d'Aire na Gaeltachta cén bhliain ar tógadh an mhonarcha phróiseála éisc i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe.
Written Answers. - Tionscail Ghaeltachta.
42. D'fhiafraigh
Tá dhá mhonarcha phróiseála éisc i gceist i gceantar Ros an Mhíl, ceann a tógadh sa bhliain 1968 agus a méad-aíodh anuraidh agus ceann eile atá á thógáil faoi láthair.
43. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cén bhliain ar tógadh an mhonarcha bréagán sa Spidéal, Contae na Gaillimhe.
Sa bhliain 1963 a tógadh an bun-fhoirgneamh agus cuireadh leis cúpla uair ó shin—go háirithe sa bhliain 1974 tar éis do Ghaeltarra Éireann dul i bpáirtíocht le Solus Teoranta chun an tionscal a neartú agus a leathnú mar chomhthionscal nua.