d'Aire na Gaeltachta cad iad na deimhin-tograí a tháinig de bharr a thurais i mí Dheireadh Fómhair go dtí an Ghearmáin agus an Iodáil; agus an abróidh sé cé mhéad dul chun cinn atá déanta go nuige seo.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Toradh Turais Aire.
Tá tionscal amháin tosaithe ar an bhFál Charrach agus meastar go dtosóidh an obair go luath ar an gCeathrú Rua i dtionscal eile atá ceadaithe. Tá trí thogra a bhfuil idirbheartaíocht go maith chun cinn dóibh agus tá ceithre cinn eile á bplé. Is é cor eacnamaíochta na huaire atá ag cur moille ar thograí a thabhairt chun críche.
An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte á rá linn go mbaineann an t-eolas atá tugtha aige leis an dturas a thug an tAire ar an nGearmáin agus ar an Iodáil?
Sea. Chuir sé ceist faoi cad a tháinig as an dturas. As an dturas tá áthas orm á rá gur tháining an monarcha seo go dtí an bhFál Charrach. An bhfuil sibh ábalta Gaeilge shimplí a thuiscint?
(Cur isteach.)
Tá difríocht idir Gaeilge shimplí agus Rúnaí Parlaiminte simplí. Tá mise ag iarraidh air an mbaineann an t-eolas sin uilig leis an dturas?
Táim á rá de bharr an turais go dtí an Ghearmáin agus an Iodáil gur tháinig an monarcha seo go dtí an bhFál Charrach. Ba cheart do na Teachtaí a bheith lántsásta gur tháinig an monarcha as an dturas sin.
An eol don Rúnaí Parlaiminte cé tá i mbun na mhonarchan ar an bhFál Charrach—na hIodáiligh nó na Gearmánaigh?
Is cuma má tá an mhonarcha ann.