As an deich gcomhthionscail deireann sé go bhfuil trí cinn nach bhfuil tosaithe. Fágann sin seacht gcinn. As an seacht gcinn bhí ceithre cinn tosaithe sul ar tháinig an tAire. Fágann sé sin trí comhthionscail. As an trí cinn sin deirtear go bhfuil tionscail oisrí le tosnú go luath i gCarna ach nach bhfuil sé tosnaithe fós. Tá a fhios ag muintir Charna agus ag an dream atá i mbun an ruda seo gurab é Deputy Haughey a chuir an t-airgead ar fáil nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais le haghaidh an taighde a bhí tábhachtach agus a bhí riachtanach sul a bhféadfaí dul ar aghaidh leis an tionscal sin. Ní raibh aon bhaint ag an Aire leis an tosnú agus leis an taighde a rinneadh chun an job sin a dhéanamh.
Chomh maith leis sin, deirtear maidir leis na trí cinn atá fágtha go bhfuil textile ar an gCeathrú Rua. Is dócha gurab é seo an comhlucht, Na Beanna Beola. Más ea osclaíodh an tionscal seo i mBéal an Daingin roint blianta sul ar tháinig an tAire isteach i Roinn na Gaeltachta ar chor ar bith. Níl ach an t-aon cheann fágtha, sé sin, sna Forbacha, ríomhaireacht. Sin é an tríú ceann. Tig leis an Aire a fhiafraigh cén bhliain ar ceadaíodh é sin. Is dócha gur ceann nua é. Níl ansin ach ceann amháin as an deich gcinn a luaigh an tAire sa bhfreagra agus atá luaite ag an Aire arís inniu sa Dáil. Tá ceann eile ann ar ceann nua é. Tig leis a bheith bródúil as é a mhealladh, sé sin, an ceann in Inis Mór. Sé sin an t-aon cheann, déarfainn, nó b'fhéidir go bhfuil dhá cheann ann, mar atá, an ríomhaireacht agus an seodra. Sin dhá cheann as an deich a luaigh an tAire.
Ansin na seacht gcinn ar ceadaíodh cúnamh breise dóibh bhí ceithre cinn ar siúl sul ar tháinig an tAire in oifig ar chor ar bith. Bhí factory cairpéidí i gCloch na Rón ar siúl roimh 1973 agus tithe réimh-dhéanta bhí sé sin ar siúl ar an gCeathrú Rua agus bhí an mhonarcha tíleacha marmair ar siúl sa gCnoc sul a raibh fhios ag an Aire cá raibh an Cnoc. Tá sé ann le blianta agus deirtear arís ansin, ar an dara leathanach faoi na cinn seo ar ceadaíodh cúnamh breise dóibh, Ros a' Mhíl próiseáil éisc arís. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann a chur in iúl domsa an bhfuil dhá comhthionscail i Ros a' Mhíl ag próiseáil éisc. Cheap mé féin gurab é an t-aon tionscal amháin a bhí ann ach go raibh dhá shuíomh acu agus go rabhadar ag cur suíomh nua nó breis foirgneamh ar siúl ar shuíomh nua don tionscal céanna ach tá sé luaite dhá uair ag an Aire. Sin ceithre cinn ar aon nós a bhí ar siúl. Bhí an próiseáil éisc ar siúl i Ros a' Mhíl. Bhí Tíleacha Marmair Teoranta ann. Bhí na tithe réamh-dhéanta á dtógáil agus bhí an factory seo i Cloch na Rón. Tá mé beagnach cinnte. Tig leis an Aire féin é seo a dhearbhú nuair a bhéas sé ag túirt freagra. Tá mé cinnte go raibh tosnú éigin ansin. Tá sé taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl sé sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Ach ar aon nós, fuair sé deontas i gconaí ó Roinn na Gaeltachta maidir leis an sean-tionscal a bhí ann ag Gaeltarra Éireann. Fágann sé sin as na seacht gcinn sin trí chomhthionscail agus astu sin luaitear An Spidéal Textile. Is dócha gurab é sin Monmara agus ceann in Indreabhán, innealltóireacht. Is dócha gurab é sin Hydro Marine. Bhí chuile réiteach déanta le haghaidh an dá thionscal sin roimh an toghchán sa mbliain, 1973. Bhí an ráiteas curtha amach ag Aire na Gaeltachta Deputy Colley futhu. Tá iarracht ann, tá mise ag ceapadh, dal-ladh-mhullóg a chur ar dhuine éigin ag iarraidh maíomh a dhéanamh astu siúd ós rud é go raibh chuile rud réitithe sul ar tháinig an tAire, An Teachta O'Donnell, san oifig ar chor ar bith.
Tá an príomh-cheann ansin. Luaitear an Ceathrú Rua, earraí plaisteacha. Níl mé cinnte faoin gceann sin. Bhí tionscal plaisteach ar siúl ar an gCeathrú Rua. Tá mé ag ceapadh go bhfuil athrú éigin ann. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé sa factory céanna. Tig leis an Aire bheith ag maíomh as sin más mian leis é ach cé mhéid daoine atá ag obair ann? As an deich gcomhthionscail nua a luaigh an tAire níl ach dhá cheann a réitigh an tAire é féin, ríomhaireacht ins na Forbacha, seodra in Inis Mór agus as na seacht gcinn ar ceadaíodh cúnamh breise níl ach ceann amháin a réitigh an tAire as an nua, An Cheathrú Rua, earraí plaisteacha. As na seacht gcomhthionscail déag atá luaite ag an Aire san ráiteas a thug sé don Dáil anocht níl ach trí cinn a réitigh sé féin. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire a mhíniú go cruinn, beacht don Dáil cad é an scéal ceart. An bhfuil an fhírinne agamsa nó an bhfuil an fhírinne ag an Aire? Seo é an áit chun é a rá. De réir mar a fheicimse níl san méid atá déanta ag an Aire ach breis airgid a thúirt do thionscal a bhí bunaithe agus a bhí ar siúl sul a bhí sé sa Roinn ar chor ar bith.
Mar focal scoir ba mhaith liom an cheist deiridh a chur ar an Aire. Cad é an scéim a bhí aige chun Éireannaigh a mhealladh abhaile as Sasana an Samhradh seo? Deirtear liomsa go raibh réiteach déanta ag muintir Bhéal an Daingean, Tír an Fhia agus timpeall Litir Mhór agus Litir Mealláin chun glacadh leis na daoine sin an Samhradh seo ach go bhfuil siad ag fanacht fós orthu.