Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Feb 1976

Vol. 288 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Teanga.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na tograí atá curtha i bhfeidhm aige nó atá le cur i bhfeidhm chun cuidiú le forbairt na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht.

Chun leas na Gaeilge a chur chun cinn táim tar éis Bord na Gaeilge a bhunú le cumhachtaí feidhmiúcháin, cabhair speisialta a cheadú do Shiamsa Tíre, méadú an-mhór a dhéanamh ar na deontais do lucht iostais a choinníonn foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge, agus deontais mhéadaithe a chur ar fáil d'eagrais Ghaeilge, do nuachtáin agus d'irisí Gaeilge agus ar mhaithe leis an gcultúr Gaelach i gcoitinne. Tá an soláthar sa bhliain reatha do na cuspóirí sin níos mó ná dhá uair agus trian de bhreis ar an gcaiteachas sa bhliain 1972-73.

An dtabharfaidh an tAire freagra ar an dara cuid den cheist sin? Cad iad na beartaisí a bhéas ar siúl aige as seo amach? An bhfuil aon bheart pleanáilte aige?

Ba mhaith liomsa a rá ar an gcéad dul síos go bhfuil Bord na Gaeilge bunaithe de réir moltaí Chomhairle na Gaeilge agus tá sé mar dualgas ar an mbord sin polasaí agus pleananna a leagann amach chun an teanga a chur chun cinn. Ní dóigh liomsa gur cóir dom cur isteach orthu ag an bpointe seo.

An é an rud atá an tAire ag rá nach bhfuil sé mar Aire na Gaeltachta chun aon bheartas a dhéanamh, beartas forbartha a chur ar siúl chun an Ghaeilge a fhorbairt taobh amuigh den Ghaeltacht chun go mbeidh tuarascáil ó Bhord na Gaeilge ar fáil aige? Má tá sé ag rá sin, an bhfuil aon eolas aige cén uair a bhéas tuarascáil an bhoird aige?

Tá Bord na Gaeilge bunaithe ar feadh bliana anois. Tá siad ag obair ar an bpolasaí agus ar na pleananna chun an teanga a chur chun cinn. Tá staidéar déanta acu ar mholtaí Chomhairle na Gaeilge agus ag an bpointe seo tá staidéar cruinn á dhéanamh ag Bord na Gaeilge ar an dtuarascáil um thaighde ar dhearcadh an phobail agus, chomh maith leis sin, tá an bord ag cur eagrais agus ceann oifig agus foireann le chéile. Tá stiúrthóir ginearálta ceaptha agus tá foireann dá ceapadh faoi láthair. Tá ceann oifig acu anois i Sráid Liosáin i mBaile Átha Cliath agus cé nach bhfuil an bord bunaithe ach ar feadh bliana amháin níl sé réasúnta bheith ag súil le pleananna chomh luaith sin.

Maidir le bord ar bith, tá sé d'iachall ar Roinn na Gaeltachta obair a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith le taobh istigh di. An é an rud atá á rá anois ag an Aire go bhfuil sé ar stailc agus go mbeidh sé ar stailc chun go mbeidh tuarascáil aige ó Bhord na Gaeilge atá ag plé leis an dtaighde atá déanta ar dhearcadh an phobail i dtaobh na Gaeilge? Go dtí go mbeidh sin go léir cíortha amach ní bheidh faic le déanamh ag an Aire féin nó ag a Roinn.

Maidir leis an dtuarascáil um thaighde ar dhearcadh an phobail do bhí seimineár deireadh seachtaine ag Bord na Gaeilge mí ó shin agus dheineadar staidéar ar an dtuarascáil an-thábhachtach seo agus sílim go mbeidh Bord na Gaeilge ag cur tuarascáil ar fáil dom sar i bhfad.

Síleann an tAire?

Tá mé cinnte——

Tá difríocht idir "sílim" agus "cinnte".

Nach n-aontaíonn an Teachta go bhfuil athrú mór ar pholasaí náisiúnta, go háirithe ar pholasaí an Chomhrialtais i leith na Gaeilge agus tá sé ag súil le "miracles" anois ó Bhord na Gaeilge tar éis cúpla mí——

(Cur isteach.)

Ba cóir go mbeadh an tAire ag súil le moladh amháin uathu taobh istigh de shé mhí eile—rud amháin cinnte.

Tá teagmháil leanúnach agamsa le Bord na Gaeilge agus táim sásta go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill chun pleananna nua a leagadh amach ach caithfimíd bheith réasúnta.

(Cur isteach.)

Tá mise mar Aire na Gaeltachta agus tá Roinn na Gaeltachta freagarthach as ucht an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre ach, chomh maith leis an obair atá á déanamh ag Bord na Gaeilge ar feadh sé mhí nó mar sin agus atá á déanamh acu faoi láthair, tá a lán rudaí ar siúl ar fud na tíre de bharr polasaí an Chomhrialtais chun an teanga a chur chun cinn. Mar adúras anseo, tá deontais tugtha agamsa do Shiamsa Tíre. Is gluaiseacht an-thábhachtach agus an-mhaith í gluaiseacht úd Siamsa Tíre ó thaobh na teanga agus an chultúir de. Chomh maith leis sin, tá méadú mór ar imeachtaí na n-eagraisí deonacha Gaeilge agus tá tacaíocht pearsanta agus tacaíocht ó mo Roinn-se tugtha do na heagraisí sin. Cuir i gcás, i mbliana tá 10,000 daoine óga páirteach i gcomórtas Slógadh.

Ceist a Sé. Gan cur isteach, Ceist a Sé.

Barr
Roinn