Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta agus Ostáin.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta deontas tithíochta a íoc le duine í gContae na Gaillimhe (ainm tugtha) le haghaidh teach atá le tógáil aige i Maigh Cuilinn.

Fuarthas iarratas ó dhuine den ainm sin ach ní i dtoghroinn cheantair Mhaigh Cuilinn, ná in ionad seantí, atá teach le tógáil aige.

Ní fhéadfaí deontas a cheadú faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach a thógáil taobh amuigh de na limistéir a shonraítear in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 go 1974, mura mbeadh cónaí ag an iarratasóir i dteach neamhoiriúnach agus an teach nua a bheith le tógáil in ionad an tseantí sin.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil deontais ar fáil (a) le tithe ósta a thógáil sa Ghaeltacht agus (b) le feabhsú agus méadú a dhéanamh ar thithe ósta.

Tá deontais fhorlíontacha ar fáil ó mo Roinnse— anuas ar bhundeontais ó Bhord Fáilte Éireann—chun tithe ósta a thógáil agus a fheabhsú sa Ghaeltacht.

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá cé mhéad de na deontais a íocadh i mbliana?

Níl an t-eolas seo agam. Níor cuireadh an cheist sin.

Níor chuir mise ceist ar bith——

Cén fáth nár chuir an Teachta ceist?

Tá mé ag cur fócheist. Má bhreathnaíonn an Rúnaí Parlaiminte ar an bpáipéar beidh a fhios aige nach bhfuil ceist agam ann.

Tá an Teachta ag cur ceist anois.

Tá, agus bíodh an Rúnaí Parlaiminte béasach. D'fhiafraigh mé den Rúnaí Parlaiminte an bhfuil sé in ann a rá ar íocadh ceann ar bith de na deontais i mbliana?

Níl aon eolas agam ar an cheist sin. Má chuireann an Teachta ceist síos——

Tóg bog é.

Cuir ceist sios agus beidh an freagra ag an Aire.

Níl an freagra ansin.

An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte, ós rud é go bhfuil na deontais sin ann, cé mhéid airgid a leagadh amach?

Ó tháinig mé isteach sa Teach seo is iondúil, nuair a chuireann tú ceist ar Aire ar bith, nach bhfuil an t-eolas aige agus nach bhfuil sé in ann an cheist a fhreagairt. Cuireann sé ionadh orm, agus an Rúnaí Parlaiminte ag freagairt thar cheann an Aire, nach bhfuil an t-eolas ar fáil? An gcuirfidh sé an t-eolas ar fáil?

Má chuireann an Teachta ceist speisialta síos i dtaobh teach ósta éigin, beidh an freagra le fáil.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard é an deontas tithíochta faoi láthair; an bhfuil sé sásta gur leor an méid sin airgid sa lá atá inniu ann; agus cé mhéad d'ardú a rinneadh ar an deontas ó 1973 i leith.

Ardaíodh an deontas uasta atá le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach nua a thógáil ó £550 go £800 le héifeacht ó lú Eanáir, 1973 amach. Faoi maradúirt mé ar 4ú Meitheamh, níl i gceist na deontais a mhéadú arís ag an bpointe seo.

Is í an cheist a chuir mé an mbeadh an tAire in ann a rá an bhfuil sé sásta gur leor an méid seo airgid sa lá atá inniu ann agus cé mhéad d'ardú a rinneadh ar an deontas ó 1973? Ní bhfuair mé freagra ar an gceist sin.

Níl sé beartaithe an deontas a ardú.

Sí seo an cheist dhíreach a chuir mé. An bhfuil an tAire sásta gur leor an méad sin airgid sa lá atá inniu ann?

Is leor go bhfuil an tAire sásta leis.

Barr
Roinn