den Aire Oideachais an bhfuil sé beartaithe cláracha oiriúnacha do dhaltaí scoile a chraoladh ó Radio na Gaeltachta ag tráthanna oiriúnacha.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cláracha Radio na Gaeltachta.
Cuireadh scéim faoi thriail anuraidh agus craoladh tríocha clár. Bhí costas na scéime níos airde, áfach, ná mar a rabhthas ag súil leis go mór mhór ó thaobh Radio Telefís Éireann dhe. Tá mé i gcomhairle le RTE faoi láthair féachaint céard is féidir linn araon a dhéanamh sa bhliain 1976.
An síleann an tAire go mbeidh toradh fónta ar na cainteanna atá ar siúl aige?
Brathann sé ar a lán rudaí, go mór mhór ó thaobh costais dhe. Tá an rud seo an-chostasach ar fad.
Tá gach rud anchostasach faoi láthair, ach nach bhfuil sé de cheart ag daltaí scoile sa Ghaeltacht an chóir chéanna a fháil agus a gheibheann páistí taobh amuigh den Ghaeltacht chomh fada agus a bhaineann sé le cláracha radio scoile a bheith ar fáil acu?
Is cláracha faoi leith do pháistí Gaeltachta agus páistí scoile lán-Ghaelacha atá i gceist anseo, agus ní radio scoile don tír ar fad.
Ach tá cláracha ar an radio faoi láthair agus le blianta anuas do scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá siad i mBéarla agus, dá bhrí sin, níl siad fóirstineach do scoileanna sa Ghaeltacht. Sé tá mé ag iarraidh ar an Aire ná cláracha oiriúnacha do scoileanna Gaeltachta a chur ar siúl ar Radion na Gaeltachta.
Chuir Radio na Gaeltachta an scéim seo ar bun chun cláracha a chraoladh maidir leis na bunscoileanna sa Ghaeltach agus bunscoileanna lán-Ghaelacha ó leis na bunscoileanna sa Ghaeltacht Cháisc go dtí Meitheamh, 1975, ach bhí na costaisí i bhfad, i bhfad Éireann ró-ard. Bhí suas le míle faoin gcéad d'ardú ar na costaisí a bhí beartaithe i dtosach agus ní feídir linne leanúint ar aghaidh leis sin. Caithfear an cheist go léir a bhreathnú agus tá coiste faoi leith ag breathnú na ceiste sin sa Roinn faoi láthair.
An féidir leis an Aire a rá cé mhéid airgid atá i gceist nuair adeir sé go bhfuil an costas ró-ard? Cé mhéid punt agus pingin atá i gceist?
Nuair a bhí RTE féin ag tabhairt faoin gceist seo cheapadar go ndéanfadh £6,000 an gnó agus bhí an costas níos airde ná £70,000.
An bhfuil sin ró-ard?
Caithfidh an Teachta a mheabhrú cé mhéid treallamh d'fhéadfaimis a úsáid sna scoileanna sa Ghaeltacht dá mbeadh an t-airgead againn.
Tá sin tábhachtach fosta.
Dúirt and tAire i gcás eile go raibh cás speisialta i gceist nuair a bhí scoil Ghaeltachta i gceist agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh sé an t-airgead seo a chur ar fáil mar gur do na scoileanna go léir sa Ghaeltacht atá an t-airgead ag dul?
Bhí an scéim seo ar bun do na scoileanna go léir sa Ghaeltacht. Ní raibh aon idirdhealú á dhéanamh idir scoil amháin agus scoil eile.
An é an Roinn Oideachais a d'íoc as an dtáirgeadh sin an bhliain seo caite?
Ní hé. Sé RTE féin a chuir an rud ar bun—an scéim phíolóta seo.
An n-íocfaí an £70,000?
Pé costas a bhí air is é RTE a íocann é.
RTE a íocann as.
Ceist a 11.
An bhfuil aon rud curtha ar fáil sa Mheastachán i mbliana le haghaidh cláracha mar seo a chraoladh?
Go ginearálta, tá airgead ar fáil le haghaidh cúrsaí teicneolaíochta mar seo.