Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Dec 1973

Vol. 269 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leasú Portach.

22. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige aon scéim a chur ar bun le portaigh a leasú ionas go bhféadfadh muintir na Gaeltachta tuilleadh stoic a chothú agus a thógáil.

Talamh portaigh a bheadh oiriúnach le tabhairt chun míntíreachais sílim go dtiocfadh sé faoi scéimeanna atá á reachtáil ag mo Roinn cheana. Más scéim de shaghas éigin eile atá i gceist is é an chéad rud a bheadh le déanamh ná a fiúntas a léiriú do na húdaráis talmhaíochta.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil go leor taighde déanta ag An Foras Talúntais i nGleann na Madadh agus ag Min Fhéir Teoranta i nGaoth Sáile i gContae Mhuigheo le cúpla bliain anuas agus an bhfuil sé sásta iarraidh ar Roinn na Gaeltachta an t-eolas atá bailithe ag na daoine sin a chur in úsáid leis na scéimeanna seo atá luaite agam a chur chun cinn?

Tá dea-obair déanta, go h-áirithe i gContae Mhuigheo ag an Institiúd Talmhaíochta agus nuair a thug mé cuairt ar an gceantar seo cúpla mí ó shin chonaic mé toradh na h-oibre sin. Is é mo thuairim go bhfuil comhachtach nó "potential" mór ann chun talamh den tsaghas sin a leasú. In dhiaidh mo chuairte thug an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh agus an tAire Tailte cuairt ar an áit freisin agus tá na trí Ranna faoi láthair ag scrúdú na ceiste go léir ach, ar dtúis, is ceist don Aire Talmhaíochta agus Iascaigh í agus má tá an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh sásta scéim nua a chur ar bun bheadh áthas ormsa an deontas gnáthach breise a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil leasú na bportach ag dul ar aghaidh faoi bhráid Chomhlucht Siúicre Éireann go fóill?

Ceist ar bith a bhaineann le leasú talún is ceist í don Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh ar dtúis agus má tá an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh sásta—b'fhéidir go bhfuil baint ag an Roinn Tailte leis an gceist chomh maith, más cimín nó "commonage" atá ann— chun scéim a chur ar siúl——

An bhfuil comhoibriú idir Chomhlucht Siúicre Éireann, an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus Roinn na Gaeltachta i láthair na h-uaire?

Barr
Roinn