Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostú Oibrithe.

30. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé cé mhéad oibrithe a bhí fostaithe sna monarchana (a) is le Gaeltarra, (b) faoi scéim mórdheontas agus (c) faoi scéim miondeontas ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

Níl figiúirí fostaíochta ar fáil don 31 Márta: is amhlaidh nach mbailítear na figiúirí sin ach do thús agus do lár na bliana féilire. Tá tábla agam a thugann an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann faoin bhfostaíocht i ndeireadh na mblianta 1972, 1973 agus 1974 agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é. Seo a leanas an tábla:—

An líon fostaithe ar 31 Nollaig

1972

1973

1974

(a) Tionscail Ghaeltarra

—lánaimseartha

443

368(i)

344

—páirtaimseartha

600

600

600

(b) Comhthionscail

—lánaimseartha

691

1,201(i)

1,199

—páirtaimseartha (ii)

314

396

373

(c) Miontionscadail

—lánaimseartha

730

797

1,074

—páirtaimseartha

120

135

165

(i) Aistríodh 91 oibri ó thionscail Ghaeltarra go comhthionscail i rith na bliana 1973.

(ii) Obair shéasúrach in óstáin san áireamh.

Barr
Roinn