d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon chúis faoi leith ann nach bhfuil ardú sna meastacháin i mbliana le haghaidh caiteachais reatha do Ghaeltarra Éireann.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caiteachas Ghaeltarra Éireann. ...
6. D'fhiafraigh
Cé gur mar an gcéanna an soláthar le haghaidh caiteachais reatha Ghaeltarra Éireann sna meastacháin anuraidh agus i mbliana tá níos mó airgid ar fáil do Ghaeltarra lena chaitheamh ar chostais reatha na bliana seo ó tharla go raibh fiacha áirithe le glanadh i dtús na bliana seo caite.
Bhí mé féin ag ceapadh go mb'fhéidir go mbeadh leathnú ar imeachtaí Gaeltarra Éireann i mbliana agus sin é an fáth go raibh díomá orm nach raibh aon ardú sa mhéid airgid a bhí curtha i leataobh.
£850,000 an soláthar do chaiteachas reatha Ghaeltarra ins na Meastacháin do 1976 agus 1977 araon. Tá beagnach £100,000 breise ar fáil lena chaitheamh acu i mbliana ó thárla go raibh rotharraingt £94,722 le glanadh ag Gaeltarra i dtús 1976.