Tairgim:
Go dtabharfar cead Bille dá ngairtear Acht do bhunú Bord, ar a dtabharfar Bord na Gaeilge, d'fhonn leas na Gaeilge a chur chun cinn agus, go háirithe, a húsáid mar theanga bheo a leathadh i measc an phobail, do shainiú comhdhéanamh, cumhachtaí agus dualgais an Bhoird agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe eile a bhaineann leis na nithe sin a thabhairt isteach.