Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionsclaíocht Ghaeltachta.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht Thír Chonaill cé mhéad de na monarchana is le Gaeltarra, nó a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra iontu, a bhí ag feidhmuí (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht Mhaigh Eo cé mhéad de na monarchana is le Gaeltarra Éireann, nó a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann iontu, a bhí ag feidhmiú (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

25. D'fhiafraigh

agusMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht Chonamara cé mhéad de na monarchana is le Gaeltarra Éireann, nó a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann iontu, a bhí ag feidhmiú (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

26. D'fhiafraigh

agusMr. O'Connor d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht Chiarraí cé mhéad de na monarchana is le Gaeltarra Éireann, nó a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann iontu, a bhí ag feidhmiú (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

27. D'fhiafraigh

agusMr. Meaney d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht Chorcaí cé mhéad de na monarchana is le Gaeltarra Éireann, nó a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann ioneu, a bhí ag feidhmiú (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

28. D'fhiafraigh

agusMr. Kenneally d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht na Rinne cé mhéad de na monarchana is le Gaeltarra Éireann, nó a raibh scaireanna ag Gaeltarra Éireann iontu, a bhí ag feidhmiú (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé i leith Ghaeltacht Ráth Cairn, Contae na Mí, cémhéad de na monarchana is le Gaeltarra Éireann, nó a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann iontu, a bhí ag feidhmiú (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 23 go dtí Ceist a 29 le chéile.

Seo a leanas an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann i dtaobh líon na dtionscal a bhí á reachtáil ag Gaeltarra nó ina raibh scaireanna ag Gaeltarra, agus tionscail seirbhíse agus gairneoireachta san áireamh, nó ina raibh foirgnimh ar cíos ó Ghaeltarra. Bhí na tionscail uile ag feidhmiú go lánaimsireach ach amháin na cásanna seo a leanas atá ag feidhmiú go lánaimsireach arís faoi láthair:

—ar na tionscail nach raibh ag obair go lánaimsireach bhí ceann amháin i gCo. Dhún na nGall a bhí ar sheachtain oibre trí lá ar 31 Márta, 1975,

—cuid amháin de thionscal i gCo. Mhaigh Eo a bhí ar sheachtain oibre trí lá ar 31 Márta, 1975, agus

—trí óstán i gCo. Chiarraí nach mbíonn ar oscailt ar 31 Márta.

Contae

An lío n ar 31 Márta

1973

1974

1975

Dún na nGall

9

11

12

Maigh Eo

3

4

6

Gaillimh

11

13

17

Ciarraí

8

10

11

Corcaigh

3

5

5

Port Láirge

An Mhí

1

1

Iomlán

34

44

52

Barr
Roinn