Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Mar 1974

Vol. 271 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Béilí Scoile.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta scéim a chur ar bun le béilí a chur ar fáil do pháistí atá ag freastal ar mheánscoileanna agus gairmscoileanna sa Ghaeltacht.

Dá mbéadh glaoch fairsing ar a leithéid sna scoileanna sin bheinn sásta dul i gcomhairle leis an Aire Leasa Shóisialaigh ina thaobh.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil páistí scoile a théann amach go luath ar maidin agus nach dtagann arais go dtí leath-uair tar éis a cúig no a sé a chlog tráthnóna? Ba mhaith liom go ndéanfadh sé fiosrú féachaint an bhféadfadh sé tada a dhéanamh.

Mar is eol don Teachta, ta scéim ann cheana do bhunscoileanna sa Ghaeltacht seo agus bíonn £10,000 san iomlán in aghaidh na bliana ar fáil do comhairlí contae ón Roinn Leasa Shóisialaigh faoi Achtanna na mBéilí Scoile. Fiú amháin ins na bunscoileanna, áfach, ní léir go bhfuil glaoch fairsing ar an scéim, ach má cheapann an Teachta go bhfuil cás ann féachfaidh mé isteach sa sceál.

Barr
Roinn