d'Aire na Gaeltachta ar tugadh aon ghealltanas do mhuintir Bhaile Mhac Óda, Contae Chorcaí faoi aitheantas Gaeltachta a thabhairt don cheantar; cathain a tugadh é; agus cén dul chun cinn atá déanta ó shin faoi.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aitheantas Gaeltachta.
Is amhlaidh atá ráite go minic agam go mbím sásta breithniú báúil a dhéanamh ar eolas sonrach faoi úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra a bheith á leathnú le blianta beaga anuas in aon cheantar agus, má léirítear dom gur Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, go molfaidh mé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht. Beidh an-áthas orm nuair a bheidh muintir Bhaile Mhac Óda in ann é sin a léiriú.
An nglacfadh an tAire gur thug sé an gealltanas seo do mhuintir Bhaile Mhac Óda agus mé féin i láthair agus fó-thoghachán eile ar siúl—go raibh sé féin dóchasach go mbeidís istigh sa Ghaeltacht taobh istigh de bhliain?
Agus táispeánadh ar an dteilifís é.
(Cur isteach.)
Bhí an Teachta i láthair maidin Domhnaigh amháin ós cóir an tséipéil i mBaile Mhac Óda agus bhí an Teachta ag éisteacht liom agus séard adúirt mé gur mhol mé go poiblí an t-iarracht íontach a bhí á déanamh ag muintir Bhaile Mhac Óda, Ghort Rua agus Chill Iaith chun an teanga a chur chun cinn arís agus go mbeinn sásta cabhrú leo agus go raibh mé dóchasach dá leanfaidís ar aghaidh leis an iarracht sin go mbainfidís amach an aidhm a bhí acu, sé sin, a bheith aitheanta arís fé mar a bhí siad fadó mar Fhíor-Ghaeltacht agus tá dul chun cinn íontach déanta ó shin. Rinneamar suirbheíreacht ann bliain ó shin. Bhí sé soiléir go raibh dul chun cinn an-mhaith déanta. Tá siad ag leanúint ar aghaidh leis na ranganna Gaeilge arís i rith an Gheimhridh agus tá mé dóchasach go mbeidh an t-aitheantas tuillte acu sar i bhfad.
Admhaíonn an tAire gur thug sé gealltanas dóibh go dtabharfadh sé cúnamh dóibh ar a laghad. Ar mhiste leis a rá cén cúnamh a thug sé do mhuintir na háite sin ó shin i leith?
Chuaigh mé ann agus thug mé misneach dóibh. Thug mé gach cabhair agus tacaíocht dóibh.
That does not make a Gaeltacht of it. The Minister is sitting with people who hate Irish.
(Cur isteach.)
Tá an Teachta O'Brien agus an Teachta FitzGerald in a suí in aice leis an Aire.
Is cuimhin liom go maith an mhaidin sin nuair a bhí an bheirt againn ós cóir an tséipéil agus dúras gur mór an trua é agus gur chúis bhróin í an slí in ar lig Rialtas Fhianna Fáil an Ghaeilge a lagú sa cheantar áirithe sin.
Is é an bealach is fearr chun misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus chun an Ghaeilge a choinneáil beo ná go ndéanfadh an tAire féin a ghnó tré Ghaeilge. Thug sé droch-shompla mar ní dheineann sé a ghnó féin tré Ghaeilge.
Sin ceist eile. Ceist a 10.
Is ceist í sin.
Tá somplaí i bhfad níos fearr tugtha agamsa mar Aire do mhuintir na Gaeltachta ná mar a thug Rialtas Fhianna Fáil ar feadh 34 bliana.
An bhfuil sé fíor nár dhein an tAire a ghnó tré Ghaeilge?
Trom agus éadrom.
Is aisteach an rud é nuair a bhí mé thiar i gCor na Móna ar an Luan——
D'fhógair mé ceist a 10.
An bhfuil an tAire sásta——
Ceist a 10.
Tá trick-o'-the-loopery anseo.
Tá an Teachta ar buile——
Nílim ar buile ach nílim ag fáil freagra.
Bí ciúin anois.