leis an mBille. Maidir leis an logainm úd "Dún Laoghaire", sílim go bhfuil feidhm dlí leis ach nílim cinnte. Beidh feidhm dlí ag na logainmneacha a shocróidh an Coimisiún Logainmneacha ach beidh amhras nó dabht faoi aon logainm eile. Má éiríonn conspóid maidir le logainm le linn cúis dlí do phlé is ar an gcúirt a bheidh an dualgas an cheist a réiteach.

Ní chóir an Bille a leasú mar a mhol an Teachta Colley maidir le seasamh iar-ré a thabhairt d'úsáid logainmneacha i ndoiciméad dlithiúil. Ní léir go mbeadh an leasú a mhol sé saor ó chontúirt.

The question that Deputy O'Connell raised is, I think, a legitimate one, I should like to assure him that the purpose of the Bill is not to replace English townland names or names of places or districts with Irish ones. It is simply to give legal status and impact to the Irish versions and to remove doubt and uncertainty. If a name is in common use and if it has reasonable validity that is the name that the Commission chooses as the Irish version of the name. So far there is very little conflict between the common usage and the name the Commission adopts. All proposals will have to be placed before the House. It will be open to anybody to challenge them.

I am aware that there is a road in Deputy O'Connell's constituency which has the unflattering title of "Blackditch Road", but when I had the honour of representing that area for many years nobody ever quoted the name of that road to me as Bothar Dubh Claoi. That is the only legal title of that road. It was named at a time when the Dublin Corporation had a bye-law which required all new roads to be named in the Irish language only.

One should be realistic about the situation. Titles in either language which are acceptable to the people should be used. If we do that we would remove a great deal of the dislike which existed previously in the minds of some people in relation to the use of Irish.

Is that bye-law still in force?

No, it was changed. I made two unsuccessful attempts to change it. Those who opposed the change then saw the error of their ways and proposed in Dublin Corporation that all naming services should be bilingual. The result is that they are all bilingual now. Roads which were named at the time of the operation of the particular bye-law are probably named in Irish only. It will now be open to such people to have the names of the streets made bilingual.

Tuigim na deacrachtaí atá ag an Aire gan aontú leis an leasú a mhol mé. Ó tharla nach bhfuil aon leasú i gceist níl aon ní againn in aghaidh na gCéimeanna go léir den Bhille a thógáil.