Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Is é an phríomhchúis leis an Meastachán Forlíontach seo ná gur údar-aíodh ardú 25 per cent sna deontais do mhná tí sa Ghaeltacht faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tar éis don Mheastachán Bunaidh a bheith foilsithe. Ar ndóigh, tá na deontais mhéadaithe sin íoctha leis na mná tí cheana féin agus tá beagnach £½ mhilliún curtha isteach sa Ghaeltacht ag mo Roinnse faoin scéim i mbliana —gan trácht ar dheontais chaipitíochta na Roinne Oideachais, táillí na dtuismitheoirí ná caiteachas na ndaltaí féin. I dteannta leis an méadú sna deontais tháinig méadú go 16,810 ar líon na ndaltaí a rinne freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo caite. B'é sin an líon ba mhó go dtí seo agus is ionann é agus fás 27 per cent in imeacht trí bliana. Tá an-áthas ormsa go bhfuil na cúrsaí ag dul ar aghaidh chomh maith sin agus tá súil agam go mbeidh tuilleadh daltaí fós ag triall ar an nGaeltacht feasta chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Glactar leis an deis seo freisin chun an soláthar a mhéadú i gcúpla áit eile sa Vóta do rudaí ilghnéitheacha a bhfuil níos mó á chaitheamh orthu i mbliana ná mar a bhí measta. Mar shampla, tá breis agus £150,000 caite ar an gcóras leictreachais ar Inis Mór Árann.
Le freastal ar an gcaiteachas breise tá sábhála in áiteanna eile sa Vóta agus, dá réir sin, is é atá á mholadh agam ná Meastachán Forlíontach do shuim chomharthach £10.
Os rud é nár pléadh an Meastachán Bunaidh agus go bhfuil suas le huair a chloig le caitheamh againn ar an Meastachán Forlíontach seo, glacaim agam gur ceart dom tagairt a dhéanamh don dul chun cinn a rinneadh i rith na bliana seo.
Chuir an Rialtas breis agus £10½ mhilliún san iomlán ar fáil do Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann i mbliana—an t-iomlán is mó riamh agus méadú 150 per cent ar an soláthar a bhí ar fáil dóibh sa bhliain 1972-73. Leanadh ar aghaidh go díograiseach leis an obair ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.
Tá suas le £1.35 mhilliún caite ag an Roinn i mbliana ar scéimeanna feabhsúcháin agus tithíochta sa Ghaeltacht. Chuaigh Bord na Gaeilge i mbun oibre chun leas na Gaeilge a chur chun cinn agus go háirithe labhairt na Gaeilge mar theanga bheo a leathnú i measc an phobail. Cheap siad Príomhoifigeach agus tá Riarthóirí á lorg acu faoi láthair. Beidh an tuarascáil ón gCoiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge ina cabhair mhór don Bhord: tá súil agam go mbeidh cóipeanna ar fáil go han-luath anois.
Tá tuarascáil agus cuntais Ghaeltarra Éireann don bhliain 1974 faoi bhráid na Dála agus foilsithe anois is oth liom nach raibh siad ar fáil i bhfad roimhe seo. Ní miste a rá go bhfuil treoir tugtha agam do Ghaeltarra féachaint chuige go mbeidh an tuarascáil oifigiúil don bhliain 1975 ar fáil go luath an bhliain seo chugainn. Idir dhá linn tá réamhthuairisc ar 1975 ullmhaithe ag Gaeltarra agus ba mhaith liom roinnt dá bhfuil inti a lua mar eolas do Theachtaí ós iad iarrachtaí Ghaeltarra is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.
Is cúis mhór sásaimh dom go bhfuil suas le 3,000 duine ag obair anois faoi scáth Ghaeltarra. Is iad na tionscail atá i gceist agam ná na cinn a bhíodh á reachtáil ag Gaeltarra féin, na comhthionscail ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus na miontionscail ar chabhraigh Gaeltarra leo. Sna tionscail sin cuireadh beagnach 400 duine breise ag obair i rith na bliana seo. Ní beag an dul chun cinn é sin nuair a bhí 1975 ar an mbliain ba dheacra i gcúrsaí eacnamaíochta ó thráth an dara cogadh domhanda i leith.
Deir Gaeltarra sa réamhthuairisc gur ceadaíodh deontais £2½ mhilliún do 12 chomhthionscal agus 69 miontionscal i mbliana agus go meastar go gcuirfidh siad sin 840 post breise ar fáil taobh istigh de trí bliana.
Tá béim ar leith á cur ag Gaeltarra ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta agus luaitear go háirithe an obair thrialach atá ar siúl ar fhás oisrí i 15 cheantar i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall. Tá taighde ar siúl d'fhonn feidhm níos éifeachtaí a bhaint as an talamh ar mhaithe le hainmhithe, plandaí, mianrai, móin agus foraoiseacht.
Fuair Gaeltarra £37,434 ó Chiste Sóisialta na hEorpa i mbliana i leith deontas oiliúna. Bhí cabhair á lorg ó FEOGA freisin do thograí próiseála éisc. Bhí roinnt tograí Gaeltachta san áireamh in iarratas na tíre seo ar chúnamh ó Chiste Réigiúnach na hEorpa.
Faoin Scéim Forbartha Pobal atá á reachtáil ag Gaeltarra bronnadh duaiseanna don chéad uair ar 16 phobal an mhí seo caite.
Tá scaireanna ag Gaeltarra anois i 60 comhlacht—ar a n-áirítear ceithre cinn a bhí mar rannóga déantúsaíochta agus trádála ag Gaeltarra féin cheana. Maidir leis na rannóga sin de chuid Ghaeltarra—cniotáil, bréidín, snáth agus innealtóireacht phlaisteach—is léir go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh acu: meastar go mbeidh brabach trádála £30,000 acu i mbliana. Is iad na díolacháin mheasta do 1975 ná £2,136,000—méadú 18.4 per cent ó 1974 agus méadú 17.5 per cent ar na honnmhairithe san áireamh.
Tógadh seacht réamh-mhonarcha i mbliana sna háiteanna seo—Na Dúnaibh Béal an Mhuirthead, Bun an Churraigh, Cill an tSíáin, An Cheathrú Rua, Béal Átha an Ghaorthaidh agus An Rinn—agus tá réamhmhonarchana á dtógáil i mBaile na Finne agus i gCorr na Móna.
Ní beag a raibh ar siúl ag Gaeltarra freisin chun feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus pearsanra agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Sílim go léiríonn na pointí sin as an réamhthuairisc do 1975 gur maith an dul chun cinn atá déanta ag Gaeltarra i mbliana in ainneoin na ndeacrachtaí uile a bhí le sárú. Ach feabhas a theacht ar an gcor eacnamaíochta is cinnte go bhfuil Gaeltarra gléasta go maith anois chun brú ar aghaidh go tréan leis an bhforbairt ar fud na Gaeltachta.
D'fhéadfainn a lán eile a rá ach b'fhéidir gurbh fhearr deis labhartha a thabhairt do Theachtaí eile ar dtús. Molaim an Meastachán Forlíontach don Teach.