Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Apr 1976

Vol. 289 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Work Transfer.

21.

asked the Minister for the Gaeltacht the amount of the work of his Department that has been moved to Na Forbacha in the Galway Gaeltacht as announced by him on 14th June, 1974; and the number of staff transferred.

Is nuair a bheidh oifig nua tógtha a aistreofar obair agus foireann go dtí Na Forbacha.

22. D'fhiafraigh

Mrs. Geoghegan-Quinn, Mr. Faulkner, Mr. Tunney, Mr. Molloy, Ruairí Brugha, Mr. Meaney, Mr. J. O'Leary. Mr. Gallagher, Mr. Breslin

agusMr. C. Murphy d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas ar an atheagar a bhéas ar Údarás na Gaeltachta i gcomparáid lena raibh geallta aige cheana féin chun go nglanfaidh sé an míshuaimhneas agus an imní a d'éirigh ón agallamh a thug sé ina thaobh.

D'fhonn aon mhíthuiscint maidir le hÚdarás na Gaeltachta a ghlanadh chuir mé ráiteas amach ar an 2 Márta agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairise Oifigiúil é.

Dhearbhaigh mé sa ráiteas sin nach bhfuil athrú ar chinneadh bunúsách an Rialtais go mbunófar an tÚdarás. Nuair a bheidh an Bille chun é sin a dhéanamh os comhair na Dála beidh deis ag Teachtaí gach gné de a bhreithniú go mion agus beidh mé féin ag éisteacht go cúramach lena gcuid tuairimí.

Seo a leanas an ráiteas:

Is trua gur tharla mearbhall agus tuairimíocht faoin Údarás Gaeltachta atá beartaithe: is amhlaidh a thug mé agallamh le déanaí do Radio na Gaeltachta agus craoladh sleachta as ar chlár "This Week" an Domhnach seo caite.

Is mian liom a dhearbhú nach bhfuil athrú ar bith ar chinneadh bunúsach an Rialtais go mbunófar Údarás na Gaeltachta.

Le linn agallaimh fhorleathain le tuairisceoir ó Radio na Gaeltachta Dé Sathairn seo caite, thug mé go hoscailte agus go macánta léargas ar na fadhbanna praiticiúla a bhí le sárú agam, mar Aire na Gaeltachta, chun Údarás éifeachtacht Gaeltachta a bhunú a mbeadh fonn ar mhuintir na Gaeltachta féin glacadh leis, agus go háirithe an fhadhb a bhain le hÚdarás a leagan amach a dhéanfadh deimhin de go mbeadh cabhair ar fáil ag na heagrais phobail—na comharchumainn agus na cumainn fhorbartha éagsúla a bhfuil sárobair á déanamh acu cheana féin ar mhaithe leis na comhluadair áitiúla—i dtreo go mbeadh na heagrais sin in ann obair níos fearr fós a chur i gcrích. Ag druidim le deireadh an agallaimh dúirt mé go soiléir go mbunófaí Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo.

Is é an rud is tábhachtaí domsa mar Aire na Gaeltachta ná Údarás a leagan amach a chuirfidh ar chumas na ngnáthdhaoine sna comhluadair áitiúla i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta páirt iomlán a ghlacadh i bhforbairt eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a ndúiche féin. Bhí an méid sin mar phríomhaidhm an bheartais atá agamsa don Ghaeltacht ó ceapadh mar Aire mé agus beidh sé mar phríomhaidhm agam agus an reachtaíocht d'Údarás na Gaeltachta á hullmhú agam. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ar chumas na n-eagras áitiúil a d'fhás go nádúrtha ar fud na Gaeltachta le tamall de bhlianta anuas leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar siúl acu; le lántacaíocht an Rialtais tá feabhas iontach á chur ar shaol na Gaeltachta ag na heagrais sin i gcónaí agus ní cóir cur isteach ar a deashaothar sin trí structúr nua polaitiúil nach bhfuil gá ar bith leis a thabhairt isteach— structúr nach bhféadfadh ach easaontas a chothú agus nach mbeadh ag teacht ar chor ar bith le sprid na comharaíochta i measc an phobail. Tar éis dom bheith ag obair i dteannta le muintir na Gaeltachta agus ar a son le trí bliana anuas táim sásta gurb é an saghas údaráis is fearr a bheidh in ann freastal ar a gcuid riachtanas ná Údarás a mbeidh feidhmeanna chomh leathan agus is féidir aige i gcúrsaí forbartha agus a bheidh ag obair faoi agus i gcomhar leis na hinstitiúidí daonlathacha Stáit atá againn.

An féidir leis an Aire a rá cathain a d'fhógair sé an tÚdarás ar dtús?

Dhá bhliain ó shin —timpeall mí na Márta nó mí Aibreán, 1974.

D'fhógair tú anseo é mí na Márta dhá bhliain ó shin.

Chomh fada agus is cuimhin liom—nach é sin Márta, 1974?

Fógraíodh é roimhe sin.

I mí na Márta, 1974?

Sea. An féidir leis an Aire a rá cén fáth gur fhógair sé ansin é muna raibh sé cinnte go mbeadh sé ar fáil, abair, taobh istigh de bhliain amháin ar a laghad?

Ní holc an rud é beartas mar sin a fhógairt mar bhaineann an ceist seo le muintir na Gaeltachta i ngach áit, le coistí Gaeltachta, le comharchumain agus gach rud mar sin ann. Thug an "interim period" deis do na daoine sin agus na heagrais sin breithniú ar an scéal agus tuairimí a thabhairt dom agus thug sé níos mó ama ná mar a bhí mise ag súil leis ag an am sin.

An n-aontódh an tAire go ndúirt sé i dtosach na bliana seo caite, 1975, go raibh an Bille ullamh aige ach go raibh sé tar éis é a chur timpeall ar na Ranna eile féachaint an raibh siad sin sásta leis?

Tá sin déanta agam. Tá tuairimi na Ranna eile faighte agam le tamall. Bhí an Bille réidh, leagan an Bhille réidh, agamsa ach tar éis athsmaoineamh a dheanamh ar an scéal go háirithe nuair a bhi tuairimí éagsúla os mo chomhair ó choistí Gaeltachta, ó chomharchumainn agus ó eagrais Ghaeltachta bhí mé sásta go mba chóir domsa an Bille a athscrúdú agus tá sin á dhéanamh againn.

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil difríocht ann anois tar éis an athscrúdaithe sin ar an rud a d'fhógair sé anseo i mí na Márta, 1974?

Níl aon athrú ar chinneadh bunúsach an Rialtais. Dúras ag an am sin nuair a bhí an díospóireacht sin os comhair na Dála i mí na Márta, 1974 go mbeadh an tÚdarás bunaithe díreach de réir moltaí Gníomh don Ghaeltacht. Is féidir liom a rá ag an bpointe seo tar éis athsmaoineamh agam agus tar éis tuairimí a fháil nach mbeidh an Bille seo nó an tÚdarás seo díreach de réir moltaí ach beidh feabhas air.

Bhuel, sin é an rud anois. Tá an tAire tar éis a admháil anois nach mbeidh sé mar an gcéanna leis an rud a fhógair sé.

D'úsáid mé an focal "díreach".

Is cuma. Ní bheidh sé mar an gcéanna. Sin é an rud atá ann. An n-adhmhódh an tAire anois go ndúirt sé ar an radio nach mbeadh aon athrú ann, go mbeadh sé díreach mar a cheap sé?

No. Dúras nach mbeidh athrú ar chinneadh bunúsach an Rialtais go mbunófar an tÚdarás.

An bhféadfadh an tAire a insint dom an mbeidh an tÚdarás atá beartaithe aige anois agus go bhfuil atheagar déanta air an mbeidh sé sin daonlathach? An dtoghfar na hoifigí air go daonlathach?

Cad é an bhrígh atá ag an Teachta le "daonlathach"?

"Democratic" go dtoghfadh muintir na Gaeltachta iad.

Beidh sé i gceist sa Bhille. Beidh deis againn an cheist a phlé anseo. Ní údarás polaitiúil a bheidh i gceist. Dúirt mé é sin.

Cén céatadán de na hoifigí a bheidh ar an Údarás a thoghfar go daonlathach?

Beidh sé i gceist agamsa. Beidh sé i gceist sa Bhille agus ansan beidh deis againn an cheist a phlé anseo ach, mar adúras, tá athsmaoineamh déanta agam agus chuir mé tuairmí mhuintir na Gaeltachta san áireamh agus cuirfear an Bille os comhair na Dála. Beidh ormsa ar an gcéad dul síos an Bille seo a chur os comhair an Rialtais chun ceisteanna mar sin a phlé.

Chuir mé ceist an-simplí ar an Aire. Cén céatadán de na hoifigí ar an Údarás seo a thoghfas muintir na Gaeltachta go daonlathach? Sin é bun-phrionsabal Údarás——

Ní hé. Tá a lán rudaí eile a bhaineann leis an Údarás. Níl ansin ach aspect amháin.

Níor fhreagair an tAire an cheist. Cén céatadán de na hoifigí ar an Údarás a thoghfas muintir na Gaeltachta?

Beidh sé i gceist go dtóghfar cuid de na comhaltaí.

Cuid de na comhaltaí?

Sé sin, members of the board.

A leath, trí cheathrú?

Toghfar cuid de na comhaltaí.

Cuid? Cad is ciall leis an bhfocal sin "cuid"?

Bhí sé i gceist ar dtús nuair a bhíomar ag plé na ceiste anseo go mbeadh trian ann—one third a thoghfaidh muintir na Gaeltachta. Ní bheidh an scéal mar an gcéanna sa Bhille. Mar adúras mar fhreagra geinearálta don Teachta Tunney beidh an tÚdarás níos fearr ná an tÚdarás a bhí i gceist san tuarascáil i dtaobh na Gaeltachta. Baineann sé sin leis na cumhachtaí.

Nuair adeireann an tAire go mbeidh an tÚdarás anois níos fearr an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh sé níos fearr de bhrí go mbeidh níos mó de na hoifigí á dtoghadh ag muintír na Gaeltachta?

Beidh an tÚdarás níos fearr ó gach taobh de.

An féidir leis an Aire a rá chomh fada leis na hathruithe atá á ndéanamh aige ar thárla siad ag éirí as iarraitas nó moladh mhuintir na Gaeltachta nó iarratas nó moladh an Aire?

Tá mé tar éis na céadta tuairimí a fháil.

Más ag éirí as moltaí mhuintir na Gaeltachta atá na hathruithe á ndéanamh, tá mé sásta.

Moltaí na n-eagras éagsúla ar fuaid na Gaeltachta agus——

Cé hiad na daoine sa Ghaeltacht a bhéas deis acu bheith ar an Údarás seo—daoine ón bhFíorGhaeltacht, ón mBreach-Ghaeltacht?

Ba mhaith liom an cheist sin a fhreagairt mar is ceist anthábhachtach í. Ba mhaith liom a rá óm thaobhsa dhe nach n-aithním féin ach Gaeltacht amháin, sé sin, an Ghaeltacht oifigiúil atá leagtha amach faoi Achtanna an Oireachtais seo.

Barr
Roinn