Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Dec 1975

Vol. 286 No. 12

Vote 37: Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Is é an phríomhchúis leis an Meastachán Forlíontach seo ná gur údar-aíodh ardú 25 per cent sna deontais do mhná tí sa Ghaeltacht faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tar éis don Mheastachán Bunaidh a bheith foilsithe. Ar ndóigh, tá na deontais mhéadaithe sin íoctha leis na mná tí cheana féin agus tá beagnach £½ mhilliún curtha isteach sa Ghaeltacht ag mo Roinnse faoin scéim i mbliana —gan trácht ar dheontais chaipitíochta na Roinne Oideachais, táillí na dtuismitheoirí ná caiteachas na ndaltaí féin. I dteannta leis an méadú sna deontais tháinig méadú go 16,810 ar líon na ndaltaí a rinne freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo caite. B'é sin an líon ba mhó go dtí seo agus is ionann é agus fás 27 per cent in imeacht trí bliana. Tá an-áthas ormsa go bhfuil na cúrsaí ag dul ar aghaidh chomh maith sin agus tá súil agam go mbeidh tuilleadh daltaí fós ag triall ar an nGaeltacht feasta chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Glactar leis an deis seo freisin chun an soláthar a mhéadú i gcúpla áit eile sa Vóta do rudaí ilghnéitheacha a bhfuil níos mó á chaitheamh orthu i mbliana ná mar a bhí measta. Mar shampla, tá breis agus £150,000 caite ar an gcóras leictreachais ar Inis Mór Árann.

Le freastal ar an gcaiteachas breise tá sábhála in áiteanna eile sa Vóta agus, dá réir sin, is é atá á mholadh agam ná Meastachán Forlíontach do shuim chomharthach £10.

Os rud é nár pléadh an Meastachán Bunaidh agus go bhfuil suas le huair a chloig le caitheamh againn ar an Meastachán Forlíontach seo, glacaim agam gur ceart dom tagairt a dhéanamh don dul chun cinn a rinneadh i rith na bliana seo.

Chuir an Rialtas breis agus £10½ mhilliún san iomlán ar fáil do Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann i mbliana—an t-iomlán is mó riamh agus méadú 150 per cent ar an soláthar a bhí ar fáil dóibh sa bhliain 1972-73. Leanadh ar aghaidh go díograiseach leis an obair ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.

Tá suas le £1.35 mhilliún caite ag an Roinn i mbliana ar scéimeanna feabhsúcháin agus tithíochta sa Ghaeltacht. Chuaigh Bord na Gaeilge i mbun oibre chun leas na Gaeilge a chur chun cinn agus go háirithe labhairt na Gaeilge mar theanga bheo a leathnú i measc an phobail. Cheap siad Príomhoifigeach agus tá Riarthóirí á lorg acu faoi láthair. Beidh an tuarascáil ón gCoiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge ina cabhair mhór don Bhord: tá súil agam go mbeidh cóipeanna ar fáil go han-luath anois.

Tá tuarascáil agus cuntais Ghaeltarra Éireann don bhliain 1974 faoi bhráid na Dála agus foilsithe anois is oth liom nach raibh siad ar fáil i bhfad roimhe seo. Ní miste a rá go bhfuil treoir tugtha agam do Ghaeltarra féachaint chuige go mbeidh an tuarascáil oifigiúil don bhliain 1975 ar fáil go luath an bhliain seo chugainn. Idir dhá linn tá réamhthuairisc ar 1975 ullmhaithe ag Gaeltarra agus ba mhaith liom roinnt dá bhfuil inti a lua mar eolas do Theachtaí ós iad iarrachtaí Ghaeltarra is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.

Is cúis mhór sásaimh dom go bhfuil suas le 3,000 duine ag obair anois faoi scáth Ghaeltarra. Is iad na tionscail atá i gceist agam ná na cinn a bhíodh á reachtáil ag Gaeltarra féin, na comhthionscail ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus na miontionscail ar chabhraigh Gaeltarra leo. Sna tionscail sin cuireadh beagnach 400 duine breise ag obair i rith na bliana seo. Ní beag an dul chun cinn é sin nuair a bhí 1975 ar an mbliain ba dheacra i gcúrsaí eacnamaíochta ó thráth an dara cogadh domhanda i leith.

Deir Gaeltarra sa réamhthuairisc gur ceadaíodh deontais £2½ mhilliún do 12 chomhthionscal agus 69 miontionscal i mbliana agus go meastar go gcuirfidh siad sin 840 post breise ar fáil taobh istigh de trí bliana.

Tá béim ar leith á cur ag Gaeltarra ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta agus luaitear go háirithe an obair thrialach atá ar siúl ar fhás oisrí i 15 cheantar i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall. Tá taighde ar siúl d'fhonn feidhm níos éifeachtaí a bhaint as an talamh ar mhaithe le hainmhithe, plandaí, mianrai, móin agus foraoiseacht.

Fuair Gaeltarra £37,434 ó Chiste Sóisialta na hEorpa i mbliana i leith deontas oiliúna. Bhí cabhair á lorg ó FEOGA freisin do thograí próiseála éisc. Bhí roinnt tograí Gaeltachta san áireamh in iarratas na tíre seo ar chúnamh ó Chiste Réigiúnach na hEorpa.

Faoin Scéim Forbartha Pobal atá á reachtáil ag Gaeltarra bronnadh duaiseanna don chéad uair ar 16 phobal an mhí seo caite.

Tá scaireanna ag Gaeltarra anois i 60 comhlacht—ar a n-áirítear ceithre cinn a bhí mar rannóga déantúsaíochta agus trádála ag Gaeltarra féin cheana. Maidir leis na rannóga sin de chuid Ghaeltarra—cniotáil, bréidín, snáth agus innealtóireacht phlaisteach—is léir go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh acu: meastar go mbeidh brabach trádála £30,000 acu i mbliana. Is iad na díolacháin mheasta do 1975 ná £2,136,000—méadú 18.4 per cent ó 1974 agus méadú 17.5 per cent ar na honnmhairithe san áireamh.

Tógadh seacht réamh-mhonarcha i mbliana sna háiteanna seo—Na Dúnaibh Béal an Mhuirthead, Bun an Churraigh, Cill an tSíáin, An Cheathrú Rua, Béal Átha an Ghaorthaidh agus An Rinn—agus tá réamhmhonarchana á dtógáil i mBaile na Finne agus i gCorr na Móna.

Ní beag a raibh ar siúl ag Gaeltarra freisin chun feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus pearsanra agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Sílim go léiríonn na pointí sin as an réamhthuairisc do 1975 gur maith an dul chun cinn atá déanta ag Gaeltarra i mbliana in ainneoin na ndeacrachtaí uile a bhí le sárú. Ach feabhas a theacht ar an gcor eacnamaíochta is cinnte go bhfuil Gaeltarra gléasta go maith anois chun brú ar aghaidh go tréan leis an bhforbairt ar fud na Gaeltachta.

D'fhéadfainn a lán eile a rá ach b'fhéidir gurbh fhearr deis labhartha a thabhairt do Theachtaí eile ar dtús. Molaim an Meastachán Forlíontach don Teach.

Tá roinnt ceisteanna agam le cur ar an Aire mar gheall ar an obair a rinneadh i rith na bliana. Níl mórán eolais anseo. Sé mo bharúil go bhfuil béim ar thionscail sa Ghaeltacht. Is maith an rud é sin. Nuair a bhí an Teachta Faulkner i bhfeidhil ghnó na Gaeltachta thosnaigh sé leis an dtionsclaíocht. B'shin tús tionscail dáiríre a chur ar siúl sa Ghaeltacht. Is gá cuid mhór den saghas oibre sin a dhéanamh. Is gá fostaíocht a chur ar siúl ar fud na Gaeltachta do dhaoine óga, do dhaoine nach bhfuil chomh h-óg a choinneáil i gcónaí ansin, agus slí beatha níos fearr a chur ar fáil dóibh agus tá an tAire ag leanúint ar an ród sin.

Sílim go bhfuil an tAire ag déanamh dearmhad. Tá obair tábhachtach á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta, sé sin, fóithint ar an dteanga agus forbairt a dhéanamh ar an dteanga féin. Muna ndéantar sin ní féidir an teanga a chur á h-úsáid go foirleathan ar fud na tíre. Níl an ceangal sin á dhéanamh ag an Aire. Cé go bhfuil tionscail á gcur ar siúl agus mar sin de níl an ceangal ceart idir na gnóthaí atá ar siúl agus forbairt agus borradh na Gaeilge. Le roinnt blianta anuas comóradh rudaí áirithe, cuir i gcás, Bliain na mBan, Bliain na Coillteoir-eachta. In abairt amháin, comóradh gné éigin de chúrsaí forbartha. Molaim don Aire anois go gcuirfeadh sé Bliain na Gaeilge ar siúl sa dóigh go gcuirfí ina luí ar mhuintir na hÉireann ar fad tábhacht na teangan.

Rinneadh taighde ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge. Bhí an tuarascáil idir-dá-linn ag an Aire ó Aibreán, 1974 agus bhí cóipeanna den tuarascáil sin á scaipeadh ar fud na tíre le sé mhí anuas. Cúpla lá ó shin fuair mé féin cóip den tuarascáil sin. De réir na tuarascála sin, is gá níos mó a dhéanamh maidir le ceist na Gaeilge féin. Is gné amháin—gné tábhachtach — den obair an tionsclaíocht agus mar sin de ach tá níos mó ná sin i gceist. Ní thuigeann an tAire go bhfuil rudaí eile i gceist chomh maith—ceist na teangan, ceist an chultúir agus ceist mheon na ndaoine taobh amuigh den Ghaeltacht agus níl faic á dhéanamh aige taobh amuigh den Ghaeltacht chun ceist na teangan d'fhorbairt. Níl mórán ama ann anois ach, mar sin féin, tá go leor ama ag an Aire chun réiteach a dhéanamh chun an bhliain 1976 a fhógairt mar Bhliain na Teangan, Bliain na Gaeilge.

Roinnt ama ó shin d'fhógair an tAire go dtabharfadh sé Bille isteach chun Údarás na Gaeltachta a bhunú. Dúirt sé go mbeadh an Bille sin os comhair na Dála roimh shaoire an tSamhraidh i mbliana. Nuair nach raibh comhartha ar bith go mbeadh an Bille sin os comhair na Dála ag an am sin, chuir mé ceist ar an Aire. Dúirt sé go mbeadh an Bille os comhair na Dála roimh shaoire na Nollag. Níl. Cén fáth nach bhfuil? Nach bhfuair sé cead ón Rialtas an Bille sin a chur os comhair na Dála? Cad tá á choinneáil siar? Tá glactha ag an bhFreasúra seo le prionsabal Údarás na Gaeltachta a bhunú. Táimid taobh thiar de sin. Táimid sásta pé cuidiú is gá a thabhairt don Aire ach níl an tAire ag tabhairt seans dúinn nó seans don Teach seo Bille a chur tríd an Dáil chun an Údarás sin a bhunú. Sílim gur tábhachtach an rud don Ghaeltacht agus don Gaeilge agus don tír ar fad go mbeadh údarás neamhspleách don Ghaeltacht.

Thug an tAire gealltanas oíche eile mar gheall ar ghnéithe forbartha eile nár chomhlíon sé ach oiread. Is olc an rud go mbeadh bolscaireacht ar siúl ag Aire. Tá céad faoin gcéad de mharcanna gnóthaithe ag an Aire as an saghas bolscaireachta a dheineann sé. Admhaím go bhfuil rudaí fónta déanta ag an Aire maidir le cursaí tionsclaíochta ach tá a lán dár gheall sé ar na laetheanta seo nach bhfuil curtha i gcrích aige agus seo an rud is tábhachtaí. Thug sé geallúint faoi dhó go mbeadh an Bille seo i bhfeidhm i mbliana agus go mbeadh údarás bunaithe. Anois níl sin déanta. Molaim dó an Bille sin a thabhairt isteach go luath san mbliain nua. Má tá deacrachtaí aige chun a thuairimí féin faoin údarás chur ina luí ar an Rialtas cuideoidh mé leis anois. Sílim féin gur gá údarás láidir a bheith ann —údarás go mbeadh baill de na h-eagrais atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht páirteach ann. Ba cheart cuid acu sin, pé scéal é, i dtoghchán a thoghadh agus go mbeadh dóthain airgid chum obair feidhmiúil a chéanamh, go mbeadh cumhacht acu.

Tá a fhios ag an Aire féin an rud atá i gceist agam. Sílim gur ceart Gaeltarra Éireann a thabhairt isteach faoi scáth an údaráis sin. Sílim gur ceart go mbeadh cumhacht phleanála ag an údarás. B'fhéidir go mbeadh Radio na Gaeltachta faoin údarás. Sin an sórt ruda atá ar intinn agam agus is gá é má táimid chun Bliain na Gaeilge a chur ar siúl. Sílim gur gá cumhachtaí a bheith ag údarás atá bunaithe sa Ghaeltacht.

De réir na tuarascála ar an dtaighde a rinneadh tá daoine ag rá nár cheart dúinn "ghetto" a dhéanamh den Ghaeltacht. Níl sin i gceist ar chor ar bith. Le blianta anuas tá cabhair faoi leith á tabhairt don Ghaeltacht. Is gá sin. Tá riachtanas leis agus beidh sna blianta atá le teacht. Aon deighilt a rinneadh baineann sé leis an rud adúirt an tAire féin—Bord Fhorbairt an Iarthair a bhunú. Sin deighilt níos mó ná údarás a chur ar siúl sa Ghaeltacht. Níl aon eolas ró-mhór tugtha faoi Bhord Fhorbairt an Iarthair ach tuigim nach bhfuil sé ar intinn ag an Aire ach cuid de chontaethe an iarthair a chur faoin mbord seo. Pé scéal é, is rud eile é sin.

Ba cuid eile den bholscaireacht a bhí ar siúl ag an Aire, na geallúintí a thug sé ach nár chomhlíon sé. Deir sé anseo go bhfuil 400 post nua curtha ar bun sa Ghaeltacht. An bhfuil curtha san áireamh aige monarchana agus tionscail a bhí ansin cheana féin, gur chuir sé ainm nua orthu?

(Cur isteach.)

Níor chuir mé isteach ar an Aire. Cuir i gcás Óstán Ceathrú Rua, Saltoy. Bhí déantús bréagán ar siúl ag Gaeltarra Éireann le blianta anuas ach toisc gur ghlac Solus Teoranta seacht scaireanna faoin gcéad sa chomhlacht nua Saltoy tá mé ag cur ceisteanna ar an Aire. An bhfuil na hoibrithe atá ag obair i Saltoy i measc na 400? An bhfuil siad i measc na hoibrithe a chuaigh i mbun oibre agus an bhfuil Saltoy eile liostáilte mar mhonarcha nó mar dhéantus nua?

Níl mórán ama agam. Tá scéal fada faoi Quartz Acla. Cé mhéid duine atá ag obair i Quartz Acla? An bhfuil 17 ag obair ann? An bhfuil an 17 i measc na 400 sin? Mar níl duine ar bith ag obair i Quartz Acla. Níl déantúsaí ar siúl acu. Tá na soilse ansin. Nuair a tógadh amach an guthán agus nuair a ghearr an BSL amach an solas chuir an tAire iachall ar Ghaeltarra Éireann é sin a chur ar ais toisc go raibh fó-thoghchán ag teacht in iarthar Mhaigh Eo. Tá monarcha eile in Aicill, réamh-mhonarcha. Nuair a bhí Ceannaire an pháirtí seo ar an oileán i rith an fhó-thoghcháin bhí na soilse ar fáil lasta sa réamh-mhonarcha sin ach ní raibh obair ar bith ar siúl inti. Sin cleasaíocht, sin pleidhcaíocht agus cuirim sin i leith an Aire. Cad mar gheall are na haer-stráicí a gheall sé—aer-stráice in iarthar Thír Chonaill? Níl rud ar bith déanta faoi sin agus an t-aer-stráice in Aicill agus an t-aer-stráice in Iorras. Cad mar gheall ar an mbád farantóireachta d'Árann Mhór i dTír Chonaill—gealltanas eile? Cad faoi chéibheanna a dúnadh i dTír Chonaill? Conas mar atá an scéal faoin réamh-mhonarcha a gheall sé i gCloich Cheannfhaoilidh i nContae Thír Chonaill agus a lán rudaí eile nach bhfuil am agam trácht a dhéanamh orthu?

Luaigh mé cheana féin an ceangal be cheart a bheith idir Roinn na Gaeltachta, an Ghaeilge agus na heagrais atá sa Ghaeltacht. Níor mhaith liom dá ndéarfadh an tAire liom nach bhfuil béim againne ar thionsclaíocht sa Ghaeltacht. Tá ach ní leor sin. An bhfuil aon rud déanta ag an Aire i leith forbairt na Gaeilge maidir le hobair na gcomhairlí gcontae go bhfuil Gaeltachtaí acu chun ceangal idir an Ghaeltacht agus seirbhísí na gcomhairlí gcontae sna Gaeltachtaí sin? Mar an gcéanna leis na seirbhísí Stáit, na Ranna Stáit. Ar rinne an tAire aon rud chun comhoibriú a dhéanamh lena Roinn féin agus le Ranna Stáit nó an chuid de Ranna Stáit atá ag obair agus ag feidhmiú sna Gaeltachtaí? Cén forbairt a mhol sé go ndéanfaí ar úsáid na teangan ansin, na boird Stáit mar Bord na Móna, Bord Iascaigh Mhara? An bhfuil aon rud déanta aige faoi théacsleabhair scoile agus is tábhachtach an rud é sin? Is mór an trua nach bhfuil go leor ama chun an scéal seo a phlé —ceist leabhar scoile agus nuachtán sa Ghaeltacht. Ba cheart don Aire rud éigin a dhéanamh chun forbairt a dhéanamh ar Radio na Gaeltachta. Is rud tábhachtach an rud é agus is íontach an méid duine atá ag éisteacht le Radio na Gaeltachta ach níor tháinig aon mhéadú ar na tráthanna craolta. Molaim go ndéanfaí athrú air sin.

Ceist eile. Chuir mé ceist parlaiminte os comhair na Dála chuig an Aire mar gheall ar chaiteachas d'oscailtí oifigiúil agus rudaí mar sin agus taisteal. Is é an freagra a fuair mé: £900 ar fad. Cad iad na "functions" a bhí ar siúl i rith na bliana agus i rith na bliana roimhe sin chomh maith agus cé íoc astu? Níor tháinig an t-airgead as an £900 más fíor an freagra a thug sé dom. Sílim gur chosnaigh ceann amháin an méid sin. An é Gaeltarra Éireann a d'íoc astu? Is iad na "functions" atá i gceist agam iad siúd go raibh an tAire mar "host" orthu agus go raibh sé i láthair. An féidir leis a rá an raibh an tuarascáil seo ag Gaeltarra Éireann? Ní bhfuair mé an tuarascáil seo go dtí inniu. D'oscail mé an litir leath uair a chloig ó shin. Is mór an trua nach raibh sí againn inné. Bhí an tuarascáil seo ag a lán daoine ar fud na tíre roimh inné.

An t-seachtain seo caite.

Thárla an rud céanna anuraidh.

Bhí sé níos measa anuraidh.

Dúirt an tAire anuraidh go bhféachfaidh sé isteach sa scéal sin.

Thárla an rud céanna leis an dtuarascáil eile go raibh mé ag caint fuithí. Ní bhfuair mé í seo go dtí inniu. Bhí sí ag daoine taobh amuigh den Teach seo nár ceart dóibh an tuarascáil a bheith acu—doiciméad príobháideach a bhí ann—ach ní raibh sí againne. Níl a fhios agam an bhfuil aon trácht sa tuarascáil seo, ar an rud ar a bhfuil mé ag caint—na "functions" seo agus an méid airgid a thug Gaeltarra Éireann dó. Ar chuir an tAire iachall an Gaeltarra Éireann an t-airgead sin a chaitheamh?

Cathain a bheidh Roinn na Gaeltachta ag dul go Furbo i nGaillimh? Níl eolas ar bith tugtha anseo faoi sin. Nuair a chuireadh an Ghaeilge ar ceal maidir le dul isteach sa Státseirbhís an raibh an tuarascáil ar thaighde ar dhearcadh an phobail ag an Rialtas? An raibh sí ag Aire na Gaeltachta an t-am sin? Ar glacadh an céim sin toisc an moladh atá sa taighde sin?

Cad tá á dhéanamh maidir le ceárd-oideachas sa Ghaeltacht? Tá a fhios agam go bhfuil AnCO ag obair i nGaoth Dobhair. Sílim go bhfuil an iomarca béime ar oideachas acadúil agus gur ceart forbairt a dhéanamh ar cheárdoideachas—oideachas a thabharfadh na scileanna d'aos óg na Gaeltachta. Chun na tionscail a oibriú agus an Ghaeilge a spreagadh is ceart béim a chur ar an saghas oideachais sin. Beidh níos mó le rá agam muna gcuireann an tAire Údarás na Gaeltachta ar bun.

D'éirigh Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais, Mr. Begley.

Sílim go ndearnadh réiteach.

Níl aon réiteach ann.

D'aontaíomar go mbeadh uair againn.

Tá triúir ansan.

Níl ach uair an chloig againn.

Dúradh go mbeadh uair an chloig don díospóireacht agus ní raibh sé sa réiteach nach raibh cead ag muinntir na taoibhe seo rud éigin a rá.

(Cur isteach.)

Cén fhad a bhéas an Rúnaí Parlaiminte?

Seacht nóiméat. An bhfuil an Teachta sásta?

Tá mé.

D'fhéadfainn labhairt ar feadh uair an chloig má theastaíonn sin ón Teachta. Chuir sé ionadh orm ar maidin nuair adúirt an Teachta Cunningham gur cleasaí a bhí in Aire na Gaeltachta. Chuir sé brón agus díomá orm. Tá meas mór ar Aire na Gaeltachta ar fud na tíre. Ní raibh riamh sa tír Aire a bhí chomh maith le hAire na Gaeltachta. Tá sé soiléir ón ráiméis a chuala mé ar maidin nár chuaigh an Teachta Cunningham leasmuigh de Dhún na nGall agus níl a fhios aige cad tá ar siúl sa Ghaeltacht.

Leasmuigh de cad é?

De Dhún na nGall nó Donegal muna féidir leis an Teachta Gaeilge na Mumhan a thuiscint.

Bhíos i ngach Gaeltacht sa tír.

Tá sé soiléir nach bhfuil aon tuiscint ag an Teachta Cunningham maidir le cad tá ar siúl ins na Gaeltachtaí mar tá clú agus cáil ar Aire na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. Bíonn sé ann uile sheachtain—ar Oileán Cléire, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i Rinn ó gCuanach, i gCiarraí, i Maigh Eo, i nGaillimh agus i gContae Dhún na nGall. Gach uile sheachtain bíonn an Aire i measc na ndaoine ins na Gaeltachtaí agus tá aithne chomh maith ag na daoine air go bhfuil sé cosúil le comharsa béaldorais.

Cuireann sé an-áthas orm gur thug an tAire i bhfad níos mó airgid do na mná tí atá ag coimeád na scoláirí ins na Gaeltachtaí arís i mbliana ach tá rud éigin ag dhéanamh scime dhom mar gheall air sin. Measaim go bhfuil a thuilleadh brabúis á dhéanamh ag na daoine atá ag rith na gcoláistí seo. Sin tuairim phearsanta. Dúras é cheana agus deirim arís inniu é. Léas sa pháipéar gur dhein comharchumann amháin breis agus £41,000 brabach as na coláistí samhraidh sin. Ní ceart é sin. Measaim go mba cheart an tairgead sin a thabhairt do na páistí nó na mná tí i bhfoirm deontaisí. B'fhéidir go mbeadh na mná tí ábalta na páistí a thabhairt ar fud na Gaeltachta agus na rudaí suimiúla a thaispeáint dóibh. Sin é mo thuairim phearsanta agus deirim arís inniu é.

Dúirt an Teachta Cunningham nach raibh suim ag an Aire i gcúrsaí cultúir. Thug Aire na Gaeltachta deontas mór d'Oireachtas na nGael. Thug sé deontas mór do Shiamsa Tíre agus tá Oireachtas na nGael agus Siamsa Tíre ag déanamh a lán ar son chultúr na tíre lasmuigh de na Gaeltachtaí agus maidir le Siamsa Tíre tá cáil orthu ar fud na hEorpa agus i sna Stáit Aontaithe.

Is é an chéad rud a chaithfidh an tAire a dhéanamh ná daoine a choimeád sa Ghaeltacht. Chun é sin a dhéanamh caithfidh sé dul ar aghaidh leis an obair mhaith atá ar siúl aige chun a thuilleadh monarchana a chur isteach ins na Gaeltachtaí mar caithfear na daoine a choimeád ann chun an Ghaeilge a choimeád. Cén mhaith Gaeltachta a bheith ann muna bhfuil daoine ann chun an teanga a labhairt?

Déanaim comhgháirdeachas le Gaeltarra Éireann agus na hoifigigh atá i gceannas. Tá siad tar éis a thaispeáint go soiléir go bhfuil suim acu ins na Gaeltachtaí, go bhfuil i bhfad níos mó monarchana ag dul suas agus go bhfuil na daoine ag fanacht ins na Gaeltachtaí mar gheall ar sin. Chuir an Teachta Molloy ceist orm inné mar gheall ar na daoine atá ag teacht isteach sa tír. I 1975 tháinig breis is 10,000 duine isteach sa tír. Níl said ag dul amach a thuilleadh; ag teacht isteach atá said. A lán de na daoine sin, tháinig siad thar n-ais go dtí na Gaeltachtaí go dtí a ndúthaigh féin chun na páistí a thógaint suas ins na Gaeltachtaí ionnas go mbeadh siad ábalta dul ar scoil sa tír seo agus an Ghaeilge a bheith mar gnáth-theanga acu. Tá an scéal mar sin mórthimpeall na Gaillimhe, Maigh Eo agus i gCiarraí.

Chuir sé ionadh orm nuair adúirt an Teachta Cunningham nach bhfuair sé an tuarascáil a bhí i gceist aige. Tá sé sa Leabharlann le cúpla lá. Bhí sé ar Chlár na Dála anseo, "laid before the Dáil". Léas í sa Leabharlann cúpla lá ó shin. Bhí sí ann. Bhí sí ar Chlár na Dála; cuireadh os comhair an Dáil í.

Níor cuireadh.

Bhí sí sa Leabharlann le cúpla lá.

Cén dáta? An é clár an lae inniu atá i gceist?

Ní h-ea ar aon chor. Cúpla lá ó shin. Bhí sí ann agus léas é.

Cén dáta?

Bhí sí sa Leabharlann. Tá sí ann inniu.

(Cur isteach.)

Cuir uait é. Tóg bog é anois. Tóg bog é. Bhí an tuarscáil san Leabharlann má bhí fonn ar aon duine í a léamh ach chun cúpla nóiméad a chaitheamh anseo ar maidin dhein an Teachta thall ansin ionsaí ar mhuintir Ghaeltarra Éireann nach raibh aon ghá leis. Ní raibh sé ceart gan cothrom na Féinne a thabhairt do Ghaeltarra Éireann.

Ba mhaith liom eolas d'fháil mar gheall ar an am atá ag an bhFreasúra agus——

Bhí sibh ag cur isteach orm agus bhí orm——

Tá tú imithe thar an am.

Má tá fonn ar na Teachtaí cur isteach orm le linn mo chuid cainte——

Tá mórán le rá agam.

Dúirt an Rúnaí Parlaiminte seacht nóiméat.

Má dúbhras seacht nóiméat, tabharfaidh mé dhuit é.

Tá sé beartaithe agam labhairt as Béarla ar an ócáid seo mar, ar na hócáidí ar labhair mé as Gaeilge, feictear domsa nach raibh éinne ag tabhairt aon áird ar an méid a bhí á rá agam. For that reason, I shall use English on this occasion.

The Minister for the Gaeltacht, Mr. O'Donnell, stated in the Dáil on 15th July that 11 new companies had been approved in the period April, 1973-May, 1975 but admitted in an answer which he gave me yesterday in the Dáil that only five new factories were approved for the 11 companies. The five between them— he stated in the reply given in the Dáil yesterday—were employing 59 persons on 30th June, 1975. By my figures in regard to the number of new factories I am referring to—I am dealing specifically with the Galway Gaeltacht—this means that the Minister's efforts to attract industry since he came into office have resulted in the creation of 59 new jobs in the Galway Gaeltacht. The Minister informed the Dáil last week that Saltoys' factory in Spiddal, County Galway, which employed 62 persons is about to be closed. If the net result of the Minister's efforts since he came into office in the Galway Gaeltacht is the creation of 59 new jobs——

That is not correct. What about the miontionscail?

——and Saltoys are closing with a loss of 62 jobs, the result of that can only be, as it appears to me on the surface, reading those figures, a net loss of three manufacturing jobs in the Galway Gaeltacht which is a very poor return— going backwards, no progress. This is a catastrophic situation and demands the attention of the community and the Dáil who have so willingly provided the Minister with millions of pounds. Where has this money been spent? The Dáil is entitled to the fullest information. From local gossip —which is the only way one can get information about the Minister's Department—I believe, and I am informed that over £100,000 has been lost in one factory alone in the Galway Gaeltacht. Where have the other hundreds of thousands of pounds been spent? Has the Minister made any reference to a loss of over £100,000 in his speech in the Dáil today? No: he couched his speech again in the most glowing terms and completely omits to state the hard facts. We are not getting the full story from the Minister for the Gaeltacht.

The enormous sums spent by the Minister on what now seems to have been useless travel abroad and on high entertainment at home have not resulted in the creation of one extra new job in the Galway Gaeltacht. After nearly three years of heavy spending by the Minister, I think it is imperative that a cost-benefit analysis be carried out into the expenditure of Roinn na Gaeltachta and Gaeltarra Éireann. The auditor general must be asked to investigate this affair on behalf of the taxpayers. The Gaeltacht people must be told whether moneys provided by the Dáil for the purpose of providing them with jobs is, in fact, being spent for that purpose.

It is not surprising that Gaeltarra Éireann have been excluded from the list of public bodies to be examined by Members of the Oireachtas. Why the attempt to avoid critical examination of an important public body such as Gaeltarra Éireann? The public are entitled to know if all the industries which receive financial aid from moneys voted by Dáil Éireann are being operated on sound commercial principles. Why has not the Minister informed the Dáil that 17 men in Achill are being kept on in a factory that has been empty for several months past? That factory, naturally, is producing nothing but those men are going to work each day and nothing is being produced. Of course, Achill is in West Mayo and there was a by-election pending and we know the cleasaíocht that went on.

We know Deputy Molloy's cleasaíocht. He came in here telling lies about people and could not substantiate them and now he is at it again.

(Interruptions.)

It is very serious when State funds are used to purchase votes. Last week the Minister was asked what was manufactured in that factory and he refused to give the information. On the 15th July, 1975, I queried statements he had made in reply to parliamentary questions. I was quite specific in the way I put my points but I was not answered by the Minister. After that debate I asked him why he had not answered my question and he said he did not have enough time but promised to give me a reply by letter. Is that not true?

It would be a very foolish man who would say anything to the Deputy.

Despite repeating my request later in July, before the Dáil recessed, I still did not get a reply. In October I wrote to his Department asking for the reply but got no reply to my letter. I subsequently rang the Department and got a reply which was completely unsatisfactory and did not deal with the points I had raised.

More lies.

When challenged on this point by Deputy Colley some time ago the Minister stated that he had replied to my points in the Seanad. I read the Seanad speech and my points were not replied to. The useless letter eventually sent avoided completely the point I was making. What date is on the letter? Cén data atá ar an litir sin? Remember, it was July when I brought up this matter.

(Interruptions.)

Could I have the date of the letter the Minister is waving around? From my parliamentary questions and inquiries I made, I now have a good idea as to the position and it does not correspond with the glowing picture being painted by the Minister and the many public relations people employed on his behalf.

(Interruptions.)

A Leas-Cheann Comhairle, would you protect me, please? This is a very limited debate.

On a point of order, the Parliamentary Secretary had attempted to interrupt Deputy Molloy on 12 occasions and you have remained silent. If anybody on this side had opened his mouth you would have been very quickly on your feet.

The Deputy is charging the Chair at this stage.

(Interruptions.)

Chuala mé an Runaí Parlaiminte ag cur isteach ar an Teachta agus ní dúirt tú focal amháin leis.

(Interruptions.)

Dá mbeadh na Teachtaí ag éisteacht, chloisfidís gur chuir an Chathaoir isteach ar dhaoine a bhí ag cur isteach ar aon duine a bhí ag caint agus gur dhein sé é gach uair.

From my own inquiries I now have a good idea of the present position and it does not correspond with the glowing picture painted so often by the Minister in his many statements and in statements by his public relations people at State expense.

To give an example of the distorted type of information given to this Dáil by the Minister, I need again only quote from the Official Report of 15th July, 1975. On that occasion he mentioned that 11 comhtionscal nua were approved in 1974 and grants were approved for 82 miontionscal in that year. He then stated that at the end of 1974 Gaeltarra Éireann were involved in 46 comhtionscal and 268 miontionscal. He then claimed there was an increase of 80 per cent in the number of comhtionscal and miontionscal that had received assistance from Gaeltarra Éireann since he took office. If that is so, we must add 268 miontionscal with the 46 comhtionscal mentioned which give a figure of 314. If 80 per cent of that figure is equal to 251, it means that the Minister grant-aided 251 companies in the first two-year period of his being in office. If that is so I would ask him to give the Dáil the names of these 251 companies.

I believe that in making that request I am doing the Dáil a service by highlighting the manner in which statistics are being distorted in the statements that emanate from the Department and from the Minister himself. I believe too that he should now state the true position and admit that if he allocates even a £10 grant for a company that he claims this as a new company and adds the same company in again for the purpose of his distorted statistics.

Where are the 251 companies—the 80 per cent he claimed? It is a shame this has been going on for so long and that the Dáil has been treated in that fashion by the Minister. It is time he applied the same standards to his statements as the Minister for Industry and Commerce and the IDA apply to theirs.

I would not want to apply the Deputy's standards.

One would not find this distortion in the claims for progress being made by the IDA. If that authority rescue a company which employs 300, and is in danger of closing, succeed in attracting new principals and form a new company, and if they save those 300 jobs, they do not claim them as 300 new jobs and say that there were 600 jobs involved altogether. They state the bald facts— that they managed through their efforts to save 300 jobs. The Minister is using statistics in a fashion which distorts the true position.

Let the Minister in to reply.

There is not enough time to go into this debate in greater detail. I only examined the Galway Gaeltacht and it is obligatory on the Opposition to study the Galway figures——

(Interruptions.)

Lig don Teachta atá i gceist.

The same position will apply in Donegal, Mayo, Kerry and all the Gaeltachtaí. The Minister has given a list of companies on occasions here and we have shown later that he is claiming as new, companies which have been in existence for several years. Last week he had to admit that a factory, which he claimed on 15th July as having been provided during his period of office, was started in 1963.

Sin mar atá sé anois agus is mór an locht ar an dTeach go bhfuil glactha againn leis an sórt eolais seo ón Aire go dtí seo agus iarraim air a bheith i bhfad Éireann níos macánta leis an Dáil amach anseo lena figiúirí atá á gcur amach ó Ghaeltarra Éireann.

Is trua liom nach bhfuil níos mó ama leagtha amach don díospóireacht seo. Níl ach cúpla rud le rá agamsa. Gheall an tAire anseo tuairim is sé mhí ó shin go mbeadh na deontaisí talmhaíochta a bhíodh le fáil sa Ghaeltacht curtha ar ais arís. Is deontaisí caogadh faoin gcéad iad seo a bhí le fáil ag muintir na Gaeltachta i gcónaí. Níl aon mholadh sa Mheastachán seo go mbeadh na deontaisí seo le fáil.

Rud eile, maidir le cúrsaí báid. Chuir an tAire uaschéim £4,000 ar iasachtaí le haghaidh bád. Ní féidir le duine anois níos mó ná deontas £4,000 a fháil ó Roinn na Gaeltachta cé go mbíodh ocht faoin gcéad den éirlis le fáil ag daoine roimhe seo. Ó thárla go bhfuil báid ag éirí daor fágann sin go bhfuil sé ag teannadh siar ar dheontaisí a bhí le fáil roimhe seo ag daoine sa Ghaeltacht. Rud eile, níl mórán airgid le haghaidh bóithre áise, níl aon ardú ar dheontaisí le haghaidh cúrsaí tigh, níl aon athrú ar an scéim tithíochta agus cé go bhfuil daoine ag tógáil tithe sna Gaeltachtaí tá na tithe daor.

(Cur isteach.)

Tagaimse ón nGaeltacht agus siúd is nach bhfuil ach cúpla nóiméad agam sílim go bhfuil sé de cheart agam mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht cúpla focal a bheith le rá agam. Bheadh níos mó le rá agam ach ab é an asarlaíocht a bhí ar siúl ag an Rúnaí Parlaiminte le leath-uair a chlog.

(Cur isteach.)

Cuireadh agus aontaíodh an Vóta.

Barr
Roinn